Géarchéim dhiúracáin Chúba na ré seo linn

Níl aon slí gur féidir glacadh leis go bhféadfadh tír amháin cuid de thír eile a ghabháil agus ansin cogadh núicléach a bhagairt nuair nach ligtear di í a choimeád

Géarchéim dhiúracáin Chúba na ré seo linn

Is í seo géarchéim dhiúracáin Chúba na linne seo. Scríobh mé san alt deireanach agam ar Tuairisc nach raibh ach dhá chárta fágtha le himirt ag Vladimir Putin – cogadh eacnamaíochta leis an Eoraip an gheimhreadh seo chugainn agus an cárta núicléach. Ach ó scríobh mé an méid sin chuaigh cúrsaí in olcas arís don Rúis sa chogadh. Tar éis dá fórsaí teitheadh as ceantar Kharkiv rinne siad iarracht líne chosanta nua a bhunú ar abhainn an Oskil ach theip ar an iarracht sin agus d’éirigh leis na hÚcránaigh an abhainn a thrasnú agus brú ar aghaidh isteach i réigiún Luhansk. Is é gabháil Luhansk agus Donetsk, an dá chúige a dhéanann suas an réigiún ar an dtugtar Donbass, an rud is lú a d’fhéadfadh Putin a dhíol le muintir na Rúise mar ‘bua’ de chineál éigin.

Is léir anois nach bhfuil ar a chumas é sin a bhaint amach le cur chuige míleata coinbhinsiúnach agus go bhfuil seans maith ann go gcaillfidh sé fiú an chuid de na cúigí sin a bhí i seilbh sheachfhórsaí na Rúise ó 2014.

Níl am ag Putin anois fanacht ar an ngeimhreadh ag súil go gur i laige a rachaidh toil pholaitiúil an iarthair agus mar sin tá a chárta deireanach á imirt aige – an bhagairt núicléach. Tá gairm shlógaidh theoranta fógartha aige freisin ach tá amhras ar shaineolaithe míleata ag an bpointe seo an sábhálfaidh sin é ó thubaiste mhíleata. Níl mórán fianaise ann ach oiread go mbeadh fonn ar an oiread sin fir óga sa Rúis bás á fháil ar son ar son aisling impiriúil Putin.

Níl seans ar bith go ngéillfidh an Úcráin don bhagairt go n-úsáidfear airm núicléacha. Ní cheadódh a mhuintir féin don Uachtarán Volodymyr Zelensky géilleadh fiú dá mba mhian leis sin a dhéanamh. Más ag iarraidh an cárta núicléach a imirt chun stop a chur leis na hÚcránaigh atá Putin, beidh air an bhagairt sin a chur i bhfeidhm.

An oibreoidh an bhagairt núicléach i gcoinne an Iarthair? Ní chreidim go n-oibreoidh, go háirithe i gcás Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden a bhfuil súil aige ar a oidhreacht agus na leabhair staire. Níl aon amhras ach go mbeidh cás JFK agus géarchéim diúracáin Chúba i gcúl a chinn aige.

Níl aon slí gur féidir leis an Iarthar glacadh leis go bhféadfadh tír amháin cuid de thír eile a ghabháil agus ansin cogadh núicléach a bhagairt nuair nach ligtear di í a choimeád, go háirithe agus oiread cúnaimh agus tacaíochta tugtha ag tíortha an iarthair don Úcráin. Bhí Putin mícheart faoi thoil agus faoi chumas na hÚcráine cur ina choinne, bhí sé mícheart faoi thoil pholaitiúil an Iarthair aontú ina choinne agus tá botún mór eile á dhéanamh aige má chreideann sé gurb é an toradh a bheidh ar chaitheamh deireanach an dísle aige ná go ngéillfear dó.

Ach ar an dtaobh eile den scéal ní féidir le Putin é féin géilleadh anois mar nach bhféadfadh a réimeas teacht slán óna leithéid de náiriú.

B’fhéidir áfach nach bhfuil a chiall caillte go hiomlán ag Putin agus gur ag glacadh seasamh crua atá sé ar mhaithe le lámh níos láidre a bheith aige chun margadh a dhéanamh maidir leis an Úcráin. Is cinnte nach mbeidh an Tuirc agus an tSín agus an India sásta lena bhagairtí núicléacha agus beifear i mbun iarrachtaí idirbheartaíochta ar chúla téarmaí d’fhonn slí amach as an tsáinn a fháil do gach dream. Tá sé deacair a fheiceáil faoi láthair conas a d’fhéadfaí teacht ar réiteach a mbeadh gach dream ábalta glacadh leis, ach d’éirigh le George Mitchell éacht dá leithéid a dhéanamh i dTuaisceart na hÉireann agus dar ndóigh seachnaíodh cogadh núicléach i ngéarchéim Chúba.

Táim cinnte go bhfuil taidhleoirí i dtíortha éagsúla i mbun oibre ar sheifteanna éalaithe éagsúla cheana féin.

Má tá a chiall caillte go hiomlán ag Putin agus má bheartaíonn sé dul ar aghaidh le húsáid airm núicléacha ardaíonn sin an cheist an leanfar a orduithe? An mbeidh ceannairí míleata na Rúise sásta a dtír agus a muintir féin a chur i mbaol? An dtiocfadh córas polaitiúil na Rúise féin slán ón gcroitheadh a bhainfí as ag a leithéid de ghníomh díchéillí dainséarach damanta? Is rud amháin é do mhuintir na Rúise leanúint ar aghaidh lena ngnáthshaol agus a bheith dall ar an sléacht atá ag tarlú san Úcráin, ach tuigfidh gach mac máthar acu an bhagairt dóibh féin má sháraíonn Putin an gheis núicléach. Ba chuma sa chás sin cén bholscaireacht a dhéanfaí ar na meáin stáit.

Bíonn sé an-deacair titim réimeas uathlathach a thuar ón taobh amuigh, ach uaireanta tarlaíonn na rudaí seo an-tapa ar fad. Is cinnte go bhfuil míonna cinniúnacha agus dainséaracha amach romhainn.

I gceann leathchéad bliain beidh leabhair á scríobh, agus cláracha faisnéise agus scannáin á ndéanamh faoi ghéarchéim núicléach na hÚcráine sa bhliain 2022.

Má bheirtear beo orainn ag an am sin.

Fág freagra ar 'Géarchéim dhiúracáin Chúba na ré seo linn'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ná dearúdtar tollmhóire agus Ego an duine, dhá thréith atá i ngreim docht daingean i Putin. Is de dheasca na dtréithe sin a rinneadh treascairt agus lomscrios ar an-chuid riamh anall agus is amhlaidh atá i gcónaí. Leánn an phoimp agus an chumacht agus an mór-is-fiú ar fad ón duine agus tuigtear dó, de mhaoil an mhaige amach, nach bhfuil sé os cionn cách uile a thuilleadh mar a cheap sé…. gur duine mar chách é siúd leis. Cuirtear ar a shúile dó, ina lom-ainneoin féin, gur duine lag, leochaileach, léanmhar eile é féin leis ar thalamh na cruinne seo.
    Chomh ‘maith’ le cách. Tá deireadh déanta anois leis an éirí in airde agus leis an nglamaíl bhagarthach. Tá an duine, mar bhí, fágtha ina chadhain aonraic, ina chloch thráite. Ní hé an t-éadach ná an phramsáil ná an ghalamaisíocht an fear níos mó. Ní gá ach srachfhéachaint a thabhairt ar stair an dara cogadh domhanda (agus mórán staireanna eile). Nuair ba léir do Hitler go raibh a ré rite, d’ordaigh sé blitzkrieg ar a raibh fágtha de chathracha agus de bhailte na Gearmáine féin, d’fhonn is ná beadh seilbh ag an namhaid ar faic ach an smionagar agus an brúscar. Gach aon rud a thógfadh tine cuireadh tine leis. Chuir sé lámh ina bhás féin go gairid ina dhiaidh sin. Cé déarfadh nach ‘scriosúnach’ (seachas gealt..) eile den sórt céanna é Putin?