Gearán le déanamh le CLG maidir le maslaí ciníocha a caitheadh le dalta Gaeltachta

Tharla an eachtra le linn cluiche peile idir Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Meánscoil Iognáid Rís as an Nás ag deireadh na míosa seo caite

Gearán le déanamh le CLG maidir le maslaí ciníocha a caitheadh le dalta Gaeltachta

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá sé i gceist ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne gearán oifigiúil a dhéanamh le Cumann Lúthchleas Gael faoi mhaslaí ciníocha a tugadh d’imreoir dá gcuid le linn cluiche peile scoile.

Tá sé ráite ag an scoil gur mhaslaigh cuid de lucht tacaíochta Mheánscoil Iognáid Rís as an Nás an t-imreoir le linn an chluiche agus gur maslaí a bhain lena chúlra iad.

Ag deireadh mí Mhárta a bhí cluiche leathcheannais na hÉireann idir foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Meánscoil Iognáid Rís ach dúradh nach raibh an scoil Ghaeltachta, a chaill an cluiche sin,  ag iarraidh gearán a dhéanamh faoin eachtra go dtí go mbeadh cluiche ceannais na hÉireann imeartha.

Chaill Meánscoil Iognáid Rís cluiche ceannais Chorn Uí Ógáin Dé Sathairn seo caite agus tá gearán oifigiúil déanta anois ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne faoin eachtra. Ag labhairt dó ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt príomhoide na scoile agus bainisteoir na foirne peile, Éamonn Fitzmaurice, gur theastaigh uathu an scoláire a chosaint agus seasamh a thógáil i gcoinne an chiníochais. Tharla a leithéid cheana don imreoir céanna i gcluichí eile in aghaidh foirne eile, a dúirt an bainisteoir.

“Tá a fhios agam go bhfuil sé seo tarlaithe dó, ní ag imirt leis an bPobalscoil, ach ag imirt in áiteanna eile,” arsa Fitzmaurice. “Tá sé in am seasamh a thógaint agus tá muid chun an seasamh a thógaint.”

Dúirt Fitzmaurice nár chuala sé na maslaí le linn an chluiche agus é ar an dtaobh eile den pháirc ón gcuid sin den slua agus cé gur tugadh le fios dó ag leath ama go raibh a leithéid ag tarlú, dúirt sé nár thuig sé cé chomh holc agus a bhí na maslaí go dtí ina dhiaidh sin.

“Chuaigh cuid de shlua Nás na Rí thar an líne [thar fóir], ach go háirithe ag díriú ar dhuine amháin ar bhonn a náisiúntachta. Bhí sé sin go hiomlán mícheart agus tá ciníochas ag baint leis sin.”

Mheas Fitzmaurice nár thug an t-imreoir féin mórán airde ar an slua ach go raibh an eachtra uile dian ar a thuismitheoirí, a bhí suite san ardán ag an gcluiche.

Dúirt Páidí Ó Muircheartaigh, a bhí i láthair ag an gcluiche chun tacú leis an bPobalscoil, go raibh an t-atmaisféar ag an gcluiche “dubh dorcha” agus mhaígh sé go raibh suas le leathchéad duine de chuid lucht tacaíochta Mheánscoil Iognáid Rís páirteach san eachtra.

Dúirt Fitzmaurice gur fhan an scoil go dtí anois chun an gearán a dhéanamh mar nach raibh siad ag iarraidh go gceapfadh daoine go raibh baint ag toradh an chluiche leis an ngearán.

“Bhuaigh an fhoireann is fearr ar an lá. Níor chuir an rud a bhí ar siúl isteach ar thoradh an chluiche in aon slí agus níor theastaigh uainn go mbeadh rud mar sin ar siúl roimh an gcluiche ceannais,” arsa Fitzmaurice.

“Teastaíonn uainn dul tríd na bealaí oifigiúla chun a dhéanamh cinnte nach bhfuil sall agus anall i gceist sna meáin nó ar na meáin shóisialta, rud a tharla leis. Teastaíonn uainn an rud a dhéanamh i gceart. Teastaíonn uainn cosaint a thabhairt don imreoir, cosaint a thabhairt do scoláire scoile, chun a chinntiú nach bhfuil éagóir á déanamh air, nach bhfuil cos ar bolg déanta ar an duine sin, ná ar a chlann.”

Fág freagra ar 'Gearán le déanamh le CLG maidir le maslaí ciníocha a caitheadh le dalta Gaeltachta'

  • micheal O'Baoill

    Aontaim go huile agis go hiomlan.
    mb
    i dTalamh an Eisc
    i gCeanda.