Gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Coimisiún na Meán faoi mhír faoin nGaeilge ar Virgin Media

Tharraing cuid de chaint agus iompar Ivan Yates agus Brian Dowling le linn na míre faoin nGaeilge conspóid ar na meáin shóisialta

Gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Coimisiún na Meán faoi mhír faoin nGaeilge ar Virgin Media

Tá gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Coimisiún na Meán maidir le mír faoin nGaeilge a craoladh ar chlár cainte ar Virgin Media One.

Tharraing cuid de chaint agus iompar Ivan Yates agus Brian Dowling le linn na míre faoin nGaeilge ar The Six O’Clock Show Déardaoin seo caite conspóid ar na meáin shóisialta.

Bhí na craoltóirí Síle Seoige agus Ivan Yates mar aíonna ar an gclár agus ba í an Ghaeilge ceann de na hábhair a bhí faoi chaibidil.

Le linn an phlé, dúradh go raibh duine de láithreoirí an chláir, Fionnuala Jones, ag athfhoghlaim na Gaeilge agus d’fhiafraigh an láithreoir eile, Brian Dowling, de Yates an raibh aon Ghaeilge aige. D’fhreagair Yates i nGaeilge nach raibh “focal ar bith” aige. Dúirt sé ansin i mBéarla, “I couldn’t be arsed to learn Irish”. Ag an bpointe sin, d’éirigh Dowling den tolg chun lámh a chroitheadh le Yates.

Dúirt Yates ansin nach raibh ach 16,000 duine sa tír atá in ann an Ghaeilge a labhairt “go nádúrtha”, in ainneoin “an t-airgead uile” a chaitear uirthi.

De réir an daonáirimh is déanaí, labhraíonn 71,968 duine sa Stát an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. 195,029 duine, nó 3.9% de dhaoine os cionn trí bliana d’aois sa stát, a thug le fios i nDaonáireamh 2022 go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu.

Nuair a rinne Síle Seoige píosa cainte i nGaeilge ar a taithí ar an nGaeilge mar theanga bheo, d’fhiafraigh Dowling di, “Are we going to get subtitles at some point?”

Nuair a scaipeadh físeán den eachtra ar na meáin shóisialta, léiríodh an-chuid míshástachta maidir le meon agus iompar Dowling agus Yates. Roinn The Six O’Clock Show an mhír ar na hardáin Instagram agus X, mar a thugtar anois ar Twitter, ach baineadh anuas í ansin.

Ar eagrán den The Six O’Clock Show Dé Máirt, thagair Dowling don chonspóid agus dúirt sé gur léirigh sé a “thuairim phearsanta” bunaithe ar “a thaithí féin”. Dúirt sé gur “a place of inclusion, a place of love and definitely a place of laughter” sa bhí sa chlár.

Agus í faoi agallamh san Irish Independent, dúirt Síle Seoige, ar cainteoir dúchais Gaeilge as Conamara í, nár chuir an mhír isteach nó amach uirthi mar go raibh sí bréan de bheith ag éisteacht leis na hargóintí céanna faoina teanga.

Mheas sí gur ag iarraidh a bheith greannmhar a bhí Dowling ach gur údar díomá é go bhfuil daoine ann go fóill a bhfuil drochmheas acu ar an teanga.

Bhí Conradh na Gaeilge i measc na ndaoine a mheas gur caitheadh go maslach agus go míchothrom leis an nGaeilge ar an gclár agus tá gearán oifigiúil déanta acu le Coimisiún na Meán faoin mír. D’iarr siad ar Virgin Media leithscéal a ghabháil.

Ní hé seo an chéad uair ag Ivan Yates conspóid a tharraingt air féin de bharr a chuid tuairimí faoin nGaeilge. In 2018, thug sé “sceimhlitheoirí cultúir” ar Bhláthnaid Ní Chofaigh agus cainteoirí Gaeilge eile, ach dhiúltaigh an BAI do ghearán a rinne Conradh na Gaeilge ag an am mar gur measadh gur ag iarraidh díospóireacht a spreagadh a bhí Yates.

Mheas Yates féin go raibh an t-ádh leis nár éirigh leis an ngearán.

Fág freagra ar 'Gearán déanta ag Conradh na Gaeilge le Coimisiún na Meán faoi mhír faoin nGaeilge ar Virgin Media'

  • Aingeal Uí Dhufaigh

    Náireach, an drochmheas a thaispeáin an bheirt sa phíosa seo. Aineolach amach ‘s amach.

  • Séamus ó Coscair

    Tá an ceart acu, masla ollmhór a bhí ann.

  • Siobhan De Burca

    An ceart ar fad acu.

  • Seán Ó Domhnaill

    Is fada dearcadh maslach i leith na Gaeilge ag Virgin Media agus stáisiúin tráchtála eile. Ní maith leo go bhfuil maoiniú a fháil ag na meáin Ghaeilge.

  • Eoghan Ó Néill

    Iontach an rud go ndúirt Ivan ‘ I couldn’t be arsed learning Irish’ mar léiríonn sé an droch-mheas de chuid na nAnglos i leith na teanga agus ní i leith na gaeilge amháin ach i leith teangacha eile fosta, amharc na gringos i leith na Spánaise etc. Spreagadh atá de dhíth chun an ghaelig a chur á labhairt níos leithne agus ár mbuíochas do Ivan etc. as sin!

  • Conchubhair Mac Lochlainn

    An ábhair íontais é nár bhac Yates a thóin rud éicint a fhoghlaim, agus cur amach ‘s aige ar biz org, cuntasóireacht agus Mata ar eolas againn cheana? Fair play do pé té uasal a mhúin tíreolaíocht dó, áfach… Bhí sé breá ábalta an Bhreatain Bheag a aimsiú agus gá aige…

  • Kathleen Keane

    Is maith liom Brian go hiondúil ach sa gcás seo ní raibh gá ar bith dó a bheith chomh diúltach in aghaidh ár dteanga dúchasach.

  • Rossa Ó Snodaigh

    Dá mbeadh chuile pháiste ag foghlaim Trí Ghaeilge ní bheadh leithéidí Ivan Yeats ann

  • jpmorley0@gmail.com

    Niúidí neáidí agus scaothaire sotalach eile is ea an Yeats seo. N’fheadar cén cú a chac é nó cén madra a bhaist é? Ní háirím an paidhseán gan ghus a bhí ar aon tuairim leis. Ní fhaca an clár agus ní béas liom féachaint ar aon rud a thagann ón Virgin neamhgheanmnaí sin!

  • Pól Ó Braoin

    Seoinín eile nach mbreathnóidh mé air nó nach n-éistfidh mé go deo leis. Nuair a aireoidh mé seó nó clár ar bith a bhfuil a ainm luaite leis beidh an “off switch” ag oibriú. Dá ndéanfadh gach Éireannach amhlaidh ní fada go n-imeodh a leithéide ón aer.