Gealltanas faoi bhád nua d’oileán Thoraí curtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta ar an tuiscint nach mbeadh aon airgead breise ar fáil dó

Cuireadh tagairt do bhád nua d’oileán Thoraí isteach sa Phlean Forbartha Náisiúnta cúpla lá roimh a sheoladh  ‘on the strict understanding’ nach mbeadh aon airgead breise á chur ar fáil dó

Gealltanas faoi bhád nua d’oileán Thoraí curtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta ar an tuiscint nach mbeadh aon airgead breise ar fáil dó

Cuireadh gealltanas maidir le bád farantóireachta nua a thógáil d’Oileán Thoraí isteach sa Phlean Forbartha Náisiúnta ag an nóiméad deireanach ar an tuiscint nach mbeadh aon airgead breise ar fáil dá leithéid.

Ba ar an 13 Feabhra, agus bailchríoch á cur ar an bplean a seoladh cúpla lá ina dhiaidh sin, a cuireadh an tagairt isteach do bhád nua d’oileán Thoraí i ndiaidh d’Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an cheist a phlé leis an Aire Airgeadais Paschal Donohoe.

De réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, rúnaí cúnta sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a d’iarr ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhféadfaí cur leis an mír faoi infreastruchtúr mara sa phlean.

“Further to our phone call, and following discussion between our Minister of State and your Minister this morning, I am forwarding amended text below for inclusion in the NDP to replace the last line in the paragraph headed Investment in island marine infrastructure.  

“I fully appreciate that this is very late in the process and your ability to take this on board may be constrained but it has as I say been the subject of discussion earlier today,” a dúirt an Rúnaí Cúnta.

Chuir an státseirbhíseach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an leasú a bhí á mholadh ar an bplean faoi bhráid státseirbhísigh sa dá Roinn agus an tagairt nua do bhád Thoraí aibhsithe sa téacs aige.

“Accordingly, the development, in conjunction with the local authorities, of improved pier infrastructure on Inis Oírr and Inis Meáin in the Aran Islands and at Machaire Rabhartaigh, and the provision of a new passenger ferry vessel for Oileán Thoraí, will be the main priorities in this strand of investment.”

An oíche sin, chuir an státseirbhíseach sinsearach ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta scéal athuair go dtí an Roinn Caiteachais Phoiblí féachaint ar glacadh leis an leasú.

“In the interest of finalising the regional press packs, did this text make the cut?” a d’fhiafraigh sé.

An mhaidin dár gcionn, an 14 Feabhra, tugadh le fios dó go raibh an leasú déanta ar an tuisicint nach mbeadh aon airgead breise ar fáil don togra seachas an méid a bhí aontaithe cheana don Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta sa Phlean Forbartaha Náisiúnta.

“Just to be crystal clear, its included on the strict understanding that the costs are met from within your Department’s stated allocation (as discussed).”

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Rúnaí Cúnta na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, “That is understood”.

€27 milliún a bhí geallta don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa phlean mar bhuiséad chun infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr mara na n-oileán as seo go ceann deich mbliana, agus níor cuireadh aon airgead breise leis an tsuim sin de thoradh an athraithe ar thosaíochtaí na Roinne sa réimse sin.

Ar an 14 Feabhra tháinig deireadh leis an gcomhfhreagras idir na ranna mar gheall ar an tagairt do bhád Thoraí, an lá céanna a raibh agóid mhór ag muintir an oileáin lasmuigh de Theach Laighean.

Bhí muintir Thoraí ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne toisc, a mhaígh siad, nach raibh ‘The Queen of Aran’, an bád atá anois i mbun na seirbhíse, oiriúnach don chúram.

Fág freagra ar 'Gealltanas faoi bhád nua d’oileán Thoraí curtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta ar an tuiscint nach mbeadh aon airgead breise ar fáil dó'