‘Geallaimis beirt nach gcuirfear an Rialtas dá bhonn go dtiocfar ar réiteach faoin mBreatimeacht’ – achainí Martin ar an Taoiseach

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil litir scríofa ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chuig Leo Varadkar ag moladh go ndéarfaidís beirt nach bhfuil sé i gceist ag ceachtar acu an bonn a bhaint den Rialtas

‘Geallaimis beirt nach gcuirfear an Rialtas dá bhonn go dtiocfar ar réiteach faoin mBreatimeacht’ – achainí Martin ar an Taoiseach

Tá scríofa ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin chuig an Taoiseach Leo Varadkar ag moladh go ndéarfadh an bheirt acu amach díreach nach bhfuil sé i gceist ag ceachtar acu an bonn a bhaint den Rialtas nó go mbeidh réiteach faighte ar cheist an Bhreatimeachta.

Deir Martin ina litir chuig an Taoiseaach go bhfuil an moladh sin á dhéanamh aige de bharr “an méid atá tarlaithe le tamall”.

Mar gheall ar an méid a tharla le déanaí, agus ó tharla sinn a bheith ar thairseach tréimhse chinniúnach maidir leis an mBreatimeach, is dóigh liom gurbh fhearr dúinn beirt a rá amach díreach anois, beag beann ar a dtarlódh le linn phróiseas athbhreithnithe an tsocraithe muiníne agus an tsoláthair, go bhfuilimid beirt aontaithe nach gcuirfimid an Rialtas dá bhonn.

“Ba chóir dúinn beirt a aontú go gcuirfimid an Bille Airgeadais agus reachtaíocht eile tríd, ar a laghad go dtí go sárófar an mórdhúshlán trí dhaingniú a dhéanamh i dTeach na dTeachtaí agus i bParlaimint na hEorpa ar pé rud a shocraíonn an Chomhairle Eorpach maidir leis an mBreatimeacht.

“Táim cinnte go mbeifeá ar aon intinn liom go mbeadh imní ar mhuintir na hÉireann, agus údar acu, faoin mbaol a bhainfeadh le feachtas olltoghcáin agus éiginnteacht iarthoghcháin do na cainteanna ag tráth cinniúnach mar sin.

“Chothódh toghchán ag an am cinniúnach seo míshocracht chontúirteach tráth a bhféadfaí margadh faoin mBreatimeacht a chur ó mhaith ó tharla cúrsaí a bheith ag athrú síoraí in Westminster.”

Tá a thuilleadh guagachta ag baint leis an Rialtas i bhfianaise éirí as Denis Naughten mar aire cumarsáide inné agus mar gheall go bhfuil deireadh tagtha le tréimhse trí bliana an tsocrú Muiníne agus Soláthair faoina dtacaíonn Fianna Fáil le Rialtas mionlaigh Fhine Gael.

Tá tús le cur go luath leis an athbhreithniú ar an socrú sin agus le babhta dian idirbheartaíochta maidir le síneadh a chur leis.

Tagann éileamh Martin ar an Taoiseach sna sála ar ráiteas a rinne an tAire Sláinte Simon Harris inar chuir sé “iompar náireach” i leith Martin mar gheall ar a iompar roimh do do Frances Fitzgerald éirí as a cúram mar aire dlí anuraidh. Glanadh ainm Fitzgerald i dtuarascáil Charleton a foilsíodh inné, ach meastar gur chuir ráiteas Harris leis an teannas idir an dá pháirtí.

Fág freagra ar '‘Geallaimis beirt nach gcuirfear an Rialtas dá bhonn go dtiocfar ar réiteach faoin mBreatimeacht’ – achainí Martin ar an Taoiseach'