Gay Byrne 1934- 2019 – ‘An craoltóir ab fhearr a bhí againn riamh’

Fathach i gcúrsaí craoltóireachta ab ea Gay Byrne, an craoltóir iomráiteach a bhásaigh in aois 85 bliain

Gay Byrne 1934- 2019 – ‘An craoltóir ab fhearr a bhí againn riamh’

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá an craoltóir Gay Byrne atá sa Táin i saol na craoltóireachta in Éirinn tar éis bháis.

Fathach i gcúrsaí craoltóireachta ab ea Byrne a raibh aithne mhór air mar láithreoir The Late Late Show agus a chlár raidió maidine The Gay Byrne Show.

60 bliain a chaith Byrne, a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1934, i mbun craoltóireachta, agus aithnítear go raibh baint mhór ag an Late Late Show lena linn le hathruithe sóisialta agus eile in Éirinn.

Ba é a bhí mar láithreoir ar an seó cainte, atá ar an dara seó dá leithéid is faide ar an aer ar domhan, ó bunaíodh é i 1962 go dtí gur éirigh sé as i 1999.

Lean sé air ag craoladh ar theilifís agus raidió ina dhiaidh sin le cláir amhail The Meaning of Life agus clár ceoil ar Lyric FM.

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ar dhuine de na daoine ba thúisce a léirigh a ómós do Byrne.

“Bhí sé conspóideach agus díreach mar dhuine agus níor leasc leis a bheith ina cheannródaí agus tá sé ráite go raibh ról an-lárnach aige i múnlú agus i gceapadh Éire na linne seo le linn na scórtha bliain a chaith sé ar an teilifís agus ar an raidió.

“Nuair a bhí faitíos nó drogall ar dhaoine eile labhairt amach, nó nuair a bhí siad ró-ghlic a leithéid a dhéanamh, labhair sé amach ar dtús. Ar feadh na scórtha bliain bhí Gay Byrne ina urlabhraí cróga tuisceanach ag Éirinn agus í ag athrú léi mar a bhí an domhan ar fad ag athrú. Táthar á cheiliúradh inniu mar an craoltóir ab fhearr a bhí againn riamh agus é sin tuillte go maith aige,” a dúirt Uachtarán na hÉireann.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes gur chraoltóir “eisceachtúil” ab ea Gay Byrne a bhí “ar thús cadhnaíochta” i bhforbairt an raidió agus na teilifíse in Éirinn.

“Tháinig Éire in inmhe faoi Gay Byrne, agus ní bheidh a leithéid arís ann,” arsa Forbes.

Dúirt an té atá anois ina láithreoir ar The Late Late Show, Ryan Tubridy gurbh é Gay Byrne “an máistir”.

Dúirt an craoltóir Joe Duffy gur fearrde Éire de bharr saothar Gay Byrne “taobh thiar den mhicrafón”.

Fág freagra ar 'Gay Byrne 1934- 2019 – ‘An craoltóir ab fhearr a bhí againn riamh’'