Gardaí ag fiosrú cás 39 earra oidhreachta a ‘chaill’ an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Moltar in iniúchadh atá foilsithe inniu ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndéanfaí cúram níos fearr d’earraí oidhreachta an Stáit

0004d6e4-642

Tá fiosrúchán ar bun ag An Garda Síochána i dtaobh 39 earra oidhreachta a bhí i seilbh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Baineann na hearraí ar fad le Teach Chill Airne i gContae Chiarraí, atá ar cheann de na foirgnimh a dtugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aire dóibh.

Tháinig an méid sin chun solais i dtuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a foilsíodh inniu. Sa Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, moltar don Roinn agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) aire níos fearr a thabhairt do na saothair oidhreachta atá faoina gcúram.

Sa bhliain 2012, tugadh faoi deara go raibh dhá shaothar ealaíne ó bhailiúchán oidhreachta Theach Chill Airne, arbh fhiú 32,000 an ceann iad, curtha ar ceant. I ndiaidh na heachtra sin, rinne an Roinn scrúdú ar na hearraí oidhreachta ar fad ó Theach Chill Airne a bhí i stóras acu agus fuarthas amach go raibh 39 earra ar iarraidh, ag áireamh gach ceann de na 26 pictiúr péinteáilte atá sa bhailiúchán.

Tá luach €552,000 curtha ar an 39 earra atá ar iarraidh.

Tá Teach Chill Airne ar cheann de na foirgnimh a dtugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aire dóibh agus is í an Roinn freisin atá freagrach as na hearraí oidhreachta atá ar coimeád i dTeach Chill Airne.

Chuir an Roinn An Garda Síochána agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an eolas faoin scéal go raibh na hearraí ar iarraidh agus tá fiosrúchán fós ar bun ag na Gardaí.

Mar chuid dá iniúchadh féin, d’iarr an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an Roinn eolas a chur ar fáil faoi cé mhéad den 39 earra a aimsíodh go nuige seo, ach dúirt an Roinn go raibh treoir faighte acu ó na Gardaí gan an t-eolas sin a chur ar fáil.

Nuair a rinneadh catalógú i 1999 ar a raibh d’earraí oidhreachta i dTeach Chill Airne, fuarthas gur 81 earra ar fad a bhí i gceist, arbh fhiú €920,000 iad an t-am sin.

Toisc go raibh tús á chur ag an am le hobair dheisiúcháin ar Theach Chill Airne, cuireadh na hearraí oidhreachta agus ealaíne i stóras príobháideach i dTeach Mhucrois.

Is cosúil anois gur imigh nach mór leath d’earraí Theach Chill Airne ar iarraidh ina dhiaidh sin.

Nuair a tugadh faoi deara go raibh na hearraí ar iarraidh, bogadh na hearraí eile ar fad a bhí fágtha go dtí láthair stórála na Roinne féin.

Idir Eanáir 2012 agus Nollaig 2014, rinneadh iniúchadh ar earraí a bhí ar coimeád i 184 ionad ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Tuairiscíodh go raibh 173 earra ealaíne ar iarraidh, a bhfuil 36 acu faighte anois. €49,000 an luach a cheaptar atá ar an 173 earra agus €37,000 atá ar na hearraí atá fós ar iarraidh.

Sa tuarascáil a d’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste inniu, tá moltaí éagsúla aige maidir le conas is féidir leis an Roinn agus Oifig na nOibreacha Poiblí cúram níos fearr a dhéanamh d’earraí oidhreachta atá ina seilbh acu agus deir sé go bhfuil easnaimh bhunúsacha ar a gcórais faoi láthair maidir le caomhnú, catalógú, stóráil agus monatóireacht earraí oidhreachta.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith nach raibh aon chóras ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun déileáil le cásanna éigeandála agus gur gá cloí le dea-chleachtas le go ndéanfaí earraí oidhreachta a chosaint agus a chaomhnú i gceart amach anseo.

Fógraíodh sa bhliain 2011 go raibh athchóiriú le déanamh ar Theach Chill Airne agus táthar ag súil go mbeidh an obair sin curtha i gcrích an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Gardaí ag fiosrú cás 39 earra oidhreachta a ‘chaill’ an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta'