Gar a lorgaíodh ar Chruach Phádraig nach bhféadfaí diúltú dó

Bíonn a chúis féin ag gach duine a dhéanann an turas go dtí barr Chruach Phádraig

Gar a lorgaíodh ar Chruach Phádraig nach bhféadfaí diúltú dó

Chuaigh scata cairde liom ar thuras le gairid. Go hiondúil bím in éindí leo ar an oilithreacht bhliantúil go contae Mhaigh Eo.

Ach ar chúis éigin, mheas mé nach é an Márta an t-am is fearr le dhul siar ar an turas áirithe seo. Bheidís amuigh ar an loch mar is iondúil agus chuala mé caint ar dhreapadh Chruach Phádraig. Anois, bhí brat sneachta fós thart ormsa i mBaile Átha Cliath agus paistí leac oighir anseo is ansiúd – ní raibh mórán fonn orm a fháil amach cén chaoi a mbeadh cúrsaí sneachta thiar.

Ach d’imigh siad leo agus, de réir na gcéad tuairiscí agus grianghraif ar an WhatsApp, bhí an-time go deo acu. Ní féidir muintir Mhaigh Eo a bhualadh ó thaobh cineáltais agus comhluadair.

Tamall ina dhiaidh sin, casadh duine de na ‘dreapadóirí’ orm. Bhí pictiúr de chúpla duine acu ar bharr an tsléibhe feicthe agam agus bhreathnaigh chuile shórt go maith.

Ach bhí scéala cloiste agam gur chas cúpla duine acu ar ais, de bharr na gaoithe agus an tsneachta. Cén chaoi ar éirigh léi féin?

Bean an-chúramach í seo agus bhí mé cinnte nach ngabhfadh sí ‘sa seans’ dá mbeadh sí in amhras faoin aimsir.

‘Bhí an-fhonn orm casadh ar ais ag pointe áirithe,’ dúirt sí. ‘Bhí thart ar an tríú cuid den Sliabh fós le dreapadh againn agus bhí an sneachta an-domhain. Chomh maith leis sin, bhí na clocha ar fad thar a bheith sleamhain toisc go rabhadar clúdaithe le leac oighir.’

Bhuel, ní thaitneodh sé sin liomsa ar aon chaoi – tá na clocha ar Chruach Phádraig sách dona iad féin gan trácht ar oighear ar a mbarr. Tá a fhios agam go bhfuil cosán maith céimeanna déanta ag ceardaithe áitiúla ach tá scileach fós in áiteanna a fhágann go bhfuil sé fós deacair agus in amanna, contúirteach.

‘Bhí mé díreach réidh le casadh ar ais,’ a dúirt mo chara, ‘nuair a chuala muid caoineadh agus olagón ag teacht chugainn ar an ngaoth trasna an tsléibhe.’

Ní fhéadfaidís gan aird a thabhairt air.

Ba chuimhneach liom ócáid amháin roinnt blianta ó shin nuair a tharla an rud céanna do dhuine muinteartha liom a bhí sa mbaile ar saoire ó Mheiriceá agus é ag tionlacan a mhic suas Cruach Phádraig – an chéad uair ag an bhfear óg. Dochtúirí a bhí sa mbeirt acu agus stop siad ar an bpointe le cabhair a thabhairt don té a bhí tar éis titim ar an sliabh.

Bhí bróga éadroma samhraidh ar an duine sin agus í tar éis casadh ar a rúitín. D’fhan siad léi gur tháinig an fhoireann cabhrach sléibhe chucu agus thug ag an ospidéal í. Chaith an bheirt acu an turas i dtraipisí ansin agus níor éirigh leo an ‘oilithreacht’ a dhéanamh ó shin.

Ar ais ag mo chara, agus d’fhiosraigh sise cad a bhí ag cur as do na daoine a bhí ag caoineadh. Ba léir nach raibh siad gortaithe, ar aon nós.

Mná óga a bhí iontu agus bhíodar ar an mbealach suas an sliabh nuair ab éigean dóibh stopadh de bharr na drochaimsire. Bhí píosa seodra ina glaic ag duine de na mná óga.

Bíonn a chúis féin ag gach duine a dhéanann an turas – bíodh sé ina oilithreacht nó bíodh sé ina aidhm phearsanta acu an barr a bhaint amach.

Bhí aidhm ar leith ag na mná seo. Bhíodar ag déanamh comóradh bliana ar bhás iníon duine acu – ní raibh ach na seacht mbliana slánaithe aici nuair a fuair sí bás anuraidh.

Bhíodar leis an bpíosa seodra a chur faoi chloch ar bharr an tsléibhe naofa ina honóir ach níor fhéad siad a dhul ní b’fhaide. Bhí mo chairde ag dul in airde, mheas siad – an bhféadfaidís-san an oilithreacht a chríochnú thar a gceann agus an tseoid a fhágáil ar an mbarr?

Céard a d’fhéadfaidís a rá ach ‘cinnte, déanfaimid é sin’. D’fhágadar slán ag a chéile agus gheall siad go gcasfaidís le chéile arís thíos ag an mbun.

Dúirt mo chara liom go raibh sí meáite ar an ngar a dhéanamh don bhean eile cé go mbeadh an chuid eile den turas deacair agus contúirteach. Bhí sí cinnte de go mbeadh sí casta ar ais, ach amháin go raibh an gheallúint sin tugtha aici.

Toisc go raibh an oiread sin oighir ar na clocha agus ar na céimeanna, thriail sí siúl sa sneachta ach chuaigh sí go dtí na cromáin ann ar an toirt. Choinnigh sí uirthi.

‘Cén fáth nár chuir tú an píosa seodra faoi chloch, agus casadh ar ais?’ a d’fhiafraigh mé féin agus mé ag smaoineamh ar an gcontúirt.

‘Ní fhéadfainn sin a dhéanamh,’ dúirt sí. ‘Bhí mé tar éis geallúint a thabhairt go dtógfainn pictiúr ag an mbarr, gar don séipéal.’

Bhuel, arsa mise liom féin, sin rud nach féidir aon chur i gcéill a dhéanamh faoi.

Bhí mé ag déanamh amach go bhféadfaí pictiúr ‘gar go maith’ don bharr a ghlacadh, ach ní dhéanfadh sé sin an beart.

D’éirigh léi ar deireadh an barr a bhaint amach agus an dea-ghníomh a dhéanamh. Ní raibh a comrádaithe féin in aon ghaobhar di faoin am seo, agus b’éigean di teacht anuas as a stuaim féin. Rud eile, ar ndóigh, a bhfuil contúirt ag baint leis.

Bhí na mná óga ag fanacht uirthi nuair a d’fhill sí. Bhíodar lán le buíochas agus deora á sileadh acu arís ag cuimhneamh ar an gcailín óg. D’fhill mo chara ar an teach lóistín agus ar a cuid cairde agus roinn gach duine a gcuid scéalta faoin lá ar an sliabh.

D’fhéach duine acu ar na pictiúir. ‘Aithním iad sin,’ arsa sise. Oibríonn sí le carthanacht a bhfuil baint acu le daoine óga atá breoite. An t-aon aidhm a bhíonn acu ná gar a dhéanamh do dhuine óg nach bhfuil i bhfad eile sa saol acu.  D’aithin sí an mháthair ó na pictiúir.

Bhí sise í féin thar a bheith sásta gur éirigh le mo chara an turas agus an gar áirithe seo a dhéanamh – an gar deiridh.

Fág freagra ar 'Gar a lorgaíodh ar Chruach Phádraig nach bhféadfaí diúltú dó'