Gan glacadh ag an bPríomhchlár Creidmheasa nua le hiarratais as Gaeilge de bharr ‘fadhb bheag theicniúil’

Deir Banc Ceannais na hÉireann gur ‘fabht beag’ is cúis leis an mbac ar iarratais a dhéanamh i nGaeilge ar thuairiscí creidmheasa ar an bPríomhchlár Creidmheasa, agus go bhfuil súil acu leigheas a fháil ar an scéal inniu

Gan glacadh ag an bPríomhchlár Creidmheasa nua le hiarratais as Gaeilge de bharr ‘fadhb bheag theicniúil’

Seoladh ar líne inné An Príomhchlár Creidmheasa, ach ní féidir le Banc Ceannais na hÉireann glacadh le hiarratais i nGaeilge ar an chóras nua go fóill.

Is é an aidhm atá ag an gclár náisiúnta nua iasachtaí a dhéanamh níos sábháilte trí eolas á chur ar fáil do chustaiméirí agus d’iasachtóirí maidir lena n-iasachtaí.

Cé go bhfuil Gaeilge curtha ar chuid mhaith den eolas faoin gcóras ar an suíomh nua, dheimhnigh an Banc Ceannais do Tuairisc.ie tráthnóna inné go bhfuil easnamh ar an chóras nua a fhágann go bhfuil bac ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar thuairiscí creidmheasa i nGaeilge.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar an mBanc Ceannais, dúirt urlabhraí na heagraíochta gur “fabht teicniúil” ba chúis leis na bearnaí atá ar an leagan Gaeilge den suíomh agus go bhfuil súil acu an fabht sin a leigheas inniu.

“Rinne an Banc Ceannais nuashonrú ar an suíomh (www.centralcreditregister.ie) inniu, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas ar chonas is féidir iarratas a chur isteach le haghaidh tuairisc creidmheasa,” a dúradh.

“Bhí fadhb bheag teicniúil le foilsiú an eolais trí Ghaeilge, ach táimid ag súil go mbeidh sé seo réitithe faoi am lóin amárach [Dé Céadaoin]”.

I measc na mbearnaí atá ar an leagan Gaeilge den suíomh nua, tá an deis ‘Submit Request’, nó iarratas a dhéanamh faoin gclár, agus tá ábhar eile nach bhfuil ar fáil i nGaeilge chomh maith, an rannóg d’Iasachtóirí’, mar shampla.

Idir an dá linn, pléadh ceist na Gaeilge i gcás sheoladh tograí móra náisiúnta i dTithe an Oireachtais inné. Cháin baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an rialtas as gan leagan Gaeilge a chur ar fáil don Chreat Náisiúnta Pleanála agus don Phlean Náisiúnta Forbartha.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, a bhí os comhair an choiste inné, gur tugadh le fios dó go raibh sé i gceist leaganacha Gaeilge de na cáipéisí sin a chur ar fáil, ach dúirt sé “go raibh sé rómhall anois” a bheith ag déanamh amhlaidh. Dúirt sé gur minic a mhaítear nach mbíonn leaganacha Gaeilge de cháipéisí ar fáil mar gheall ar “bhrú mór” a bheith ann iad a fhoilsiú ach nach bhféadfaí “glacadh leis sin”.

“Faraor, ní rud neamhghnách é seo,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Beidh sonraí ar fáil sa Phríomhchlár Creidmheasa nua, ceann de na tograí a mhol an troika thiar in 2010,  faoi mhorgáistí, iasachtaí, rótharraingtí agus fiacha cártaí creidmheasa.

Ní bheidh eolas ar fáil faoi aon duine a fógraíodh bancbhriste ná faoi bhreithiúnais maidir le fiacha a rinneadh sa chúirt.

Ní bheidh aon trácht ach oiread ar bhillí nár íocadh nó ar cháin nár íocadh ar an bpríomhchlár náisiúnta creidmheasa nua.

Ó mhí an Mheithimh seo caite, tá eolas curtha ar fáil ag tuairim agus 300 iasachtóir don Phríomhchlár Creidmheasa.

Fág freagra ar 'Gan glacadh ag an bPríomhchlár Creidmheasa nua le hiarratais as Gaeilge de bharr ‘fadhb bheag theicniúil’'