Gan de locht ar scéal an IRB ar TG4 ach a laghad

B’fhéidir gur chuir Cogadh Faoi Cheilt: Scéal an IRB thar a fhulaingt ó thaobh na tréimhse ama ach saothar slachtmhar a bhí ann agus a fhormhór i nGaeilge leis

Gan de locht ar scéal an IRB ar TG4 ach a laghad

Sa chlár faisnéise Cogadh Faoi Cheilt: Scéal an IRB (TG4, Dé Céadaoin) tugtar éachtaint ar bhunú, ar fhorás agus ar thionchar na heagraíochta sin ó thráth a bunaithe in 1858 go dtí go gcuaigh sí i léig blianta beaga tar éis bhunú an tSaorstáit. Sin tréimhse fhada ama, rud a d’fhág go raibh go leor eachtraí, castaí is pearsana staire le sá isteach in aon uair an chloig.

Rith sé liom go minic i gcaitheamh an chláir, dá réir, go mb’fhéidir gur chuir sin an clár thar a fhulaingt ó thaobh na tréimhse ama agus go mb’fhearr a d’oirfeadh dhá chlár uair an chloig don ábhar toirtiúil a bhí idir chamáin.

Is éard atá againn mar sin ná forbhreathnú ar stair na heachtraíochta le geábhanna isteach sna mionsonraí anseo agus ansiúd.

Bíodh sin mar atá is clár, slachtmhar, eolgaiseach, taitneamhach é. Tugann Fearghal Mac Bhloscaidh le fios dúinn ag tús an chláir gur eascair an IRB agus gluaiseacht na bhFíníní as an lorg a d’fhág an Gorta Mór, nó an tOcras Mór faoi mar a thugtar air ó thuaidh, ar shícé mhuintir na hÉireann. Cuireann Kerron Ó Luain an suaitheadh intinne seo i gcomparáid le neamhord struis iarthrámaigh. Tháinig an IRB ar an bhfód ar Lá le Pádraig 1858 agus maíonn Mac Bhloscaidh gur “guth radacach” ab ea an eagraíocht óir gur thug sí dúshlán na bunaíochta, an Eaglais Chaitliceach san áireamh. Sna blianta tosaigh sin d’fhógair an eagraíocht go neamhbhalbh go rabhadar ar an eite chlé agus bhíodh tagairtí drochmheasúla á ndéanamh ina cuid foilseachán don “olagarcacht” agus na “aristocratic locusts”.

  Déantar trácht ar an miotas a bhain le camchuairt Éireann dhuine de na bunaitheoirí, James Stephens nó an Seabhac, mar a baisteadh air. Déarfainn go bhféadfaí clár ann féin a dhéanamh ar éalú an tSeabhaic ó Phríosún Richmond le cabhair seodóra agus John Devoy. Ní nach ionadh tá áit lárnach ag Devoy i stair na heagraíochta agus luaitear go dtángthas i dtír ar an olc a bhí ar na Gael-Mheiriceánaigh chun, faoi mar a thug Gladstone air, ‘Empire of Discontent across the seas’, a chruthú.

Tugtar sciuird thapaidh ar Chogadh na Talún agus an chomhghuaillíocht chinniúnach achrannach idir Michael Davitt, John Devoy agus Charles Stewart Parnell.

Arís eile bhraitheas go rabhthas ár mbrostú tríd na heachtraí anseo agus dithneas ar an gclár tabhairt faoi ról an IRB in imeachtaí 1916. Bhí Tom Clarke, Seán Mac Diarmada, Pádraig Pearse, Thomas McDonagh, Joseph Plunkett, Éamonn Ceannt agus James Connolly ar choiste de chuid an IRB a dhein an tÉirí Amach a phleanáil agus cuirtear abhaile orainn gur trí bhuíon dhifriúla a bhí ina bhun a bhí ag tarraingt le chéile ar mhaithe leis na Sasanaigh a chur de dhroim seoil.

Caithfear creidiúint a thabhairt do lucht an chláir as ucht an oiread sin staraithe le Gaeilge a earcú; Gearóid Ó Tuathaigh, Cormac Ó Comhraí, Síobhra Aiken, Aindrias Ó Cathasaigh, Bríona Nic Dhiarmada, Dara Folan, Kerron Ó Luain agus Fearghal Mac Bhloscaidh.

Tá ionchur tomhaiste, suimiúil, deisbhéalach uathu ar fad agus dá bharr tá formhór an chláir as Gaeilge. Déanann siadsan agus na míreanna drámaíochta sinn a threorú tríd na heachtraí agus na blianta agus déantar clár tathagach, ach é a bheith róghearr, a sholáthar.

Fág freagra ar 'Gan de locht ar scéal an IRB ar TG4 ach a laghad'

  • Seán Fennell

    An tOcras Mór, mar a thugtar air ó thuaidh?
    Tá difear idir Gorta Mór agus Ocras Mór cinnte, Ní hionann iad. Ceart ag an staraí iomraiteach, Mac Bhloscaidh, agus chan ar an ábhar gur Tuaisceartach é. Féach an fhianaise atá ag teacht chun cinn maidir le Gorta san Ind, agus baint mhór ag Breatain leo fosta.