Gan aon údarás áitiúil ag comhlíonadh a ndualgas i dtaobh na Gaeilge ar líne

Rinne Oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh anuraidh ar shuíomhanna idirlín 10 gcinn de na húdaráis áitiúla agus níor bhain aon cheann acu an grád is airde amach

Gan aon údarás áitiúil ag comhlíonadh a ndualgas i dtaobh na Gaeilge ar líne

Bhí an reachtaíocht teanga á sárú ag suíomhanna idirlín gach ceann de na húdaráis áitiúla a ndearnadh iniúchadh orthu anuraidh.

Mar chuid dá hobair faireacháin, rinne Oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh anuraidh ar shuíomhanna idirlín 10 gcinn de na húdaráis áitiúla, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Chontae Dhún na nGall ina measc.

Fuarthas nach raibh aon cheann de na suíomhanna ag cloí go hiomlán leis na gealltanais a bhí tugtha i leith úsáid na Gaeilge ag na húdaráis ina scéimeanna teanga.

Léiríonn torthaí an iniúchta nár bhain ach dhá údarás fiú an dara grád is airde i scrúdú an Choimisinéara amach – is é sin go raibh siad ag comhlíonadh a ndualgas teanga ‘den chuid is mó’.

Ba iad an dá údarás sin Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tábla: Oifig an Choimisinéara Teanga

De réir Thuarascáil Faireacháin an Choimisinéara, a foilsíodh ar maidin, bíonn “éagsúlacht shuntasach” ag baint leis na gealltanais a thugann na húdaráis éagsúla ina scéimeanna teanga. As na deich scéim teanga a scrúdaíodh ní raibh ach dhá údarás áitiúil a gheall go gcuirfidís suíomh iomlán dátheangach ar fáil. Gheall dhá údarás eile go mbeadh an t­ábhar buan ar fad ar a suíomhanna ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. I gcás na sé údarás eile leathanach nó dhó i nGaeilge a gheall siad.

Maidir leis na húdaráis áitiúla ina bhfuil an dá cheantar Gaeltachta is mó sa tír – Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Dhún na nGall, is fearr a chruthaigh comhairle na Gaillimhe.

“I gcás Chomhairle Contae na Gaillimhe mheasamar go raibh an Chomhairle ag cloí den chuid is mó leis an méid a bhí geallta, cé nach raibh roinnt ábhar agus roinnt doiciméad nach raibh ar fáil ach i mBéarla amháin. Bhí bearnaí níos suntasaí i gceist le Comhairle Contae Dhún na nGall agus ar an iomlán bhíomar den tuairim nach raibh an Chomhairle ag comhlíonadh ach méid áirithe den mhéid a bhí geallta aici,” a deirtear i dTuarascáil Faireacháin 2018, an chéad tuarascáil dá leithéid ag Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tá 31 údarás áitiúil sa tír agus tá scéim teanga aontaithe ag 30 acu leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. D’iarr an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar Chomhairle Contae Thiobraid Árann dréachtscéim teanga a ullmhú os cionn ceithre bliana ó shin, ach níl a leithéid aontaithe go fóill.

Gealltar i scéimeanna na n-údarás go léir go gcuirfear méid áirithe ábhar ar fáil i nGaeilge ar a suíomhanna.

Níor bhain ach dhá údarás as deich fiú an dara grád is airde i scrúdú an Choimisinéara amach. Léaráid: Tuairisc.ie

Níor bhain aon údarás áitiúil an grád is airde amach i scrúdú an Choimisinéara, is é sin le rá nach raibh aon cheann de na deich n-údarás ag cloí go hiomlán leis an méid a bhí geallta acu faoin reachtaíocht.

Ocht gcinn de na húdaráis nach raibh ach ag comhlíonadh “méid áirithe” dá ndualgais nó nach raibh ag comhlíonadh a ndualgas “den chuid is mó”.

Fág freagra ar 'Gan aon údarás áitiúil ag comhlíonadh a ndualgas i dtaobh na Gaeilge ar líne'