Gan aon toradh ar fhiosrúchán dhá mhí an Gharda Síochána faoi líon na nGaeilgeoirí acu

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil ‘ceisteanna móra’ le cur faoi sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ‘mura bhfuil a fhios ag an nGarda Síochána cé mhéad comhaltaí atá acu le Gaeilge’

Gan aon toradh ar fhiosrúchán dhá mhí an Gharda Síochána faoi líon na nGaeilgeoirí acu

Tar éis dóibh dhá mhí a thabhairt ag fiosrú an scéil ní heol go fóill don Gharda Síochána cé mhéad Garda i ngach rannán acu atá ábalta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Dhá mhí ó shin a lorg an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív an t-eolas sin sa Dáil, ach níor éirigh leis freagra a fháil fós.

Ar an 5 Nollaig, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan nach raibh aon bhaint dhíreach aige féin leis an scéal ach go raibh an t-eolas a bhí á lorg ag an Teachta Dála á bhailiú ag an nGarda Síochána. Dúirt an tAire go gcuirfeadh sé an t-eolas faoi líon na nGaeilgeoirí i measc na nGardaí ar fáil go díreach d’Ó Cuív nuair a bheadh sé faighte aige féin.

Breis is dhá mhí ina dhiaidh sin agus gan aon radharc go fóill ar an eolas faoi Ghaeilgeoirí an Gharda Síochána, chuir Ó Cuív ceist eile an tseachtain seo ar an Aire Dlí agus Cirt faoin scéal agus faoin gcúis leis an moill ar an eolas.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Flanagan nach raibh an t-eolas a bhí ag teastáil ón Teachta Dála “readily available” agus go raibh gá le heolas a bhailiú ó 28 rannán an Gharda Síochána chun a cheist a fhreagairt.

Dúirt Flanagan go raibh súil aige go dtuigfeadh an Teachta Dála gur “onerous task” a bhí ann fáil amach cé mhéad Garda i ngach rannán atá ábalta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ní raibh glacadh ar bith, áfach, ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil leis an ráiteas sin.

“Tá ceisteanna móra ann maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge mura bhfuil a fhios ag an nGarda Síochána cé mhéad comhaltaí atá acu le Gaeilge,” arsa Éamon Ó Cuív.

Cuireadh áit ar leataobh do 160 Gaeilgeoir líofa sa bhabhta earcaíochta is déanaí sa Gharda Síochána. 

De réir socruithe a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'Gan aon toradh ar fhiosrúchán dhá mhí an Gharda Síochána faoi líon na nGaeilgeoirí acu'

  • Seán Mac Gearailt

    An bhfuil aon Aire Rialtais freagrach as aon rud a bhaineann lena Roinn ?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ceap magaidh amach is amach!

    Dream a bhíonn i mbonn bailiúchán sonraí ar achan saoránach eile sa stáit agus níl siad ábalta sonraí ar leith a thaifeadadh maidir leis an cumas Gaeilge atá ag a mbaill féin!!

    Nach bhfuil rannóg acmhainní daonna ag An Garda Síochána?? An bhfuil ríomhairí ag an dream seo?? Nach cinnte go mbeadh sé furast go leor sonraí i dtaca le cumas labhairt agus scríobh na Gaeilge achan Garda (agus oibrithe stáit eile a bhíonn ag déanamh obair riaracháin daofa) a chuir ar a gcomhad s’acu??

    Amaidí!!