Gan aon phlean ‘faoi láthair’ ag an Roinn Oideachais scoileanna a dhúnadh

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil tráthnóna, dúradh go mbeadh aon chinneadh faoi dhúnadh scoileanna bunaithe ar chomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí

Gan aon phlean ‘faoi láthair’ ag an Roinn Oideachais scoileanna a dhúnadh

Níl sé i gceist faoi láthair go ndúnfaí scoileanna nó go dtabharfaí laethanta saoire na Cásca chun tosaigh mar gheall ar an gcoróinvíreas.

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil tráthnóna, dúradh go mbeadh aon chinneadh faoi dhúnadh scoileanna bunaithe ar chomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.

“Ní ann d’aon chomhairle dá leithéid ag an bpointe seo,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.

Bhí tuairiscí ann le tamall go bhfuil sé i gceist scoileanna a dhúnadh ar feadh trí seachtaine mar chuid den iarracht scaipeadh an ghalair Covid-19 a shrianadh.

Ach deir an Roinn Oideachais nach bhfuil aon chinneadh dá leithéid tógtha acu.

“Tá sé riachtanach go mbeadh gá le haon chinneadh a dhéanfaí i dtaobh Covid-19 agus gur cinneadh cuí a bheadh in aon chinneadh a dhéanfaí agus go mbeadh sé ag teacht leis an gcomhairle shonrach atá ann maidir leis an tsláinte phoiblí. Bheadh aon rud eile míchuí,” arsa an t-urlabhraí.

Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh oifigigh sláinte i dteagmháil le scoileanna sa chás go mbeadh gá le gníomh a dhéanamh agus nár chóir d’aon scoil cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin.

Deir an Roinn go bhfuil comhairle curtha ar fáil do scoileanna, do réamhscoileanna agus d’institiúidí tríú leibhéal i dtaobh an ghalair agus go mbíonn an chomhairle is déanaí ar fáil ar a suíomh idirlín.

“Is go rímhaith a thuigeann an Roinn na himpleachtaí a bhaineann le cinneadh scoileanna a dhúnadh do thuismitheoirí, do theaghlaigh agus don phobal.

“Tá an scéal seo ag síorathrú agus tá uasdátú á dhéanamh gach lá ar an gcomhairle maidir le cúrsaí sláinte. Leanfaidh an comhoibriú dlúth idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Sláinte maidir leis an scéal seo,” arsa urlabhraí na Roinne Oideachais.

Fág freagra ar 'Gan aon phlean ‘faoi láthair’ ag an Roinn Oideachais scoileanna a dhúnadh'