Gan aon chinneadh fós faoi fhoilsiú ná feidhmiú na moltaí oideachais Gaeltachta

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil bailchríoch curtha fós ar an bpolasaí agus nach bhfuil dáta a fhoilsithe socraithe go fóill

 Jan O'Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Jan O’Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Níl cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais faoi cén uair a fhoilseofar an polasaí nua don oideachas Gaeltachta agus níl aon chinneadh déanta maidir cén uair a gcuirfear an polasaí nua i bhfeidhm.

Bhíothas ag súil anuraidh, nuair a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua, go gcuirfí i bhfeidhm é ag tús na scoilbhliana 2016 – i gceann ceithre mhí.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga an mhí seo caite, áfach, nach raibh mórán dóchais aici go bhfoilseofaí an polasaí nua roimh theacht na scoilbhliana nua, gan caint ar é a chur i bhfeidhm.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil bailchríoch curtha fós ar an bpolasaí agus nach bhfuil dáta a fhoilsithe socraithe go fóill.

“Táthar faoi láthair ag tabhairt an pholasaí oideachais Gaeltachta chun críche agus áireofar ann plean chur chun feidhme. Níl cinneadh déanta maidir leis an dáta ar a gcuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm,” a dúirt an t-urlabhraí.

D’fhoilsigh an tAire Jan O’Sullivan na moltaí i mí na Bealtaine seo caite. Thug na dréachtmholtaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar sa dréachtpholasaí leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar sa dréachtpholasaí gur cheart féachaint ar scoileanna ‘Béarla’  a sholáthar má bhíonn an t-éileamh ar a leithéid “sách mór”.

Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí é go luath in 2016.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais arís i mí Eanáir na bliana seo go raibh sé i gceist an polasaí nua a fhoilsiú “go luath in 2016”. Bhí Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach COGG, “an-dóchasach” an uair sin go bhfoilseodh an Roinn an polasaí roimh an Olltoghchán ag deireadh mhí Feabhra, ach níl tásc ná tuairisc ar an bpolasaí ó shin.

Ba mhór an spéis a chuir an pobal sa pholasaí nua. Faoi mhí Iúil na bliana seo caite, dhá mhí i ndiaidh fhoilsiú na moltaí, bhí os cionn leathmhíle aighneacht faighte ag an Roinn Oideachais ó scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus eagraíochtaí teanga agus pobail.

Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb é an chéad uair ó bunaíodh an stát ar thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad. Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh fós faoi fhoilsiú ná feidhmiú na moltaí oideachais Gaeltachta'

  • Pól

    ceannlíne eile ag gearán faoi cúrsaí teanga, an iomarca i mo thuairim

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Seo aríst é: moill náireach gan leithscéal curtha ar foilsiú an pholasaí oideachais! Cé hiad atá ag cur moill air? Na státseirbhísigh nó na polaiteoirí?

    Is faoi sin ar cheart don Chonradh a chuid gúnaí a dhíriú. Eagróidís picéad ar an Roinn OIdeachais faoi dheire na scoilbhliana! Tá sé thar am dúinn a thaispeáint go bhfuil muid ‘Dearg le Fearg’ in athuair.