Gáis thocsaineacha ba chúis le bás Árannaigh óig i dTír Chonaill anuraidh

Bhásaigh Séamus Seoighe as Bóthar an Phumpa in Árainn nuair a tháinig na gáis a bhí ag éirí as uisce marbh i mbolg an bháid sa mhullach air

Gáis thocsaineacha ba chúis le bás Árannaigh óig i dTír Chonaill anuraidh

Gáis thocsaineacha an tsiocair bháis a bhí ag fear óg as Árainn a bhásaigh ar bhád iascaigh in éineacht lena chomhghleacaí Filipíneach sna Cealla Beaga i mí Lúnasa na bliana seo caite, dar le tuarascáil a d’fhoilsigh Bord Imscrúdú Taismí Muirí (MCIB) le deireanas.

Bhásaigh Séamus Seoighe as Bóthar an Phumpa in Árainn nuair a tháinig na gáis a bhí ag éirí as uisce marbh i mbolg an bháid sa mhullach air. Aistríodh go hOtharlann Leitir Ceanainn é i ndiaidh na timpiste, áit ar bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh. 27 bliain d’aois a bhí sé.

radh sa tuarascáil gur scaoileadh na gáis nuair a pumpáladh an sáile tríd an gcóras sáile cuisnithe (RSW), ar an FV Oileán an Óir, a bhí as feidhm ó mhí an Mhárta 2015. Thosaigh an bheirt iascairí a bhásaigh ag seiceáil an chórais go bhfeicfidís an raibh sé ag obair ag a 1 chlog, an 24 Lúnasa 2015. Tugadh faoi deara go raibh an t-uisce salach agus cinneadh an dá umar a fholmhú le córas folúsphumpála. Chuaigh an Filipíneach isteach san umar ar dtús agus tháinig an gás sa mhullach air. Chuaigh an Seoigheach isteach ina dhiaidh agus tháinig sé sa mhullach airsean freisin.

Fuarthas amach freisin nach raibh an trealamh ceart ag an gcriú le monatóireacht a dhéanamh ar an atmaisféar sna humair.

Moltar i dtuarascáil MCIB go n-eiseodh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fógra muirí ina dtabharfaí rabhadh do chriúnna ar bháid iascaigh maidir leis na contúirtí a bhaineann le gás tocsaineach sna córais RSW agus go gcrochfaí an fógra sin ar gach aon bhád ar a bhfuil na córais sin.

Moltar freisin go ndéanfadh an tAire na meicníochtaí a d’fhéadfadh dul i ngleic le sábháilteacht na gcóras sin a mheas.

Fág freagra ar 'Gáis thocsaineacha ba chúis le bás Árannaigh óig i dTír Chonaill anuraidh'