Gaillimh v Cill Chainnigh agus na cluichí móra eile an deireadh seachtaine seo

Bhí athimirt ag teastáil chun na foirne seo a scaradh óna chéile sa chraobh anuraidh agus beidh an slua i mBóthar na Trá ag súil le sárchluiche eile. Sa pheil, is é an choimhlint idir Corcaigh v Ciarraí rogha na gcluichí an deireadh seachtaine seo

Is iomaí easaontú a bhí idir bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham, agus a chéile comhraic, Brian Cody, le roinnt blianta anuas. Pictir: INPHO/James Crombie
Is iomaí easaontú a bhí idir bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham, agus a chéile comhraic, Brian Cody, le roinnt blianta anuas. Pictir: INPHO/James Crombie

bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham, ag rá cheana féin go mbeidh tionchar mór ag an gcluiche i gcoinne Chill Chainnigh an Domhnach seo ar shéasúr na nGaillimheach. Dar le Cunningham, beidh an fhoireann a chaillfeas i bPáirc an Phiarsaigh an deireadh seachtaine seo ag druidim le bun na sraithe agus gur baol dóibh ísliú céime.

Is léir go bhfuil Cunningham ag díriú ar stádas na nGaillimheach i Roinn 1A a thabhairt slán seachas bheith ag breathnú ar bharr na sraithe, atá i bhfad uaidh faoi seo. Dar ndóigh, ní bheifí ag súil le tada eile ó bhainisteoir, go háirithe nuair a dhealraíonn sé go mbeidh an iomaíocht idir na foirne sa tsraith chomh géar le lann.

an dá fhoireann ar comhchéim sa tábla faoi láthair agus dhá phointe acu. Beidh ar Cunningham agus Brian Cody ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart tar éis don dá fhoireann cailliúint sa bhabhta is deireanaí, na Gaillimhigh ag cliseadh i nDurlas agus Cill Chainnigh ag fáil an ceann is fearr Bhaile Átha Cliath sa bhaile.

Is iad an fhoireann baile a raibh an lá leo sna ceithre chluiche sraithe is deirean atá imeartha idir Gaillimh agus Cill Chainnigh. Bhí farasbarr de chúl, 2-16 in aghaidh 1-16, ag foireann Cody i bPáirc Uí Nualláin anuraidh.

Níl fáil ag ceachtar den dá fhoireann ar chuid dá laochra móra; níl Joe Canning, Conor Cooney ná Niall Burke ar fáil do na Gaillimhigh agus beidh Cill Chainnaigh ag fanacht go dtí tar éis Lá Fhéile Phádraig sula bhfeicfidh siad muintir Bhaile hÉil ag tarraingt gheansaí an chontae orthu féin – TJ Reid, na Fennellys agus Shefflin ina measc.

Mar gheall air sin, tá imreoirí óga tugtha isteach ag na foirne bainistíochta agus tá na deiseanna sin á dtapú ag roinnt acu. Tá an-dul chun cinn déanta ag an gcosantóir Padraig Mannion do Ghaillimh agus tá Joseph Cooney, mac le seanlaoch na nGaillimheach, Joe, ag imirt an iomáint is fearr atá feicthe againn uaidh go dtí seo. Maidir leis na Cait, tá Cillian Buckley, Padraig Walsh agus Walter Walsh go léir ag imirt ar nós fir a bhfuil i bhfad níos mó taithí acu ná mar atá i ndáiríre.

Beidh coimhlint mhór idir an dá fhoireann peile is mó sa Mhumhan ar siúl an Domhnach seo chomh maith. Agus Ciarraí ag taisteal chuig Páirc Uí Rinn, is é an scéal maidir le filleadh Paul Galvin is mó a tharraing aird an phobail le seachtain anuas, ach ní dóigh go bhfeicfidh muid peileadóir na bliana 2009 ar ais ar an bpáirc go ceann píosa.

Beidh na Corcaígh ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart tar éis dóibh cluiche sraithe, i gcoinne Dhún na nGall, a chailleadh den chéad uair an deireadh seachtaine seo caite. Cibé dream a thabharfaidh an lá leo, beidh an-deis acu áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais an mhí seo chugainn.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh agus Ciarraí

Dé Sathairn, 7 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Baile Átha Cliath v Tír Eoghan, Páirc an Chrócaigh, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Cabhán v Cill Dara, Páirc Breffni 7i.n.

An Mhí v An Iarmhí, Páirc Tailteann, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

Tiobraid Árann v An Clár, Staid Semple, 3i.n.

Ard Mhacha v Fear Manach, 7i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A

Baile Átha Cliath v Corcaigh, Páirc an Chrócaigh, 5i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Uíbh Fhailí v Port Láirge, Páirc Uí Chonchubhair, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B

Dún na nGall v An Mhí, Páirc Uí Dhónaill, 2i.n.

Ard Mhacha v Cill Dara, Páirc Lúthchleasaíochta, 4.45i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3B

Warwickshire v Sligeach, Páirc na hÉireann (Birmingham), 2i.n.

Dé Domhnaigh, 8 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Corcaigh v Ciarraí, Páirc Uí Rinn, 2i.n.

Dún na nGall v Muineachán, Páirc Uí Dhónaill, 2i.n.

Doire v Maigh Eo, Páirc na gCeilt, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Dún v Gaillimh, Páirc Esler, 2i.n.

Laois v Ros Comáin, Portlaoise, 2i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

Sligeach v An Lú, Páirc Markievicz, 2i.n.

Loch Garman v Luimneach, Páirc Loch Garman, 2.30i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Aontroim v Londain, Droichead Thuama, 12.45i.n.

An Longfort v Port Láirge, Páirc an Phiarsaigh (An Longfort), 2i.n.

Uíbh Fhailí v Liatroim, Páirc Uí Chonchubhair, 2i.n.

Ceatharlach v Cill Mhantáin, Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A

An Clár v Tiobraid Árann, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Gaillimh v Cill Chainnigh, Páirc an Phiarsaigh (Bóthar na Trá), 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Loch Garman v Luimneach, Páirc Loch Garman, 12.45i.n.

Aontroim v Laois, Oirthear Maí, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A

Doire v Ceatharlach, Páirc na gCeilt, 12.45i.n.

Cill Mhantáin v Londain, An tInbhear Mór, 1i.n.

Ciarraí v An Iarmhí, Páirc Aibhistín de Staic, 1i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B

Maigh Eo v An Dún, Páirc Mhic Éil, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3A

Fear Manach v Tír Eoghan, Páirc Brewster, 2i.n.

Fine Gall v Ros Comáin, An Ros, 2i.n.

An Lú v Muineachán, Mullach an Dúdálaigh, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3B

Liatroim v An Longfort, Páirc Seán Mac Diarmada, 2i.n.

Corn Uí Mhuirí – Cluiche Ceannais (Athimirt)

Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh (Corcaigh) v Pobalscoil Chorca Dhuibhne (Ciarraí), An Rath Mhór, 1.30i.n.