Gaillimh sa tóir ar bhua i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2001

Agus aghaidh á tabhairt acu ar Thiobraid Árann Dé Domhnaigh, ba é cluiche ceannais na hÉireann 2001 an cluiche deireanach a bhuaigh peileadóirí na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh

Gaillimh sa tóir ar bhua i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2001

Agus Craobh Chonnacht buaite ag peileadóirí na Gaillimhe, tá a n-aghaidh arís ar Pháirc an Chrócaigh do bhabhta ceathrú ceannais na hÉireann, an áit is dual dóibh, dar le daoine áirithe. Tá daoine ann a shíleann gur mór an buntáiste do Ghaillimh a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh mar gheall ar an rath a bhíodh orthu ansin thar na blianta agus mar go bhfeileann an pháirc mhór do stíl thraidisiúnta na Gaillimhe.

Fadó, deirtí gur chuma cé a bhuafadh Craobh Peile Chonnacht ach gur cheart foireann na Gaillimhe a chur chuig Páirc an Chrócaigh toisc go mbíodh an-rath orthu ann. Cé go bhfuil cuid den áibhéil ansin, is cinnte gur mhinic a thug fir an iarthair taispeántais mhaithe uathu ar Bhóthar Mhic Sheoin san am atá caite. Idir 1950 agus 2001, d’imir Gaillimh 42 uair i bPáirc an Chrócaigh sa chraobh agus thug siad an lá leo níos minice ná a mhalairt sna cluichí sin.

Mo léan lucht leanúna na Gaillimhe, mar tá athrú tagtha ar an scéal ó shin.

Agus é ag labhairt leis na meáin i rith na seachtaine, dúirt tosach na Gaillimhe, Damien Comer, gur ar éigean a chuimhníonn sé féin ar chluiche ceannais na hÉireann in 2001, nuair a thug foireann John O’Mahony greadadh don Mhí. Más fíor do Comer, níl ach meathchuimhní aige féin agus ag imreoirí óga eile na Gaillimhe ar na sinsir a fheiceáil ag imirt i bPáirc an Chrócaigh.

Nach beag a shíl siad siúd a bhí i láthair ag an gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh i Meán Fómhair 2001 agus iad ar dul abhaile go caithréimeach an tráthnóna sin, go mbeadh Gaillimh fós ag fanacht lena gcéad bhua eile ar an bpáirc chéanna in 2016.

Deich gcluiche atá imeartha ag na Gaillimhigh i bPáirc an Chrócaigh ó shin, ocht gcinn sa Chraobh agus péire sa tSraith, agus díobhsan ar fad, is é an cluiche comhscóir i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann  in aghaidh Dhún na nGall in 2003 an t-aon cheann nár chaill siad.

In 2002, agus iad ina gcuraidh na hÉireann ag an am, chaill Gaillimh 2-17 in aghaidh 1-12 i gcoinne Chiarraí i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann. In 2004, theip orthu in aghaidh Thír Eoghain, cluiche a chuir deireadh le ré John O’Mahony mar bhainisteoir ar Ghaillimh. Níor éirigh tada níos fearr lena chomharba, Peter Ford, agus chaill siad cluiche ceathrú ceannais eile in aghaidh Chorcaí in 2005.

Níor thug Gaillimh cuairt ar Pháirc an Chrócaigh ach faoi dhó idir 2005 agus 2013 agus bhí mí-eagar ceart ar an bhfoireann peile le linn na tréimhse sin. Chaill siad cluiche leathcheannais na sraithe in aghaidh Mhaigh Eo in 2007 agus, an bhliain dár gcionn, chaill siad in aghaidh Chiarraí i gcluiche ceathrú ceannais. Cluiche é sin a mhaireann i gcuimhne mhuintir na Gaillimhe mar gheall ar an sárthaispeántas a thug Michael Meehan uaidh agus an díle bháistí a thit le linn an chluiche.

Tá rudaí imithe i bhfeabhas sa chontae le cúpla bliain anuas, áfach, agus tá Páirc an Chrócaigh sroichte ag na peileadóirí ceithre bliana as a chéile anois. Mar sin féin, ba ann a tháinig deireadh lena bhfeachtas le trí bliana anuas, in 2013 in aghaidh Chorcaí, in 2014 in aghaidh Chiarraí agus in 2015 in aghaidh Dhún na nGall.

Chuir na Gaillimhigh deireadh le gorta peile amháin cheana féin i mbliana, nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnacht den chéad uair le hocht mbliana. Is maith is eol dúinn an chéad sprioc eile atá ag Kevin Walsh dá chuid imreoirí agus iad ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh.

Teipeanna na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh

2002 – Ciarraí 2-17 Gaillimh 1-12 (Cluiche ceathrú ceannais craoibhe)

2003 – Dún na nGall 0-13 Gaillimh 1-10 (Cluiche ceathrú ceannais craoibhe)

2004 – Ciarraí 3-11 Gaillimh 1-16 (Cluiche ceannais sraithe)

2004 – Tír Eoghain 1-16 Gaillimh 0-11 (Cluiche cáilithe craoibhe, Babhta 3)

2005 – Corcaigh 2-14 Gaillimh 2-11 (Cluiche ceathrú ceannais craoibhe)

2007 – Maigh Eo 2-10 Gaillimh 1-12 (Cluiche leathcheannais sraithe)

2008 – Ciarraí 1-21 Gaillimh 1-16 (Cluiche ceathrú ceannais craoibhe)

2013 – Corcaigh 1-17 Gaillimh 1-16 (Cluiche cáilithe craoibhe, Babhta 4)

2014 – Ciarraí 1-20 Gaillimh 2-10 (Cluiche ceathrú ceannais craoibhe)

2015 – Dún na nGall 3-12 Gaillimh 0-11 (Cluiche cáilithe craoibhe, Babhta 4)

Fág freagra ar 'Gaillimh sa tóir ar bhua i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2001'