Gaillimh ag troid go deireadh, Ciarraí buacach ar leathchos, seanghalar Mhaigh Eo agus fuinneamh Dhoire

Caitheann Tuairisc súil siar ar scéalta suimiúla ó bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann sa chraobh peile

Gaillimh ag troid go deireadh, Ciarraí buacach ar leathchos, seanghalar Mhaigh Eo agus fuinneamh Dhoire

Ríméad ar na Gaillimhigh agus iad sa mhullach ar Matthew Tierney a fuair cic pianóis na cinniúna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Caithfidh Gaillimh troid go deireadh

Idir chúrsaí fionraíochta, fadhbanna lena chúl báire agus neart eile, tá go leor le réiteach ag Pádraic Joyce idir seo agus cluiche leathcheannais na hÉireann an tseachtain seo chugainn ach seans gurb í an t-imní is mó a bheidh ar bhainisteoir na Gaillimhe ná an chaoi ar chlis ar a fhoireann i dtreo dheireadh a gcluichí i mbliana seo.

Nuair a fiafraíodh de Sheán Cavanagh, Colm Cooper agus Ciarán Whelan ar The Sunday Game cé a cheap siad a bheadh i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana, dúirt an triúr go mbeadh Doire le Ciarraí ar an 24 Iúil. Cé go bhfuil ardmholadh tugtha do Ghaillimh tar éis dóibh Maigh Eo, Ros Comáin agus Ard Mhacha a shárú i mbliana, níor mheas na saineolaithe go mbeadh sé ar chumas foireann Joyce Doire a bhualadh agus gach seans gurb é an chaoi ar thit an tóin as Gaillimh ag deireadh na himeartha sna trí chluiche sin a luadh is cúis leis.

In aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceathrú ceannais Chonnacht, bhí Gaillimh sé phointe chun tosaigh théis 67 nóiméad, ach bhuail scaoll iad, fuair Maigh Eo cúig phointe as a chéile agus d’fhéadfadh comhscór a bheith faighte acu leis an gcic deireanach.

Bhí Gaillimh go hiomlán i gceannas ar Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht agus iad ocht bpointe chun tosaigh théis 62 nóiméad ach ní raibh ach cic amháin den liathróid idir na foirne ag an deireadh nuair a scaoil Gaillimh dhá chúl isteach ina dhiaidh sin.

Tharla an rud céanna i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Chuir Kieran Molloy Gaillimh sé phointe chun cinn sa chéad nóiméad d’am cúitimh agus, cé go raibh Ard Mhacha fear gann, scaoil na Gaillimhigh iad ar ais sa chluiche le dhá chúl bog.

Tháinig Gaillimh slán faoi dheireadh agus dúirt Pádraic Joyce théis an chluiche go ndeachaigh siad i ngleic leis an bhfadhb i ndiaidh na gcluichí i gCraobh Chonnacht agus go mbeadh orthu súil a chaitheamh uirthi arís. Má tá Gaillimh chun Doire a bhualadh, gan trácht ar Chraobh na hÉireann a bhaint, beidh orthu an fhadhb mhór seo a réiteach.

 

An bealach á oscailt do Joe O’Connor, Ciarraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gá le tuilleadh feabhais ó Chiarraí

Seachas Paul Geaney agus Tom O’Sullivan an Daingin, Graham O’Sullivan na Dromad, David Moran, Tadhg Morley, Seán O’Shea, agus David Clifford, an-chuibheasach a bhí an naonúr eile a chuir chun páirce ó thús na himeartha do Chiarraí sna babhtaí leathcheannais. Go deimhin, ní raibh David Clifford go hiomlán istigh leis féin ó gortaíodh é luath sa chluiche agus bíonn caighdeán na himeartha ag Seán O’Shea chomh hard de ghnáth go mbeadh díomá air lena thaispeántas.

Bua ocht bpointe a bhí ag Ciarraí mar sin féin agus gan dhá thrian den fhoireann os cionn a mbuille. Chabhraigh sé leo gur chuir Maigh Eo oiread sin seansanna amú ach an phríomhtheachtaireacht a bheidh ag Jack O’Connor as seo go ceann coicíse ná go gcaithfidh feabhas mór teacht orthu más áil leo buachan ar Áth Cliath sa chraobh den chéad uair ó 2009.

Meirgeach go maith a bhí imirt na Ríochta Dé Domhnaigh agus thuigfeá é sin go pointe agus sos chomh fada acu ó bhí aon dianchluiche acu.  

B’fhéidir gur mar sin is fearr le Jack O’Connor é agus cuid mhaith gnéithe den imirt gur féidir leis díriú isteach orthu sa chúpla seachtain atá romhainn amach. 

Beidh paidir á rá ag O’Connor agus muintir Chiarraí go mbeidh David Clifford aclaí don chluiche leathcheannais ach cailliúint mhór freisin a bheadh ann mura mbeadh Jack Barry agus Adrian Spillane, a bhí gortaithe an tseachtain seo caite, ar fáil arís. Cé gur dea-scéal a bhí in ardtaispeántas David Moran, bhí cuma níos laige ar bhinse Chiarraí in aghaidh Mhaigh Eo. Ní hé Barry an céile comhraic is ansa le Brian Fenton agus chuirfeadh Spillane go mór leis na roghanna a bheadh ag Ciarraí sa líne leatosaithe agus i lár an ghoirt. Léirigh Joe O’Connor an gearradh atá ann nuair a tháinig sé isteach i gcoinne Mhaigh Eo agus seans go bhfeicfear arís ag tráth éigin é in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Ar ndóigh is laige go mór an chéad fhoireann agus an binse atá ag Baile Átha Cliath d’uireasa Con O’Callaghan agus James McCarthy, beirt a mbeidh lucht na hardchathrach ag rá a gcuid paidreacha ar a son roimh na babhtaí leathcheannais.

Ceann de na ceisteanna is mó a bheidh ag dó na geirbe ag lucht leanta an dá chontae as seo go ceann coicíse ná cé a bheidh ar fáil?

 

Lachlan Murray, Doire, i sáinn agus é timpeallaithe le cosantóirí an Chláir. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Doire ina máistrí ar an tréanionsaí agus an tréanchosaint

Bhí tuairim ann roimh na babhtaí ceathrú ceannais nach bhfeilfeadh Páirc an Chrócaigh do stíl Dhoire, stíl a bhí cosantach go maith i gcluiche ceannais Uladh. Bhréagnaigh foireann Rory Gallagher an chaint sin Dé Sathairn le bua cumasach in aghaidh chontae an Chláir.

Ní raibh sé go hiomlán cruinn foireann chosantach a thabhairt ar Dhoire ar an gcéad dul síos. Cinnte bhí siad an-chúramach in aghaidh Dhún na nGall achroimhe sin bhí an cluiche idir iad féin agus Tír Eoghain i bhfad níos oscailte agus léirigh fir Dhoire a gcumas.

Nuair a bhíonn Doire ag cosaint, bíonn gach duine ag cosaint agus cúigear déag acu taobh thiar den liathróid. Nuair a théann siad ar an ionsaí, áfach, téann gach duine ar an ionsaí chomh maith céanna. B’amhlaidh a bhí foireann an Chláir agus d’fhág sin go raibh tréimhsí fada ann nuair a bhí 29 den 30 imreoir i leath amháin den pháirc. Uaireanta 30 imreoir a bhí i gceist agus cúl báire Dhoire, Odhrán Lynch, breá sásta dul suas an pháirc.

Scóráil Doire cúig chúl sa chluiche agus scóráladh nach mór gach ceann acu sin agus iad ar an bhfrithionsaí. Bhí neart roghanna i gcónaí ag an té a bhí ar an liathróid agus críochnaíodh na gluaiseachtaí sin go hiontach.

Beidh an-mhuinín ag Rory Gallagher agus a chuid imreoirí anois roimh chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe ach feicfimid cé acu an mbeidh cur chuige Dhoire cosúil leis an gceann a bhí acu ag an deireadh seachtaine nó níos cosúla leis an gceann a chonaiceamar in aghaidh Dhún na nGall. Bhuail Gaillimh greadadh ar Dhoire sa tsraith nuair a bhí na hUltaigh beagáinín níos oscailte, toradh a d’fhág gur ceileadh ardú céime ar Dhoire. Beidh le feiceáil cén freagra a thabharfaidh siad air sin anois.

 

Jason Foley, Maigh Eo, chun tosaigh ar Graham O’Sullivan agus Paudie Clifford, Ciarraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Seanghalar Mhaigh Eo fós ag cur as dóibh

Bhí Áth Cliath agus Maigh Eo ar an dá fhoireann ab fhearr sa tír le deich mbliana nó mar sin agus cé go bhfuil roinnt mhaith imreoirí ó réanna órga na gcontaetha imithe anois, tugadh léargas ag an deireadh seachtaine cén fáth gur bhuaigh Áth Cliath ocht gcinn de Chraobhacha uile-Éireann le linn na tréimhse sin agus nár bhuaigh Maigh Eo ceann.

Cé nár tugadh mórán seans dóibh in aghaidh Chiarraí, bhí Maigh Eo go láidir sa choimhlint ag leath ama agus, i ndáiríre, ba cheart go mbeadh siad chun tosaigh. Bhí deis iontach ar chúl ag Kevin McLoughlin díreach roimh an mbriseadh ach is amhlaidh a lasc sé an liathróid thar an trasnán. Seanfhadhb í ag Maigh Eo deiseanna den scoth a chur amú agus chonaiceamar neart samplaí eile sa dara leath. Sé iarracht déag a bhí acu ar na postaí sna 35 nóiméad sin agus níor aimsigh siad ach ceithre phointe. Déarfaidh Maigh Eo go raibh Ryan O’Donoghue agus Tommy Conroy ar iarraidh orthu ach tá deiseanna curtha amú acusan freisin i gcluichí móra le cúpla bliain anuas.

Gan amhras, bhí sé níos éasca ag Áth Cliath Corcaigh a chloí ná mar a bhí sé ag Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí ach, agus David Clifford ar leathchos agus scata mór eile i ngeansaithe na Ríochta nach raibh ag déanamh chomh maith agus ba cheart dóibh, d’fhéadfadh Ciarraí a bheith buailte ag foireann mhaith. Ní raibh Maigh Eo sách maith inné.

An oíche roimhe sin, ní raibh Áth Cliath i mbarr a maitheasa in aghaidh Chorcaí ach thapaigh siad na deiseanna nuair a tháinig siad ina mbealach. Bhí fir na príomhchathrach beagáinín meirgeach sa chéad leath ach nuair a theastaigh uathu Corcaigh a chur de dhroim seoil, rinneadar sin.

Níor chuir Áth Cliath iarracht ar bith ar fóraoil sa dara leath go dtí go ndeachaigh an cic deiridh sa chluiche, ón gcosantóir Aaron Byrn,e ar strae. Bhuail Dean Rock an cuaille le hiarracht níos luaithe ach mhaithfeá sin d’fhear Bhaile Munna, a bhí thar a bheith cruinn ó na ciceanna saora. Ní dhearna Rock faic ón imirt i ndáiríre ach nuair atá sé chomh maith sin ó na ciceanna saora, níl aon amhras ach go bhfuil a áit ar an bhfoireann tuillte aige. Dá mbeadh fear chomh cruinn ag Maigh Eo, seans go mbeadh boinn uile-Éireann i bpócaí roinnt acu.

Fág freagra ar 'Gaillimh ag troid go deireadh, Ciarraí buacach ar leathchos, seanghalar Mhaigh Eo agus fuinneamh Dhoire'