Gaelcholáiste Dhún Dealgan sásta le múnla na scoile satailíte

Cé go bhfuil daltaí á múineadh i nGaelcholáiste Dhún Dealgan le cúpla bliain anuas, rinneadh oscailt oifigiúil na scoile a cheiliúradh ag an deireadh seachtaine

Gaelcholáiste Dhún Dealgan sásta le múnla na scoile satailíte

Deir príomhoide scoile ina bhfuiltear ag cur i bhfeidhm múnla píolótach nua a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo chun freastal ar an éileamh atá ann don oideachas lán-Ghaeilge go bhfuil ag éirí go maith leis an gcur chuige go dtí seo.

Cé go bhfuil daltaí á múineadh i nGaelcholáiste Dhún Dealgan le cúpla bliain anuas, rinneadh oscailt oifigiúil na scoile a cheiliúradh ag an deireadh seachtaine.

Bhí feachtas ann le blianta fada chun iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i gcontae Lú agus d’fhógair an t-iar-aire oideachais Norma Foley in 2021 go raibh scoil nua le tosú i nDún Dealgan faoi mhúnla ‘satailíte’. I gcás Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, is é Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín an mháthairscoil.

Tá athbhreithniú le déanamh ar fheidhmiú na scéime píolótaí tar éis cúig bliana agus dúirt an t-iar-aire Norma Foley go bhféadfaí an múnla nua a úsáid in áiteanna eile ar fud na tíre má éiríonn leis.

Tabharfaidh daltaí ó Ghaelcholáiste Dhún Dealgan faoi scrúduithe stáit den chéad uair an bhliain seo chugainn, céim eile don scoil bheag nua seo, Táthar ag súil leis an idirbhliain a chur ar fáil don scoilbhliain 2026/27 agus go mbeidh daltaí ag tabhairt faoi chúrsa na hardteiste an bhliain ina dhiaidh sin.

“Tá ag éirí go maith leis an scoil,” a dúirt an Príomhoide Tánaisteach, Caoimhe Hearún. “Tá Bliain a haon, a dó agus a trí againn anois chomh maith le cúigear múinteoirí. Cé go bhfuil líon na scoláirí beag faoi láthair, tógann sé tamall scoil nua a bhunú. Tógann sé tamall muinín an phobail a fháil ach táimid ag obair go dian air seo agus creidimid gur mhian le muintir na háite oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil.”

Tá obair athchóirithe ar siúl go leanúnach sa scoil chun freastal ar na daltaí. Cuireadh cistin nua isteach don eacnamaíocht bhaile an samhradh seo agus tá ceol, ealaín agus eolaíocht i measc na n-ábhar atáthar in ann a chur ar fáil sa gcampas i nDún Dealgan.

“Cuirimid réimse leathan ábhar ar fáil i nDún Dealgan sinn féin, idir an cúigear múinteoirí atá againn,” a deir Hearún.

“Nílimid ag brath ar aon chianfhoghlaim, nílimid ag taisteal síos go Coláiste Ghlór na Mara ach amháin má theastaíonn uainn a bheith páirteach i lá spóirt nó sa cheoldráma atá acu agus araile.”

Dar le Hearún, tá ag éirí le múnla na scoile satailíte.

“Tá sé ag obair go maith dúinn faoi láthair. Nuair atá tú ag tosú le scoil bheag, tá sé go hiontach an tacaíocht, an saineolas, a bheith agat a bheith agat ón máthairscoil, Coláiste Ghlór na Mara,” a deir sí.

“Tá na buntáistí a bhaineann le scoil mhór á fháil againn chomh maith leis na buntáistí a bhaineann le scoil bheag.”

Tá lucht feachtais ag éileamh ar an stát le fada freastal a dhéanamh ar an éileamh atá ann don oideachas lán-Ghaeilge, go háirithe ag an dara leibhéal. Ní raibh ach 3.4% de dhaltaí iarbhunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge in 2024/25.

Tá sé molta i dtaighde a rinneadh do pholasaí nua atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht go gcuirfí deireadh le córas na n-aonad, ina mbunófaí aonad Gaeilge laistigh de scoil Bhéarla, agus meastar go bhféadfadh múnla na scoile satailíte freastal níos fearr a dhéanamh i dtaobh an tumoideachais.

Ba léir, áfach, ó ráitis éagsúla atá déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an iar-aire Norma Foley go bhfuil an t-aonad Gaeilge sa scoil Bhéarla fós ina chuid lárnach dá bpolasaí agus imní agus fearg léirithe faoin ghné sin agus faoi ghnéithe eile den pholasaí atá beartaithe, agus atá le foilsiú sna míonna amach romhainn.

Fág freagra ar 'Gaelcholáiste Dhún Dealgan sásta le múnla na scoile satailíte'