Gael thar Ghaelaibh ar lár agus Pádraig Ó Mathúna ar shlí na fírinne

Seodóir den scoth agus Gael go smúsach ab ea Pádraig Ó Mathúna, a mairfidh a chuimhne i nDún Chaoin

Gael thar Ghaelaibh ar lár agus Pádraig Ó Mathúna ar shlí na fírinne

Pádraig Ó Mathúna i Séipéal Dhún Chaoin cúpla bliain ó shin

Gael go smúsach ab ea Pádraig Ó Mathúna, an sárfhear sin a cailleadh níos túisce an tseachtain seo. Duine ildánach, má bhí duine ildánach riamh ann, a thug grá dá thír, dá theanga agus dá chultúr dúchais. Fear cuideachtúil, a raibh tréithe an tseanchaí ann; fear fial, éirimiúil, fuinniúil, dílis, macánta agus ceardaí den scoth. Fear nár ghlac le cur i gcéill ná mí-ionracas.

Saolaíodh i gCaiseal Mumhan é, trí bliana déag agus ceithre fichid ó shin agus bheir sé céim sa phoitigéireacht leis ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a bhí lonnaithe ag Ardán Phort an Iarla sa chathair sin ag an am.

Ach is mar sheodóir aitheanta a chuir muintir na tíre seo agus go deimhin, muintir an domhain mhóir ar fad, aithne air. Sea, agus mar dhuine de na pearsana ba dhíograisí ó thaobh na Gaelainne agus cearta lucht na teangan sin. Bhí sé, leis, ábalta a lámh a chur le mórán rudaí eile, seinm na fidle agus péintéireacht ina measc.

Liosta le háireamh is ea na gníomhaíochtaí a bhíodh ar bun ag Pádraig ar son na teangan ab ansa leis. Thug sé tamall ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus sna hochtóidí den gcéad seo caite bhunaigh sé éigse ar a dtug sé ‘Dúchas’, faoi scáth Choiste Dúiche Thiobraid Árann Thuaidh den gConradh. Bhí rath mór ar an éigse sin ar feadh roinnt blianta agus oidhreacht agus dúchas Thiobraid Árann Thuaidh á mionchíoradh ann.

Bhí meas thar cuimse aige ar an gcreideamh Caitliceach agus mhínigh sé don scríbhneoir seo, in agallamh raidió tráth, gur thug sé na blianta fada is é lasmuigh de dhoras na heaglaise Caitlicí i gCaiseal Mumhan agus ná raghadh sé isteach le linn an Aifrinn do bheith á léamh, toisc an tAifreann a bheith á rá as Béarla agus ná raibh fáil ar Aifreann Gaelainne. Réitíodh an scéal go sásúil ar deireadh.

Bhíodh triall na mílte, lucht teilifíse agus lucht raidió ina measc, ar ionad oibre an Mhathúnaigh i gCaiseal Mumhan agus chuir sé gach n-aon a tháinig chuige faoi dhraíocht lena cheardaíocht gan cháim.

“Chaith sé meabhair lena bhfuil cnuasaithe san Iarsmalann Náisiúnta de sheodaibh ár sean, cnuasach ina bhfuil gréithe óir, airgid agus cruain, mar aon le clocha snoite.

Bachlóg a d’eascair san 20ú haois as an seanbhile Ceilteach, tháinig sé ina ghéag.

’Sé Pádraig Ó Mathúna an ghéag sin agus tá sé inniu faoi bhláth. Gréasú bunúsach, bunaithe ar an nós Ceilteach, atá á chleachtadh aige agus é sin i gcló ár linne féin…”

Sin roinnt línte a scrígh duine eile de Ghaeil mhóra na tíre, Nioclás Mac Craith, trócaire sa chré air féin, ó Rinn Ua gCuanach, i dtaobh Phádraig. Beir leat é go raibh an Mathúnach thar a bheith mórálach as an moladh sin i ndea-Ghaelainn den scoth.

Tháinig Pádraig Ó Mathúna agus a bhean chéile, Siobhán, chun cónaithe go Dún Chaoin i ndeireadh na 1990idí agus lonnaíodar sa pharóiste sin go seascair agus thuilleadar meas agus urraim ón gcosmhuintir. D’éag Siobhán ar an 7 Meán Fómhair, 2012 agus déarfadh daoine nárbh é Pádraig an fear céanna ina héis.

Bhronn Comharchumann Dhún Chaoin an gradam ‘Pearsa na Bliana’ ar Phádraig sa bhliain 2015.

Lá Nollag na bliana 2011, bhronn Pádraig Ó Mathúna agus a chéile Siobhán cailís ar Shéipéal Naomh Gobnait i nDún Chaoin i gcuimhne ar mhuintir Mhathúna agus ar Mhuintir de Faoite (muintir Shiobháin). Bhronn teaghlach Mhathúna tuilleadh gréithe altóra ar an Séipéal ina dhiaidh sin i gcuimhne ar na Mathúnaigh, na Faoitigh agus mar ómós do mhuintir Dhún Chaoin.

Is cinnte go mairfidh cuimhne Shiobháin agus Phádraig Ó Mathúna i nDún Chaoin ar feadh i bhfad, mar gheall ar a bhféile le muintir an pharóiste.

Fág freagra ar 'Gael thar Ghaelaibh ar lár agus Pádraig Ó Mathúna ar shlí na fírinne'

  • Seosamh

    Alt suimiúil, taitneamhach.