Gaeilge Joe McHugh “ag feabhsú gach lá” – an Taoiseach

Faic le rá ag an Taoiseach faoi phobalbhreith, ach é sásta go bhfuil Gaeilge an Aire “ag feabhsú gach lá”

 

Tá Gaeilge Joe McHugh “ag feabhsú gach lá”, a thug urlabhraí thar cheann an Taoisigh le fios do Tuairisc.ie.

Ní raibh an Taoiseach, Enda Kenny, sásta a dhearcadh a thabhairt faoi phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown a léirigh go gcreideann formhór an phobail nach bhfuil dóthain á déanamh ag an Stát don Ghaeilge agus gur bhotún é Joe McHugh a cheapadh mar Aire na Gaeltachta.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh:

“Ní labhraíonn an Taoiseach faoi phobalbhreitheanna. Chaith an tAire McHugh cuid den samhradh sa Ghaeltacht agus tá a chuid Gaeilge labhartha ag feabhsú gach lá.”

Cuireadh an ráiteas sin ón Taoiseach ar fáil do Tuairisc.ie sara chraol Nuacht TG4 a gcéad agallamh beo le Joe McHugh  tráthnóna Dé Máirt.

Tharraing agallamh an Aire go leor cainte ó craoladh é tráthnóna an Bhuiséid.


 

Giolc Stiofáin Uí Ifearnáin
« of 4 »

 

Ag labhairt dó ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG, dúirt Aodh Ó Coileáin, tráchtaire agus léachtóir sa chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go raibh sé “thar a bheith deacair aon ghreim a fháil ar aon phointe a dhein sé [An tAire McHugh]”.

Dúirt Ó Coileáin gur mór “an feall nach bhfuil Myles na gCopaleen beo” mar “go mbainfeadh sé cúpla crúiscín lán” as agallamh an Aire Stáit.

“Ní raibh sé féaráilte ar an lucht féachana agus ní raibh sé féaráilte ar an bhfear é fhéin mar nach raibh an acmhainn teanga aige a leithéid a dhéanamh,” a dúirt Ó Coileáin.

Bhí trácht freisin ar agallamh an Aire ar na meáin shóisialta agus cáineadh a dhéanamh ag daoine ar an gcinneadh duine gan líofacht sa teanga a cheapadh mar Aire Gaeltachta. Mhol daoine eile an tAire McHugh as an iarracht a bhí ar bun aige an Ghaeilge a fhoghlaim.

I bpobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown, dúirt 61% de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

Bhí 62% de rannpháirtithe na pobalbhreithe den tuairim gur cheart don Stát níos mó a dhéanamh ar son na teanga.

Ag tagairt do thorthaí phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown, dúirt Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go bhféadfadh an Rialtas gníomh fónta a dhéanamh ar son na Gaeilge láithreach ach buiséad caipitil de €12 mhilliún a cheadú d’Údarás na Gaeltachta sa Bhuiséad inniu.

Dúirt an tiar-Aire Gaeltachta, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív, gur “tuar dóchais” é pobalbhreith Tuairisc.ie don mhionlach de chainteoirí laethúla Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta.

“Léiríonn sé go bhfuil tuiscint agus meas ar thábhacht na Gaeilge agus ar chearta lucht a labhartha fiú i measc an mhórphobail nach labhraíonn í,” a dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil.

Maidir leis an gceist faoi cheapachán Joe McHugh, dúirt sé gur cheart go léireodh sé don Rialtas gur dearmad a bhí déanta ag an Taoiseach agus go bhfuil “tacaíocht láidir i measc an phobail i gcoitinne don Ghaeilge”.