Gaeilge curtha le rogha teangacha shuíomh idirlín Connemarathon i ndiaidh gearáin

Cé go raibh cúig theanga ar shuíomh idirlín an rása a reáchtálfar in iarthar na Gaillimhe mí Aibreáin seo chugainn ní raibh an Ghaeilge ar cheann acu

Gaeilge curtha le rogha teangacha shuíomh idirlín Connemarathon i ndiaidh gearáin

Tá an Ghaeilge curtha mar rogha ar a suíomh idirlín ag lucht eagraithe Connemarathon, maratón a bheidh ag dul tríd an nGaeltacht.

Léirigh roinnt daoine ar na meáin shóisialta iontas faoin scéal nach raibh fáil i nGaeilge ar an suíomh idirlín a bhí ar fáil i gcúig theanga eile.

Nuair a d’fhiosraigh Tuairisc.ie an scéal le lucht eagraithe an rása, dúradh linn go raibh an Ghaeilge anois curtha leis na roghanna ar an suíomh.

Reáchtálfar Connemarathon 2020 in iarthar na Gaillimhe mí Aibreáin seo chugainn.

Chomh maith le bheith ar fáil i mBéarla, bhí rogha ag duine Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis a phiocadh. Tá an Ghaeilge curtha anois leis na roghanna sin agus aistriúchán go Gaeilge ar fáil tríd inneall uathoibríoch aistriúcháin.

Téann bealach an rása ón Teach Dóite, suas cois Loch Eidhneach, isteach i dtreo an Líonáin agus ar ais chuig an Teach Dóite.

Tá Connemarathon ar an bhfód ó 2002 agus ghlac beagnach 2,000 duine páirt i rásaí na bliana seo caite, idir an maratón, an leathmharatón agus an rímharatón.

Fág freagra ar 'Gaeilge curtha le rogha teangacha shuíomh idirlín Connemarathon i ndiaidh gearáin'