Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh

Tá an cúigiú cuid den 154 soinéad a scríobh Shakespeare aistrithe go Gaeilge ag Sorcha de Brún

Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh

Tá Gaeilge curtha ar shoinéid William Shakespeare ag Sorcha de Brún, Léachtóir Litríochta agus Teanga na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh. Bhain an Dr de Brún úsáid as peintiméadar iambach, rithim filíochta a bhaineann go dlúth le saothar Shakespeare. Foilsíodh an chéad chuid de na haistriúcháin san iris Comhar le deireanas agus táthar ag súil le tuilleadh acu a fhoilsiú níos deireanaí i mbliana.

Agus í ag déanamh cur síos ar an spreagadh a bhí aici le tabhairt faoin dúshlán seo, dúirt an Dr de Brún go raibh sí ag iarraidh a chruthú go bhféadfaí é a dhéanamh.

“Dúirt cúpla file agus scríbhneoir Gaeilge liom, ‘ní féidir leat peintiméadar iambach a thabhairt trasna ón mBéarla go dtí an Ghaeilge’, agus an freagra a bhí agamsa ná ‘ó, sílim gur féidir liom!’”

Fuair sí spreagadh freisin ó na mothúcháin agus an taithí saoil a ndéanann Shakespeare cur síos orthu sna soinéid. Mothúcháin dhaonna iad atá chomh tráthúil anois agus a bhí siad nuair a scríobhadh na soinéid ar dtús sa séú haois déag, dar léi.

“Ar ndóigh, ba é Shakespeare duine de na scríbhneoirí is iontaí dár mhair riamh, só, déanann sé go leor i dtéarmaí sealbhaithe nuair a thugtar a shaothar trasna chuig mionteanga.

“Freisin i gcomhthéacs na rudaí gur féidir linn a dhéanamh chun an nasc idir litríocht na Gaeilge agus litríocht an Bhéarla a léiriú. Taispeánann sé cé chomh solúbtha agus chomh cruthaitheach is atá teanga nuair a dhéantar tograí mar seo.”

Tá nasc dlúth ag an obair atá á dhéanamh ar na soinéid ag Dr de Brún leis an taighde atá á dhéanamh ag Roinn na Gaeilge san ollscoil, áit a bhfuil staidéar comparáideach á dhéanamh ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus an Bhéarla.

Tá nasc láidir ag an obair atá déanta ag Dr de Brún ar na soinéid le taighde nuálach atá á dhéanamh ag Roinn na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh freisin.

“Tá mac léinn PhD agam atá ag déanamh staidéar comparáideach ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus an Bhéarla. Seo réimse nach bhfuil mórán taighde déanta ann.”

Deir an Dr de Brún go bhfuil AI ag cur isteach ar an aistriúchán ach go gcreideann sí go mbeidh gá i gcónaí le haistritheoirí daonna, go háirithe i réimse na litríochta.

“Ceapaim go mbeidh aistritheoirí ag teastáil i gcónaí i gcúrsaí litríochta, áfach. Seo an áit ina dtagann an traschruthú i gceist. Ní hí an teanga amháin atá á haistriú, ach an cultúr freisin.

“Nuair a bhogann tú amach ón aistriúchán beacht a dhéantar ar cháipéisí oifigiúla agus go dtéann tú chuig réimsí eile ar nós an cheoil agus na litríochta, is traschruthú agus idirghabháil atá san aistriúchán. Ní faoi aistriú na teanga amháin atá sé, ach faoi raidhse roghanna a dhéanamh mórthimpeall ar an sprioctheanga agus ar an mbunteanga freisin.”

Tá an cúigiú cuid den 154 soinéad a scríobh Shakespeare aistrithe go Gaeilge anois ag an Dr de Brún go dtí seo agus é d’aidhm aici na soinéid ar fad a aistriú go Gaeilge. Táthar ag súil iad a fhoilsiú mar leabhar nuair a bheidh an obair aistriúcháin déanta.

Soinéad 29

(‘When in disgrace with fortune and men’s eyes’).

 

Is míchlú orm gan rath i súile fear,

Ag caoineadh staid seo dom curtha le fán,

Is buairim neamh nach dtugann ach cluas bhodhar,

Ag smaoineamh orm, mo mallacht ar mo dhán,

‘Súil gur cosúil leis mé lena dhóchas,

A chuntanós eisean, na cairde dó,

Ealaín an fhir thall is scóip an tsaibhris,

A dtaitníonn liom is mó, is lú an só;

Fós sa mhachnamh dom, nach mór féinfhuath,

Cuimhním ort le sult, imíonn mo náire,

Mar éan ag ardú leis sa spéir go luath,

As ithir dhuairc a cheol ag geataí Glóire;

Mar ’s é do ghrá mo shaibhreas ins an oíche,

Is diúltaím staid seo dom a mhalartú le ríthe.

Sonnet 29

When in disgrace with fortune and men’s eyes.

When, in disgrace with fortune and men’s eyes,

I all alone beweep my outcast state,

And trouble deaf heaven with my bootless cries,

And look upon myself and curse my fate,

Wishing me like to one more rich in hope,

Featured like him, like him with friends possessed,

Desiring this man’s art and that man’s scope,

With what I most enjoy contented least;

Yet in these thoughts myself almost despising,

Haply I think on thee, and then my state,

(Like to the lark at break of day arising

From sullen earth) sings hymns at heaven’s gate;

For thy sweet love remembered such wealth brings

That then I scorn to change my state with kings.

Fág freagra ar 'Gaeilge curtha ar shoinéid Shakespeare ag léachtóir in Ollscoil Luimnigh'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Sárphíosa scríbhneoireachta agus beidh súil mhór agamsa le tuilleadh de aistriúchain Shorcha a fheiceáil! :-)

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Féach chomh maith https://www.litriocht.com/t%C3%A1irge/rotha-mor-an-ghra/
    Saothar le Muiris Sionóid

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Tá an leabhar sin agam freisin Dáithí :-)