Gearrfar pionós ar Donald Trump ar an 25 Iúil. Tá go dtí an tríú lá déag den mhí seo ag a chuid dlíodóirí cáipéis achomhairc a chur faoi bhráid na cúirte agus coicís eile ina dhiaidh sin ag dlíodóirí chathair Nua-Eabhrac le freagra a thabhairt orthu. Sin an chéad chéim eile sa gcás inar ciontaíodh Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe den chéad uair riamh i gcoireanna coiriúla.
Cé go raibh Trump ciontaithe i roinnt cásanna eile cheana féin a bhain le cúrsaí sibhialta ba é seo an chéad uair go raibh an focal “coirpeach” luaite le hUachtarán de chuid na Stát Aontaithe.
Cén pionós a ghearrfar air? De réir na reachtaíochta d’fhéadfaí suas le ceithre bliana príosúin a chur air ach glacann an chuid is mó de lucht anailíse agus saineolaithe dlí leis gur beag seans go dtarlóidh sin. D’fhéadfaí é a chur faoi choinneáil ina árasán, d’fhéadfaí obair i measc an phobail a chur air le bruscar a ghlanadh nó d’fhéadfaí tréimhse príosúnachta ar fionraí a chur air fad agus go gcloíonn sé le coinníollacha ar leith. Beidh a fhios sin againn ar an 11 Iúil.
Sí an cheist mhór, ar ndóigh, cén tionchar a bheidh aige seo ar fad ar an bhfeachtas do thoghchán na huachtaránachta? Níl aon chosc air leanacht ar aghaidh lena fheachtas ó tharla gur coireanna iad seo a bhaineann le dlí Stát Nua-Eabhrac seachas an dlí feidearálach.
Pé pionós a ghearrfar ar Trump, fógrófar é ceithre lá sula gcuirtear tús le comhdháil náisiúnta an pháirtí Phoblachtánaigh ar an 15 Iúil i Milwaukee. Ag an gcomhdháil seo a roghnófar Trump go hoifigiúil mar iarrthóir agus a chuirfear tús oifigiúil leis an gcoimhlint idir é féin agus Biden. Go deimhin, beidh an chéad díospóireacht idir an bheirt curtha díobh acu ag deireadh na míosa seo – an 27ú atá socraithe.
An mó dochar nó leas a dhéanfaidh breithiúnas na cúirte do Trump? Ceist í sin a gcoinneofar súil ghéar uirthi sna pobalbhreitheanna as seo go ceann cúpla seachtain, go háirithe sna sé nó seacht stát a bheidh cinniúnach sa toghchán i mí na Samhna.
Tá leas dá bhaint ag Trump as an triail seo le roinnt seachtainí le mionslógaí toghchánaíochta a reáchtáil. Nuair a tháinig sé amach as an gcúirt inné dúirt sé go neamhbhalbh go bhfuil fianaise aige go raibh an triail cam.
Ar an 5 Samhain a thabharfaidh an pobal breithiúnas orm, a dúirt sé. Sin í an fhírinne. Cé go bhfuil na céadta cúis eile in aghaidh Trump, tá na cásanna ar fad in staic an fhad agus atáthar ag fanacht le breithiúnas ón gCúirt Uachtarach faoi dhíolúine Uachtaráin ó chúiseanna coiriúla.
Sa ngort polaitiúil, mar sin, a fheicfear, ciallachais an bhreithiúnais seo – tá gach seans go ndéanfaidh an breithiúnas leas d’fheachtas Trump mar gheall ar a dhílse agus atá a lucht tacaíochta dó. Cén chaoi a n-éireoidh le Biden dul i gcion ar an gcuid sin den phobal a bhfuil alltacht orthu faoin riocht ina bhfuil polaitíocht na Stát Aontaithe?
Eoin Ó Murchú
Ní den chéad uair ach den chéad uair go hoifigiúil de réir breithiúnas cúirte
Pól
“d’fhéadfaí obair i measc an phobail a chur air le bruscar a ghlanadh” ….
Ní chuirfidh sé iontas dá laghad orm é a fheiceáil ina uachtarán amach anseo, ach mar sin féin tá súil agam go mbeadh ticéid ar díol don ócáid thuasluaite…