‘Gabháil den tua i mbaic an mhuiníl ar aoinne a thabharfadh a chuid ar fad dá mhac ná dá iníon’

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol.  Agus a chlann curtha i gcrích ag Seán ba bheag a bhuíochas…

‘Gabháil den tua i mbaic an mhuiníl ar aoinne a thabharfadh a chuid ar fad dá mhac ná dá iníon’

Bhí feirmeoir tábhachtach ann fadó. Seán an Ghleanna a thugaidís air. Bhí beirt mhac agus triúr iníon aige.

Phós sé iníon acu agus fuair sé spré bhreá di. Thug sé spré mhór di. Phós sé an tarna hiníon ansan. Thug sé spré mhór di leis agus fuair sé áit an-saibhir di. Phós sé an mac ansan agus thug sé spré mhór dó, ach bhí sé gairid céad punt den spré. Bhí mac agus iníon aige ansan gan pósadh.

Bhí eagla air ansan go bpósfadh an mac gan a chomhairle féin d’iarraidh agus ná tabharfadh sé aon spré isteach. Ach níor dhein. Dhein an t-athair an cleamhnas agus fuair sé spré mhór. Phós sé an iníon dheireanach ansan agus an céad punt a bhí sé gairid roimhe sin thug sé don mhac é. Ní raibh aon ní aige féin ansan.

Cheap sé nuair a dhein sé chomh mhaith don chlann go gcabhróidís ar fad leis ach níor chabhraíodar agus is gearr ná raibh aon mheas acu air. Bhí sé go suarach ansan. Ní raibh aon ní aige. Ní raibh aon mheas ag an mac deireanach air ná ag an iníon a bhí aige.

B’éigean dó dul chun cónaithe i dteach beag. Bhí fear críonna sa pharóiste go dtugaidís Tadhg Scoláire air. Chuir sé fios air agus chaith Tadhg an lá leis ag scríobh a uachta.

Cheap a mhac agus bean an mhic go raibh an seanduine lán d’airgead fós. Bhíodar ana-dheas leis as sin amach agus chuireadar cailín aimsire ag déanamh gach aon ní dó.

Sa deireadh bhuail breoiteacht ar an bhfear bocht agus cailleadh é. Bhí an uacht sa bhosca fé ghlas aige. Níor fhan a mhuintir breis aimsire gur bhriseadar an glas agus thógadar amach an uacht. Bhí sé scríofa i nGaolainn. Níor fhéad aoinne acu é léamh agus b’éigean dóibh fios a chur ar Thadhg Scoláire arís. Bheir Tadhg ar an uacht agus léigh sé í agus seo a bhí ann:

‘Gabháil den tua i mbaic an mhuiníl ar aoinne a thabharfadh a chuid ar fad dá mhac ná dá iníon.’

Máire Táilliúra (80), Na Ladhráin, Uíbh Ráthach, Co Chiarraí a d’eachtraigh.

Bhí leagan den scéal seo ag Siobhán Ní Úrdail (45) as Tuairín na Gréine i mBéarra ach gur sióg a chuir comhairle ar an seanfhear. Thug sí ór dó agus dúirt leis: ‘Tabhair an bosca agus an t-ór abhaile leat. Nuair a thiocfaidh lá breá, leath amach ar éadach bán é á chomhaireamh.’ Do dhein sé mar a dúradh leis.

Do chonaic muintir an tí é agus do bhí cion mór acu air as san amach. I gcionn tamaill buaileadh an seanduine breoite. Nuair a bhí sé curtha chuadar go dtí an bosca agus bhí scríofa ann. “Buille an tua trasna mhuineál an té a thabharfadh a chuid dá mhac nó dá iníon.”

Fág freagra ar '‘Gabháil den tua i mbaic an mhuiníl ar aoinne a thabharfadh a chuid ar fad dá mhac ná dá iníon’'