Deir Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr maoinithe na heagraíochta.
Dúirt Regina Uí Chollatáin go raibh súil aici nach gcaillfí aon phostanna in earnáil na Gaeilge de dheasca na gciorruithe atá á ndéanamh ag an eagraíocht trasteorann.
Dúirt sí go raibh súil aici gur rud sealadach a bheadh sa ghearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna a ndéanann an Foras maoiniú orthu agus go raibh na ciorruithe déanta ar bhealach “an-chothrom”.
D’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite go raibh ciorruithe forleathana le déanamh ar an maoiniú a chuireann an eagraíocht teanga ar fáil ar mhaithe le dul i ngleic le “bearna mhór i mbuiséad 2025”.
Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad bliantúil Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, ach bíonn fadhbanna go minic le blianta fada le maoiniú na heagraíochta mar gheall ar dheacrachtaí polaitiúla ó thuaidh.
Ag labhairt di le Good Morning Ulster, dúirt Regina Uí Chollatáin, go seasann an socrú sin ach gur cinnte go mba chun leasa na bhforas trasteorann go léir a bheadh sé dá ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras.
“Tá sé seo tarlaithe le roinnt blianta, in 2008 nuair a bhí an ghéarchéim airgeadais sa deisceart, cuireadh ciorruithe i bhfeidhm ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus níor tháinig aon athrú ar bhuiséad an Fhorais ó shin seachas ardú amháin in 2021.”
Dúirt Cathaoirleach Bhord an Fhorais gur “ráiteas an-mhór” ó rialtas na hÉireann ab ea é go bhfuil cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge ar aire rialtais sinsearach den chéad uair le 14 bliain.
D’fhógair an Chomhaire Aireachta Thuaidh-Theas an fómhar seo caite go raibh na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas tar éis teacht ar shocrú nua a cheadódh “solúbthacht” maidir le maoiniú forais thuaidh theas ach dúirt LeasChéad-Aire an Fheidhmeannais, Emma Little–Pengelly an DUP, an tseachtain seo nár thacaigh sí leis an socrú a moladh.
Dúirt Little-Pengelly nár cheap sí go raibh aon chúis leis an socrú reatha a athrú agus go mbeadh “dúshlán” ann aon athrú a dhéanamh.
Deir an rialtas ó dheas go bhfuil ceist mhaoinithe Foras na Gaeilge á plé ag na ranna airgeadais agus na ranna cuí eile ó thuaidh agus ó dheas agus cinneadh fós le déanamh maidir le buiséad an Fhorais do 2025.
Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar na rialtais ó dheas agus ó thuaidh as an teip eagrais Ghaeilge “a mhaoiniú mar is cuí agus as todhchaí Foras na Gaeilge a chur i mbaol”.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur léir go bhfuil Foras na Gaeilge “briste mar struchtúr éifeachtach maoinithe” agus go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha ann don dá rialtas.
Deir an Foras go bhfuil bearna breis is €800,000 i mbuiséad na heagraíochta i mbliana agus go raibh gearradh siar le déanamh dá bharr i nach mór gach réimse de na seirbhísí a ndéanann siad maoiniú orthu.
Fág freagra ar 'Gá le hathbhreithniú ar struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge – cathaoirleach'