Thug Coimisinéir Teanga na Breataine Bige foláireamh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí inniu faoin gcineál córais nua atá le tabhairt isteach chun seirbhísí i nGaeilge a chinntiú.
Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts, ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais tráthnóna, mar a ndearna sé cur síos ar chóras na gcaighdeán atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag ó thaobh cearta teanga.
Rinne an Coimisinéir Aled Roberts cur síos ar chóras na gcaighdeán sa Bhreatain Bheag agus dúirt sé go raibh sé riachtanach go mbeadh dóthain acmhainní ag a leithéid de chóras.
“Tá acmhainn dhóthanach ag teastáil le socruithe nua a chur i bhfearas agus chun cur le feasacht i dtaobh na socruithe nua.
“Ceal a leithéid d’acmhainn ní féidir an pobal a chur ar an eolas i gceart agus glacfaidh sé tamall níos faide ná is gá ar eagraíochtaí an cur chuige a thuiscint,” arsa Aled Roberts.
Deirtear i mbille teanga nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.
Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.
Faoin mbille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.
Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.
Ag caint faoina thaithí ar chóras na gcaighdeán sa Bhreatain Bheag, dúirt Aled Roberts go raibh sé tábhachtach gur tugadh ról don Choimisinéir Teanga i mbunú na gcaighdeán sa tír sin. Déanann Roberts agus lucht a oifige taighde faoi na riachtanais atá ann i dtaobh seirbhísí sula leagann an Rialtas síos cad iad na dualgais a leagfar ar chomhlachtaí sna caighdeáin sin.
Sa Bhreatain Bheag, tugann an Coimisinéír Teanga faoi “imscrúdú caighdeáin” sula ndéanann an Rialtas na caighdeáin a dhearadh. Chinntigh sé sin, a dúirt Roberts, nach raibh na caighdeáin nua ní ba laige ná na gealltanais a tugadh sna scéimeanna teanga a tháinig rompu.
Fág freagra ar 'Gá le ‘dóthain acmhainní’ do chóras nua cearta teanga – Coimisinéir Teanga na Breataine Bige'