Fuair mé scéal a bhí éagsúil ar fad le scéal na meán nuair a d’fhreastail mé ar shlógadh de chuid Jeremy Corbyn

D’fhreastail ár gcomhfhreagraí ar ócáid de chuid cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn a bhí ar siúl le déanaí in Wallasey West toghcheantar imeallach ar leithinis Wirral

Fuair mé scéal a bhí éagsúil ar fad le scéal na meán nuair a d’fhreastail mé ar shlógadh de chuid Jeremy Corbyn

Bhí an port céanna ag leithéidí an BBC le tamall; cé go mbíonn sluaite móra ag Jeremy Corbyn ag a chuid slógaí ní raibh mórán tacaíochta aige ar fud na tíre. A mhalairt ar fad atá fíor i gcás Teresa May, a deirtear. Cé nach meallann sí na sluaite móra agus í ag labhairt amuigh faoin spéir, bhí sí i bhfad chun tosaigh ar Corbyn, de réir na saineolaithe sna meáin chumarsáide.

Tá mise i mo chónaí i Walton, Learpholl, an toghlach is láidre ag Páirtí an Lucht Oibre i Sasana, agus tuigim go maith dá bharr nach bhfaighim an ‘pictiúr iomlán’. Mar sin nuair a fuair mé preasráiteas ag rá go mbeadh Jeremy Corbyn ag labhairt ag 4.30pm i West Kirby, toghcheantar imeallach Wallasey West ar leithinis Wirral, shocraigh mé dul ann.

Sular fhág mé an teach d’éist mé le BBC Radio Merseyside ach níor luaigh siadsan an slógadh ar chor ar bith.

Thaistil mé ar thraein faoi abhainn an Mersey go dtí West Kirby, baile rathúil ar bhruach abhainn an Dee. Bhí deich stáisiún romham sula mbainfinn mo cheann scríbe amach, agus cé go raibh mé an-luath don slógadh, tháinig daoine a bhí ag triall ar an ócáid chéanna liomsa ar bord ag gach stad, sa dóigh go raibh an traein lán le lucht tacaíochta Corbyn faoin am a bhain muid West Kirby amach ag 3.30pm.

Tráthnóna ceathach a bhí ann, agus cé go raibh an slógadh in áit ghaofar, in aice leis an trá, níor chuir an méid sin isteach ar an lucht éisteachta. Bhí na mílte i láthair agus brait agus póstaeir dhearga ag cuid mhaith acu.

Bhí neart ama agam le siúl thart ag amharc timpeall agus ag labhairt le daoine. Fíormheascán daoine a bhí ann, idir óg agus aosta, idir dhubh agus gheal. Bhí grúpa iarshaighdiúirí ann fiú, agus bairéid agus boinn mhíleata orthu. Ba léir gur chuma leis an ngrúpa seo faoi na líomhaintí faoi Corbyn a bheith báúil leis an IRA. Deirtear go raibh 4,000 duine ar fad i láthair.

“Cén dóigh a raibh a fhios agat go raibh an slógadh ann agus gan é luaite sna meáin chumarsáide?” a d’fhiafraigh mé de roinnt daoine. “Na meáin shóisialta,” an freagra a tugadh dom arís agus arís eile. Seo í an fhadhb atá ag an BBC agus na meáin thraidisiúnta eile – níl monaplacht ar an nuacht acu níos mó.

Labhair Nancy Koop, oifigeach óige ar dtús, agus d’iarr sí ar an dream óg clárú don liosta vótála roimh an spriocdháta, mar gur minic a bhíonn cuid mhaith acu patuar faoin pholaitíocht. An uair sin, breis is seachtain ó shin, bhí seacht milliún duine a bhí i dteideal vóta nach raibh cláraithe go fóill.

Labhair an t-iarrthóir Margaret Greenwood ansin. Mhínigh sí don slua gur mhóramh beag a bhí aici, 470 vóta, agus mar sin go raibh sé tábhachtach do chách a vóta a chaitheamh ar an 8 Meitheamh. Labhair sí fosta faoin bhfraiceáil atá beartaithe faoi abhainn an Dee, rud nach raibh a fhios agam faoi. Tá Páirtí an Lucht Oibre in aghaidh na fraiceála.

Bhí daoine ag scairteadh ‘Corbyn, Corbyn’ faoin am a tháinig ceannaire an pháirtí ar an ardán.

Ghabh sé buíochas leis an slua mór agus mhaígh sé go raibh cúrsaí “ar an talamh” an-difriúil ón scéal atá coitianta sna meáin chumarsáide. “Since the election campaign started thousands of people have joined the Labour Party and thousands more have donated money on line – the average amount being £22, which shows the sort of people who support our party, in comparison to the millionaires who bankroll the Tories,” a dúirt sé.

Labhair sé faoin mbochtanas, faoi dhaoine gan dídean, faoi oibrithe ar chonarthaí náid uaireanta, faoi chás na bpinsinéirí agus cás na mac léinn. “Look at Tory priorities in the 21st century: bring back fox hunting and bring back grammar schools – cutting edge stuff!”

Chuaigh sé go Prenton Park, ionad baile Tranmere Rovers, tar éis an tslógaidh, mar bhí ceolchoirm ar siúl ansin agus The Coral agus The Libertines ag seinm. Chuir an lucht éisteachta fáilte mhór roimhe agus d’éist siad lena chuid cainte agus aoibh mhaith orthu.

Pictiúr an-difriúil ón gceann a fheictear sna meáin chumarsáide.

Fág freagra ar 'Fuair mé scéal a bhí éagsúil ar fad le scéal na meán nuair a d’fhreastail mé ar shlógadh de chuid Jeremy Corbyn'