FUAIM: ‘Géill Slí’ do Bhruadar agus amhrán nua eisithe acu

Tá amhrán nua curtha amach ag Bruadar, beirt Ghael a chas ar a chéile tamall de bhlianta ó shin agus iad ag buscáil i mBaile Átha Cliath

FUAIM: ‘Géill Slí’ do Bhruadar agus amhrán nua eisithe acu

Tá amhrán úr ‘Géill Slí’ eisithe ag Bruadar, grúpa Mharcuis Mhic Conghail agus Eoin O’Brien.

Seo an dara hamhrán le Bruadar, beirt cheoltóirí a chas ar a chéile tamall de bhlianta ó shin agus iad ag buscáil i mBaile Átha Cliath. Chuir Bruadar a gcéad amhrán, ‘Cara’, amach anuraidh.

Tá aithne orthu beirt as a bheith ag seinm le grúpaí ceoil comhaimseartha Gaeilge éagsúla.

Chaith Eoin O’Brien, a sheinneann an dordghiotár agus uirlisí eile, roinnt blianta ag seinm leis an ghrúpa Kíla, agus tá an file, cumadóir agus amhránaí, Marcus Mac Conghail ina bhall den bhanna Thatchers of the Acropolis, chomh maith le roinnt grúpaí ceoil eile.

Ba é Mac Conghail a chum liricí ‘Géill Slí’ agus is é O’Brien a sheinneann formhór na n-uirlisí atá le cloisteáil ar an phort nua – an corn Francach, an basúcaí agus an dord leictreach.

Kevin Malone atá i mbun drumadóireachta agus tá triúir amhránaithe óga – Naoise, mac Mhic Chonghail, Sally, iníon O’Brien, agus cara leo Muireann Ní Éadeáin – i mbun ceoil ar an rian freisin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Mac Conghail gurb é “an modh ordaitheach a bhíonn le feiscint ar chomharthaí sráide a mhúscail na focail”.

  ‘Géill Slí’ ar cheann de roinnt amhrán nua a thaifead Bruadar le linn seal a chaith siad sa stiúideo an Nollaig seo caite agus tá súil acu tuilleadh de na hamhráin nua sin a chur amach go luath.

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘Géill Slí’ do Bhruadar agus amhrán nua eisithe acu'