FÍSEÁN: Sean-nós, ‘electro’ agus ‘Mo Ghile Mear’! Seo chugainn Thatchers of the Acropolis

Is é ‘Port Geal’ an chéad fhíseán atá curtha amach ag Thatchers of the Acropolis banna ceoil Gaelach a bhaineann a gcasadh féin as an traidisiún

Tá físeán d’amhrán úr eisithe ag Thatchers of the Acropolis, banna a dhéanann cleamhnas idir an ceol leictreonach agus an sean-nós.

Is é ‘Port Geal’ an chéad fhíseán atá curtha amach ag an bhuíon seo. Cúigear ‘tuíodóirí’ atá ann – Naoise Woods agus beirt aithreacha agus beirt mhac, Marcus Mac Conghail agus a mhac Naoise agus Rónán Ó Muirgheasa agus a mhac Súlán.

Amhrán bríomhar lán rithime is ea ‘Port Geal’, a bhfuil meascán ceoil le cloisteáil ann, idir uirlisí práis, chnaguirlisí, an méarchlár, glórtha le tionlacan ceoil agus cantaireacht gan tionlacan. 

Rónán Ó Muirgheasa, ar scannánóir chomh maith é, a chum focail an amhráin ina bhfuil línte sa churfá ó ‘Mo Ghile Mear’, an dán is cáiliúla le Seán ‘Clárach’ Mac Domhnaill, an file mór de chuid an 18ú haois.

Ba é Ó Muirgheasa a rinne an físeán a taifeadadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn an tsneachta mhóir i mbliana agus ba é a mhac Súlán, a sheinneann an méarchlár sa ghrúpa, a rinne an obair bheochana.

Cineál aiséirí atá i gceist do na ‘tuíodóirí’ agus bhí na Thatchers of the Acropolis ar an bhfód ar feadh tamaill ag tús na mílaoise nuair a bhíodh Marcus Mac Conghail agus Rónán ó Muirgheasa “ag gigeáil ar fud na tíre”.

Dúirt Marcus Mac Conghail le Tuairisc.ie gur bhain siad an-sult as an tréimhse sin ach nár mhair sí i bhfad.

“Bhí an ceol agus an spraoi an-taitneamhach. Sheinneamar ár ngig dheireanach ar Oileán Thoraí, ag féile a d’eagraigh Rónán Mac Aodha Bhuí agus chuamar ár mbealaí féin ina dhiaidh sin.”

Rinneadh athbheochan ar an ghrúpa dhá bhliain ó shin ag ceolchoirm a d’eagraigh Liam Ó Maonlaí i nGaelscoil Lios na nÓg, agus tá áthas ar Mharcus gur tháinig Naoise Woods, a mhac Naoise agus Súlán Ó Muirgheasa isteach sa ghrúpa ó shin.

“Is é an rud is nádúrtha ar domhan atá ann agus is í an chumarsáid cheoil an rud is áille ar domhan,” arsa Marcus Mac Conghail. 

Tá Thatchers of the Acropolis ag súil le bheith ag seinm ag féilte ceoil i rith an tsamhraidh agus beidh gigeanna á bhfógairt acu ar na meáin shóisialta go luath. 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Sean-nós, ‘electro’ agus ‘Mo Ghile Mear’! Seo chugainn Thatchers of the Acropolis'