Fréamhacha na Gaeilge le fáil ar bhruach thuaidh na Mara Duibhe 4,500 bliain ó shin – saineolaí

Deir saineolaí ar an tseandálaíocht teangeolaíochta go bhfágann an anailís DNA nach mór dúinn ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar ár dtuiscint ar dhúchas na Gaeilge

Fréamhacha na Gaeilge le fáil ar bhruach thuaidh na Mara Duibhe 4,500 bliain ó shin – saineolaí

Tá sé á áitiú ag saineolaí aitheanta go dtugann fianaise DNA le fios gur san imirce as na machairí nó na steipeanna Pontach-Caispeacha ar bhruach thuaidh na Mara Duibhe 4,500 bliain ó shin atá fréamhacha na Gaeilge le fáil.

Saineolaí ar an tseandálaíocht teangeolaíochta é an tOllamh Emeritus Jim Mallory in Ollscoil Bhéal Feirste agus measann sé gur le teacht dream daoine a bhain le cultúr an Beaker Bell [Eiscear Cloig] go dtí an tír seo a tosaíodh ar an teanga dá ngairtear Gaeilge sa lá inniu.

Deir Mallory, údar an leabhair cháiliúil The Origins of the Irish, go léiríonn an anailís is deireanaí ar fhianaise DNA gur de shliocht dreamanna éagsúla a thug a n-aghaidh anoir trasna na hEorpa go dtí an tír seo as an gceantar ó thuaidh den Mhuir Dhubh agus Muir Chaisp 5,500 bliain ó shin iad formhór mór na nÉireannach.

Tá impleachtaí móra ag an anailís DNA sin dár dtuiscint ar fhréamhacha na Gaeilge, dar leis.

Tháinig na daoine sin chun na hÉireann as cultúr ar a dtugtar Cultúr an Eiscir, a fuair a ainm ón soitheach óil a bhí acu ar chosúil é le clog bunoscionn. Ba é an cultúr sin a bhí i dtreis i gcuid mhór d’iarthar na hEorpa an tráth sin.

De bharr nár thángthas riamh ar aon fhianaise sheandálaíochta fhisiciúil, shíl go leor saineolaithe nár fhág imircigh chultúr sin an eiscir a lorg ar an tír seo.

Ach léiríonn an mhapáil ghéiniteach a rinneadh ó shin go bhfuil marcóir géiniteach ón dream sin ag 84% d’fhir na tíre seo. I nDún na nGall bhí an marcóir ar leith sin ag 95% d’fhir Chonallacha.

Tá fomharcóir eile ann a léiríonn nasc le ceantar ar leith ó thuaidh den Mhuir Dhubh agus Muir Chaisp.

Maíonn Mallory agus saineolaithe eile anois gurb í an chúis gur fánach a bhfuil d’ábhar atá cosúil le hearraí lucht an Eiscir le fáil sa tír seo gur bhunaigh an dream a chuir fúthu in Éirinn a gcultúr sainiúil féin.

B’amhlaidh, a deirtear, nár choinnigh siad ach an rud ab áil leo óna gcomharsana Eiscir sa tír béal dorais ar a dtugtar an Bhreatain sa lá inniu.

Cúis eile leis an easpa fianaise fhisiciúil ná go raibh an créamadh coitianta in Éirinn, rud a d’fhágfadh gur dóigh gur scriosadh iarsmaí Chultúr an Eiscir.

Sa bhfoilseachán is déanaí ag Mallory From the Steppe to Ireland: The Impact of aDNA Research, ar tharraing an Irish News aird air ar dtús, áitíonn sé go léiríonn an fhianaise nua seo go gcaithfidh go leor teangeolaithe “athmhachnamh” a dhéanamh ar an tuiscint nua seo ar dhúchas na Gaeilge, tuiscint “a cheapadar a bhí a bhí gan dealramh ó thaobh na teangeolaíochta de”.

Ó tharla nár tháinig aon mhaidhm mhór eile imirceach go hÉirinn nó gur tháinig na Lochlannaigh chugainn, maíonn Mallory gurb é an t-aon mhíniú eile le dealramh atá ann gur tháinig an Ghaeilge ó fhoinse éigin deireanach in Aois an Chré-Umha nó in Aois an Iarainn.

Dá mb’fhíor sin, a deir sé, bheadh ar theangeolaithe anois a mheas cén chaoi ar tháinig teanga Ind-Eorpach amháin go hiomlán in áit teanga Ind-Eorpach an Eiscir a bhí á labhairt sa tír seo roimpi.

“Níl aon dabht ach go bhfuil ‘am spéisiúil’ roimh sheandálaithe agus teangeolaithe a bhuíochas don fhianaise nua ó na géineolaithe agus an t-eolas nua seo le réiteach acu,” a dúirt an tOllamh Mallory.

Is iondúil go ndeirtear gur ceann de na teangacha Ceilteacha a tháinig ón Ind-Eorpais í an Ghaeilge. Na Gréagaigh is túisce a thagair do theanga agus cultúr Ceilteach thart ar 600 RCh.

Tá Mallory ag áitiú sa staidéar nua seo gur féidir fréamhacha na Gaeilge a rianú siar beagnach 2,000 bliain roimhe sin.

Fág freagra ar 'Fréamhacha na Gaeilge le fáil ar bhruach thuaidh na Mara Duibhe 4,500 bliain ó shin – saineolaí'

  • Rossa Ó Snodaigh

    An-suimiúl ar fad, ach tuige nach meastar gur as Éire a dtádinig an dream s’acu chuig an mhuir caspiach?
    Nach túisce fonn taistil ar oileánaigh toisc cruatan ná siúd le flúirse bia is talmhaí ina dtimpeall?
    Teoiric é seo a mhíneodh an cúis gur teanga iomlán IndEorapach atá sa Ghaeilge, mhíneodh sé freisin an fáth go bhfuil a laghad iarsmaí dá gcuid sa tír seo, mar gur dócha gur fhoghlaim siad conas iad a dhéanamh ó pé cosmhuintir lenar mbuail siad leo.

  • Gabriel Rosenstock

    Nach maith an rud é nár chuir NATO bac orthu ar a slí anoir!

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is seandálaí stuama é an t-ollamh Jim Mallory agus is fiú suntas a ghlacadh lena chuid tuairimí. Ach ó thaobh na teangeolaíochta de, ní féidir dáta níos sine ná níos cruinne ná an 1ú haois AD a chur ar theacht daoine le Gaeilge (nó Ceiltis) go hÉirinn. Ní insíonn DNA ná na potaí a bhí ag daoine cén teanga a labhair siad! Ní labhraíonn chuile dhuine a bhfuil lampa, bord nó leaba de chuid IKEA acu ag baile, Sualannais!

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Óir is do chlainn Mhagog gach gabháil d’ár’ ghabh Éire iar ndílinn. Ag Srú mac Easrú scaras Partholón agus Clanna Neimheadh re’ raile; agus ag Seara scaraid Fir bolg, Tuatha Dé Danann, agus mic Míleadh. Agus is Scoitbheurla do bhí ag gach cineadh dhíobh. Is follus sin as an uair táinig Ioth mac Breogáin i n-Éirinn; óir is tré Scoitbheurla do labhair féin agus Tuatha Dé Danann re’ raile, agus adubhradar gurab do shliocht Mhagog iad, leath ar leith. Adeir drong eile gurab do shliocht an mhic do fhágaibh Partholón thoir (Adhla a ainm) do Neimheadh. Is é raon i n-ar’ ghabh Neimheadh ag teacht i n-Éirinn dó, ó’n Scitia ar an bhfairrge gcaoil atá ag teacht ó’n aigéan d’á ngairthear Mare Euxinum, is í is teora idir an leath thiar-thuaidh do’n Asia agus an leath thoir-thuaidh do’n Eoraip; agus ar an roinn thiar-thuaidh do’n Asia atáid Sléibhte Riffe, do réir Pomponius Mela, i gcomhroinn na caol-mhara do luaidheamar agus an aigéin tuaisceartaigh. Tug láimh ndeir do Shléibhte Riffe, go ndeachaidh ‘san aigéan budh thuaidh; agus láimh chlí do’n Eoraip go ráinig i n-Éirinn. Ceithre longa deug agus fiche líon a chobhlaigh, agus deichneabhar agus fiche i ngach loing díobh.
    https://celt.ucc.ie/published/G100054.html

  • Seán Mag Leannáin

    Bheinn buíoch de Iarla Mac Aodha Bhuí as an bpíosa sin a aistriú go Gaeilge nua-aimseartha agus an fhoinse a lua.