Forógra na Poblachta ar ceant i Sasana agus súil le €167,000 air

Beidh cóip d'Fhorógra na Poblachta a cuireadh i gcló i Halla na Saoirse Domhnach na Cásca 1916 ar ceant Dé Máirt seo chugainn in Sotheby's Londan agus táthar ag súil le suas le €167,000 air

1916 Forógra

€167,000 an tsuim a bhfuiltear ag súil léi ar bhunchóip d’Fhorógra na Poblachta a chuirfear ar ceant an tseachtain seo chugainn in Sotheby’s i Londain.

Meastar gurbh é an méid ba mhó a íocadh ar bhunchóip den Fhorógra ná €390,000. Ba iad na ceantálaithe Adam’s i mBaile Átha Cliath a dhíol an chóip sin sa bhliain 2004. Dhíol na ceantálaithe céanna cóip eile sa bhliain 2008 ar €360,000 ach le tamall de bhlianta anuas is ar timpeall €100,000 a íoctar ar chóipeanna den cháipéis cháiliúil.

Cuireadh tuairim is 1,000 cóip den fhorógra i gcló i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath Domhnach na Cásca 1916 sular scaipeadh an lá dár gcionn iad timpeall na cathrach. Meastar nach maireann ach leathchéad acu sin sa lá atá inniu ann tar éis dá bhformhór a bheith scriosta le linn an Éirí Amach.

Aithnítear bunchóipeanna den Fhorógra ar chúpla comhartha sóirt: méid agus caighdeán an pháipéir; stíleanna na clóghrafaíochta; fad na línte i dtéacs; an litriú; agus dearmaid chlóghrafaíochta.

Bhí na réabhlóidithe gann ar acmhainní nuair a cuireadh an Forógra i gcló agus, dá bharr sin, b’éigean dóibh an chéad leath den téacs a chur i gcló ar dtús agus ansin an cló a bhriseadh agus an dara leath – ar a raibh ainmneacha na sínitheoirí – a chlóbhualadh.

Mar gheall air sin, bhí bearna idir 8mm agus 16mm idir an chéad leath agus an dara leatha den Fhorógra sa mhíle cóip a cuireadh i gcló i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath Domhnach na Cásca 1916. Tá bearna 14mm, chomh maith leis na comharthaí sóirt eile, ar an gcóip atá ag Sotheby’s.

B’éigean do na clódóirí, freisin, litreacha a athrú chun litreacha nua a dhéanamh astu mar ní raibh na tíleanna litreach cearta acu. Tá an méid sin soiléir ón ‘C’ i ‘REPUBLIC’, a rinneadh as ‘O’, agus san ‘E’ in ‘THE [people of Ireland]’.

Is é Pádraig Mac Piarais a luaitear le scríobh an Fhorógra den chuid is mó, cé go meastar go ndearna James Connolly agus Tomás Mac Donnchadha, beirt sínitheoirí eile, leasuithe ar an gcáipéis sular fhoilsigh Christopher Brady, Michael Molloy agus Liam O’Brien na céadta cóip di le crochadh sa chathair. Níor tháinig an lámhscríbhinn a thug Tomás Mac Donnchadha do Connolly slán ó Éirí Amach na Cásca 1916.

San áireamh leis an bhForógra sa luchtóg atá ag dul ar ceant ag Southeby’s Dé Máirt seo chugainn, tá prionta greanta dar teideal ‘After the Bombardment. The Holocaust of Ireland’s Great Thoroughfare. Friday Morning, 28th April 1916’. Tá an prionta bunaithe ar phictiúr a phéinteáil Archibald McGoogan sa bhliain 1916.

Fág freagra ar 'Forógra na Poblachta ar ceant i Sasana agus súil le €167,000 air'

  • Fearn

    “Forógra na Poblachta ar ceant i Sasana” ???

    An meafar é seo?