Moladh d’fhorógra ‘cuimsitheach agus uaillmhianach’ Shinn Féin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Chuir an Conradh fáilte freisin roimh an ‘tiomantas láidir’ don teanga agus dá pobal atá léirithe ag na Daonlathaithe Sóisialta ina bhforógra

Moladh d’fhorógra ‘cuimsitheach agus uaillmhianach’ Shinn Féin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Tá fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge roimh na gealltanais atá déanta maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht i bhforógra toghcháin Shinn Féin agus go háirithe roimh an scéal go mbeifear sásta aire sinsearach a cheapadh don Ghaeltacht.

Inné a sheol Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta a gcuid forógraí agus tá a gcuid forógraí curtha os comhair an phobail ag na páirtithe móra uile anois.

Tá fáilte curtha ag an gConradh roimh an méid atá leagtha amach i gcáipéis na nDaonlathaithe Sóisialta agus roinnt de na héilimh atá déanta ag an gConradh luaite inti ach is é forógra Shinn Féin is láidre i dtaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta as na cinn uile atá foilsithe.

Ní hamháin go bhfuil aire sinsearach don Ghaeltacht geallta ag páirtí Mary Lou McDonald má éiríonn leo a bheith sa Rialtas, ach tá aireacht stáit nua don Ghaeloideachas luaite sa bhforógra chomh maith.

Tá tuilleadh infheistíochta sa teanga, polasaí nua don Ghaeilge sa gcóras oideachais agus bearta maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht i measc na bpríomhéileamh eile atá ag Conradh na Gaeilge agus tá siad sin ar fad luaite i bhforógra Shinn Féin.

“Fáiltíonn Conradh na Gaeilge go láidir roimh fhorógra cuimsitheach agus uaillmhianach Shinn Féin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,” a dúirt urlabhraí ón gConradh le Tuairisc. “Tá sé thar a bheith tábhachtach gur ghlac Sinn Féin lenár n-éileamh Aire Sinsearach a cheapadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Léiríonn an straitéis oideachais mhionsonraithe, lena n-áirítear an bhunscolaíocht Ghaeilge a dhúbailt laistigh de dheich mbliana, ag díriú ar sholáthar 25% faoi 2045, agus bunú Gaelcholáiste i ngach contae, cur chuige físiúil chun an Ghaeilge a leabú sa chóras oideachais.”

Chuir an Conradh fáilte chomh maith roimh an scéala nach é amháin go mbeadh Sinn Féin sásta tacaíocht a thabhairt do phlean infheistíochta an Chonartha, An Plean Fáis 2024-2029, ach go bhfuil geallta acu breis infheistíochta a dhéanamh mar bharr ar a bhfuil sa bplean sin.

Lorgaíonn An Plean Fáis suas le €200 milliún breise ón rialtas ó dheas do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ardú suntasach ar mhaoiniú leithéidí Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar chuid de sin.

I bhforógra Shinn Féin, deirtear go gcuirfí €125 milliún ar fáil don teanga thar thréimhse cúig bliana, idir airgead reatha agus airgead caipitil.

Tá roinnt beartas leagtha amach ag Sinn Féin chomh maith in iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, ina measc go gcuirfí treoirlínte pleanála speisialta i bhfeidhm laistigh de bhliain agus go bhforbrófaí Plean Tithíochta agus Daonra do gach Limistéar Pleanála Gaeltachta.

Deir Conradh na Gaeilge go raibh cruinniú acusan agus ag an ngrúpa feachtais Tinteán le hionadaithe ó Shinn Féin an tseachtain seo caite agus go bhfuiltear “muiníneach” go bhfuil an páirtí sásta gníomhú ar chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.

Tá cumhachtaí tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, tacaíocht do Phlean Fáis Chonradh na Gaeilge agus polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa gcóras oideachais i measc na ngealltanas atá luaite i bhforógra na nDaonlathaithe Sóisialta freisin agus tá fáilte curtha ag an gConradh roimh an “tiomantas láidir” atá léirithe ag an bpáirtí sin do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Molaimid go háirithe a ngealltanais an Plean Fáis a chur i bhfeidhm ina iomlán, agus straitéis oideachais chuimsitheach a fhorbairt bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Is céimeanna ríthábhachtacha iad seo ar mholamar le fada iad.

“Mar sin féin, beimid ag dul i dteagmháil leis na Daonlathaithe Sóisialta le soiléiriú a fháil ar chuid de na gealltanais seo, go háirithe maidir le ceapadh aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fág freagra ar 'Moladh d’fhorógra ‘cuimsitheach agus uaillmhianach’ Shinn Féin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht'