D’fhéadfadh nach mbíonn ach tionchar teoranta ag polasaithe pleanála ar chosaint na teanga sa Ghaeltacht – tuarascáil nua 

Níl sé soiléir an bhfuil tionchar mór ag an phleanáil ar mheath na teanga agus theastódh tuilleadh fianaise sula bhféadfaí sin a chruthú 

D’fhéadfadh nach mbíonn ach tionchar teoranta ag polasaithe pleanála ar chosaint na teanga sa Ghaeltacht – tuarascáil nua 

Breanndán Ó Beaglaoich, as Baile na bPoc in iarthar Duibhneach, agus é i mbun feachtais faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh/Nuacht TG4

Is minic gur “spriocanna inmhianaithe” a bhíonn i  gcuid mhór de pholasaithe na n-údarás áitiúil maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, a deirtear i dtuarascáil nuafhoilsithe. Deirtear chomh maith sa tuarascáil go bhféadfaí cás a dhéanamh nach mbíonn na polasaithe pleanála dírithe ar phobal na teanga a chaomhnú, gan trácht ar é a neartú.

Doyle Kent Planning Partnership a d’ullmhaigh an tuarascáil don ghrúpa Plean Teanga Chiarraí Thiar.

Theastaigh ón ngrúpa teanga go mbaileofaí “eolas cuí” faoin bpleanáil sna ceantair Ghaeltachta mar áis do choistí agus do mhuintir na Gaeltachta agus mar acmhainn do na húdaráis phleanála a bhíonn i mbun  pleananna forbartha.

Dúirt an grúpa teanga gur “fadhb fhorleathan” í nach féidir le cainteoirí dúchais  maireachtáil ina gceantar féin, agus go bhfágann sin a rian ar líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne sa Ghaeltacht.

Dúirt údar na tuarascála Karl Kent “go ndealraíonn sé” nach mbíonn ach “tionchar teoranta” ag polasaithe na pleanála ar chosaint na teanga. Os a choinne sin, thug sé le fios nach bhfuil sé soiléir an mbíonn tionchar mór ach oiread ag na polasaithe ar mheath na teanga. Theastódh tuilleadh fianaise sula bhféadfaí sin a chruthú, ar sé.

Deirtear sa tuarascáil go ndéanann na húdaráis áitiúla ar fad a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram iarracht ina gcuid pleananna forbartha an Ghaeltacht a chaomhnú.

Bíonn roinnt forálacha ina gcuid pleananna a mbíonn sé de chuspóir acu a chinntiú go mbeidh céatadán áirithe de chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí nua tithíochta. Déantar sin trí theorainn a chur le líon na ndaoine gan Ghaeilge  sna forbairtí sin.

D’fhéadfadh deis a bheith ann tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chosaint na teanga in aon athnuachan a bheadh á déanamh ar an bpolasaí náisiúnta tithíochta tuaithe ach díriú níos soiléire ar chás na Gaeltachta, a deirtear sa tuarascáil.

Theastódh comhaontú mhuintir na Gaeltachta féin a fháil chuige seo agus chaithfí ‘idirdhealú dearfach’ de chineál éigin a dhéanamh i bhfabhar an chainteora Gaeilge, a deirtear.

Deirtear sa tuarascáil go gcaithfí a leithéid de pholasaí a chur le chéile ‘go cáiréiseach’ chun féachaint chuige nach sáródh sé dlí an Aontais Eorpaigh.

D’fhéadfaí a leithéid a cheadú de réir rialacha na hEorpa nuair a chuirtear san áireamh “an meath drámatúil” atá ar an teanga féin sa Ghaeltacht, stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hEorpa agus an líon teoranta daoine a bheadh i gceist.

D’fhéadfaí úsáid a bhaint as roinnt na Gaeltachta i gcatagóirí “A, B, C” don chur chuige seo mar an chéad chéim, a deirtear sa tuarascáil.

Dúradh freisin go dtarlódh sé go mbeadh cur chuige difriúil in áiteanna difriúla sa Ghaeltacht – gur “dócha” nach ionann an brú a bheadh i Múscraí agus na fadhbanna a bheadh i mbruachbhailte de chuid chathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht, mar shampla.

Dúirt na saineolaithe gur léir go mbeadh “gá le fianaise” mar bhonn le haon pholasaí nua maidir le  riachtanas teanga le tithe aonair agus le straitéis uileghabhálach don tithíocht.

Deirtear freisin go bhfuil an polasaí náisiúnta pleanála ag tabhairt ar dhaoine cónaí i mbailte nó i gceantair uirbeacha d’fhonn stop a chur le scaipeadh tithe ar fud na tíre.

Dúirt an grúpa teanga a choimisiúnaigh an tuarascáil, Plean Teanga Chiarraí Thiar, gur “tuairim phroifisiúnta ó shaineolaí pleanála í seo” a chuireann síos ar na polasaithe, an dlí, na treoirlínte agus na pleananna a bhaineann le polasaithe pleanála na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta.

Mheas Plean Teanga Chiarraí Thiar go raibh “ábhar dóchais” i gconclúid na tuairisce.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh nach mbíonn ach tionchar teoranta ag polasaithe pleanála ar chosaint na teanga sa Ghaeltacht – tuarascáil nua '

  • Brendan Keane

    Conas a bd’fhéadfadh? Ní fheictear an caidreamh idir an Ghalltacht ag síneadh amach agus an Ghaeltacht ar meath?