Foras na Gaeilge buartha faoi ‘chlú’ na heagraíochta agus ‘meanma’ na foirne de thoradh sceitheadh eolais

Socruithe slándála breise déanta le cinntiú nach scaoiltear eolas gan chead leis na meáin chumarsáide

Foras na Gaeilge buartha faoi ‘chlú’ na heagraíochta agus ‘meanma’ na foirne de thoradh sceitheadh eolais

Léirigh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge Pól Ó Gallchóir “buaireamh” ag cruinnithe mhí an Mhárta agus an Aibreáin de bhord na heagraíochta teanga trasteorann faoi eolas ar chúrsaí an bhoird a bheith á sceitheadh leis na meáin chumarsáide.

Ag cruinniú mí an Mhárta den Bhord i mBéal Feirste dúirt sé go raibh na Ranna Rialtais a bhfuil an Foras freagrach dóibh “ar an eolas” go raibh ábhar a bhain leis an Bhord “curtha chuig na meáin le déanaí”. De réir mhiontuairiscí an chruinnithe sin chuir an Cathaoirleach “béim ar chúrsaí slándála” agus mhínigh sé gurbh é an cur chuige a bheadh ag an eagraíocht feasta ná “seoltaí oifigiúla ríomhphoist na gcomhaltaí” a úsáid le haghaidh cáipéisí oifigiúla in áit seoltaí pearsanta ríomhphoist.

Ag cruinniú mhí Aibreáin den bhord sa Rinn i bPort Láirge dhírigh an Cathaoirleach arís ar sceitheadh eolais faoi chúrsaí an Bhoird leis na meáin. Chuir sé béim ar a thábhachtaí a bhí sé “do chlú Fhoras na Gaeilge” agus do “mheanma” na foirne go stopfaí de sceitheadh an eolais. Dúirt sé freisin go raibh “am an fheidhmeannais shinsearaigh á chur amú leis” agus gur mhothaigh gnáthbhaill foirne na heagraíochta go raibh siad “ina n-eala mhagaidh sa phobal dá bharr”. Thrácht an Cathaoirleach ar “na socruithe slándála breise” a bhí á mbeartú ag an eagraíocht le dul i ngleic leis an gcás.

Cuireadh in iúl níos deireanaí sa chruinniú céanna nach mbeadh úsáid á baint feasta as córas “dropbox” le cáipéisí Boird a scaipeadh ar chomhaltaí ach go mbeadh “bogearra nua” le haghaidh cáipéisí Boird á úsáid don chéad chruinniú eile a bheadh “níos sábháilte ná an córas reatha”.

Tugadh le fios ag cruinniú mí an Mhárta den Fhoras fosta go raibh ceanneagraíocht amháin, Cumann na bhFiann, “míshásta” faoin mbealach gur cuireadh eolas a bhain le plé a bhí acu leis an Fhoras ar fáil do na meáin, agus faoin “dochar a bhí déanta dá gclú dá bharr sin”.

Bhain an t-eolas a sceitheadh leis na meáin le seasamh a ghlac Cumann na bhFianna gan litir thairisceana ón Fhoras maidir lena gcuid oibre don bhliain 2019 a shíniú.

Cuireadh in iúl do bhord an Fhorais ag cruinniú mhí an Mhárta gur cheadaigh an Príomhfheidhmeannach agus an Cathaoirleach maoiniú €45,297 do Chumann na bhFiann “ar bhonn práinne agus go heisceachtúil” le costas tuarastail a íoc cé nach raibh glactha ag Cumann na bhFiann le litir thairisceana an Fhorais.

Cheadaigh an Príomhfheidhmeannach agus an Cathaoirleach an maoiniú eisceachtúil mar nach mbeadh cruinniú boird ann lena fhaomhadh go dtí mí an Mhárta.

Léiríodh imní ag an gcruinniú go bhféadfadh gur “sárú rialachais a bhí i gceist san íocaíocht sin” nuair nach raibh an litir thairisceana sínithe ag Cumann na bhFiann. Tugadh treoir do Phríomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn “deimhniú a chur ar fáil don Bhord roimh an chéad chruinniú eile nár sáraíodh rialachas”. Ar an mbunús sin a bheadh “an íocaíocht eisceachtúil” le faomhadh ag an Bhord ag cruinniú mhí Aibreáin.

Thug an Príomhfheidhmeannach le fios don Bhord ag cruinniú mhí Aibreáin go ndeachaigh sé i gcomhairle leis an Iniúchóir Inmheánach faoin chás lena chinntiú nach raibh sárú ar rialachas corparáideach i gceist. Dearbhaíodh gurbh é tuairim an Iniúchóra Inmheánaigh nach raibh sárú i gceist agus go raibh an cinneadh an deontas a íoc ag teacht le téarmaí na Scéime Tarmligin ag Foras na Gaeilge.

Cheadaigh an Bord go siarghabhálach an maoiniú eisceachtúil €45,297 a íocadh le Cumann na bhFiann i mí Feabhra chun costas tuarastail a íoc i dtús na bliana sular shínigh siad litir thairisceana an Fhorais.

Fág freagra ar 'Foras na Gaeilge buartha faoi ‘chlú’ na heagraíochta agus ‘meanma’ na foirne de thoradh sceitheadh eolais'