Deir Foras na Gaeilge gur gá don rialtas ó dheas athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal maoinithe atá á chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Tá imní léirithe faoi chumas an Fhorais maoiniú a chur ar fáil do thograí agus d’eagraíochtaí teanga ach deir an áisíneacht trasteorann nach bhfuil dóthain airgid curtha ar fáil di le blianta fada anuas.
Deir Foras na Gaeilge nach leor an cur chuige reatha chun infheistiú mar is cuí a dhéanamh i réimsí tábhachtacha ar nós forbairt an oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge agus ionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre.
Dúirt urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge le Tuairisc go n-aithnítear go bhfuil “frustrachas” in earnáil na Gaeilge i láthair na huaire maidir leis an easpa maoinithe atá ar fáil don teanga i gcomparáid leis an airgead a chuirtear ar fáil i réimsí eile. Deir an Foras gur léir nach leor an leibhéal maoinithe a cuireadh ar fáil anuraidh chun an obair atá leagtha amach faoin reachtaíocht teanga a chur i gcrích.
“Is cinnte go bhfuil athbhreithniú de dhíth ar na leibhéil mhaoinithe atá ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Rialtas agus an stát anois ag ullmhú do na cúig bliana deireanacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, má tá an dul chun cinn suntasach is gá a dhéanamh le bheith bainte amach faoi 2030,” a dúradh.
“Tá réimsí móra a bhaineann le forbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail nach leor an cur chuige reatha le dul chun cinn a dhéanamh iontu, mar shampla, forbairt soláthar nua réamhscolaíochta lán-Ghaeilge, fáil ag tuismitheoirí ar naíolanna lán-Ghaeilge sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge, agus infheistíocht chaipitil le hionaid Ghaeilge a fhorbairt sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge.”
Tá maoiniú breise don Fhoras curtha ar leataobh ag an rialtas ó dheas le roinnt blianta anuas ach ní féidir an t-airgead sin a dháileadh nuair nach mbíonn Stormont ag feidhmiú. Faoin socrú reatha, tagann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ón rialtas ó dheas agus an 25% eile ón rialtas ó thuaidh.
Dúirt urlabhraí an Fhorais go bhfuil “castacht ar leith” ag baint leis na socruithe maoinithe thuaidh theas ach go bhfuil bealaí eile ag an Rialtas ó dheas le maoiniú a chur ar fáil d’fhorbairt na Gaeilge, mar a léiríonn an maoiniú “substainteach” a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Chonradh na Gaeilge lasmuigh de na struchtúir mhaoinithe thuaidh theas in anuraidh.
“Is cinnte go bhfuil Foras na Gaeilge thíos go mór leis de bharr na dtréimhsí fada nuair nach raibh na struchtúir thuaidh theas ag feidhmiú ó bunaíodh iad 25 bliain ó shin. Léiríonn comparáidí le comhlachtaí stáit eile ó dheas san earnáil phoiblí, an easpa dul chun cinn maidir le maoiniú Fhoras na Gaeilge ó aimsir na géarchéime eacnamaíochta ó dheas go dtí an t-am i láthair.”
Bhí buiséad Fhoras na Gaeilge níos lú anuraidh ná mar a bhí 20 bliain roimhe sin agus é tite ó €17.2 milliún go dtí €16.3 milliún. Le linn na tréimhse céanna, tá buiséad na Comhairle Ealaíon ó dheas ardaithe ó €44.1 milliún go €130 milliún, ocht n-uaire níos mó ná buiséad an Fhorais.
“Tá na hiarmhairtí sin le feiceáil ar fhorbairt Fhoras na Gaeilge féin, ar acmhainní daonna san eagraíocht, agus ar na leibhéil mhaoinithe dár scéimeanna deontas agus maoinithe. Tá na struchtúir mhaoinithe thuaidh theas do na Forais Thuaidh Theas mar dhlúthchuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta/Bhéal Feirste, agus is ceist don dá Rialtas athrú ar bith a bheadh le déanamh orthu sin.”
Deir Foras na Gaeilge go bhfuil dul chun cinn “suntasach” déanta ar fhorbairt na Gaeilge ó bunaíodh an áisíneacht, áfach, agus gur féidir leanúint leis an obair sin in ainneoin na ndúshlán.
Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo caite, glacadh le rún a dúirt go raibh ag “teip” ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le fiche bliain anuas agus nár chóir ach “bliain amháin eile” a thabhairt chun córas an Fhorais a chur ina cheart.
Deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn le Tuairisc go bhfuil an córas maoinithe d’Fhoras na Gaeilge “briste” agus na ceanneagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge eile fágtha “faoi bhrú” dá bharr.
Colette
Seachas maoiniú Fhorais na Gaeilge a mhéadú nach mbeadh sé níos ciallmhara ag an Stát an bhéim go léir a chur ar maoiniú ceart a chur ar fáil dos na coistí dheonacha atá ag plé le “Pleanáil Teanga” sna Gaeltachtaí?
Tá géarchéím na Gaeilge sna Gaeltachtaí láidre ag bailiú nirt agus is gearr nach mbeidh ach cúpla ceantar Gaeltachta rangaithe mar Chatagóir A mura mbíonn feachtas mór ag an Stát chun tacú leis na coistí Pleanála Teanga agus foireann mór proifisiúnta a chur ar fáil dóibhna
Gan Ghaeltacht ní bheidh mórán ciall le Foras an Gaeilge a bheith ann.
Éamonn Ó Gribín
Pé scéal é, níl morán céille le ‘Foras na Gaeilge’!
Níl a leithéid agus ‘Foras na Breatnaise’ sa Bhreatain Bheag’, ach tá faoi Acht na Breatnaise 1993 (an tAcht) ar gach comhlacht poiblí a chuireann seirbhísí ar fáil don don phobal sa Bhreatain Bheag seirbhísí a chur ar fáil i
Breatnais agus i mBéarla. Ba é an prionsabal a bhunaigh an tAcht ná,
maidir le riaradh an cheartais sa Bhreatain Bheag, ba chóir caitheamh leis an Bhreatnais agus an Bhéarla ar bhonn comhionannais.