Ag ‘teip’ ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le ‘fiche bliain anuas’ – Conradh na Gaeilge

De réir rún a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ní mór cinneadh a dhéanamh faoi cheann bliana ar chóir deireadh a chur le Foras na Gaeilge mar atá agus múnla eile a chur ina áit

Ag ‘teip’ ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le ‘fiche bliain anuas’ – Conradh na Gaeilge

Tá ag teip ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le fiche bliain anuas, a deir Conradh na Gaeilge i rún a ritheadh ag Ard-Fheis na heagraíochta.

De réir an rúin, ar glacadh leis ag an Ard-Fheis a bhí ar siúl i mBaile Bhlainséir i Baile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, níor chóir ach “bliain amháin eile” a thabhairt chun córas an Fhorais a chur ina cheart.

“Ag an bpointe sin, sa chás nach bhfuil ceist an mhaoinithe socraithe mar is ceart, déanfar cinneadh arbh fhearr éileamh le deireadh a chur leis an áisíneacht trasteorann mar atá agus múnla eile a chur ina háit,” a dúradh sa rún.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur rún “thar a bheith cinniúnach” a bhí ann.

“Caithfidh muid a bheith ionraic. Is é tuairim Chonradh na Gaeilge ná go bhfuil Foras na Gaeilge agus an struchtúr maoinithe briste.

“Nuair atá rud éigin briste is gá amharc air, é a leasú, é a athrú nó rud éigin eile a chur ina áit. Sin atá molta againn sa chás seo, go mbeidh bliain eile againn chun iarracht a dhéanamh an infheistíocht chuí a mhealladh.

“Sa chás nach bhfuil na polaiteoirí thuaidh agus theas i ndiaidh sin a shocrú, beidh muid ag amharc ar an rogha an Foras a athrú nó ag éileamh deireadh a chur leis agus múnla eile a mholadh ina áit.”

Dúirt de Spáinn go mbeidh sé de dhualgas ar Chonradh na Gaeilge moltaí maidir le múnlaí maoinithe eile a phlé agus a ullmhú roimh Ard-Fheis na bliana seo chugainn.

“Rud amháin atá iontach soiléir, ní féidir linn leanúint ar aghaidh leis an status quo,” arsa Julian de Spáinn.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha chomh maith gur “rún dlúthpháirtíochta thar a bheith suntasach” a bhí i rún faoin gcogadh sa Mheánoirthear. De réir an rúin sin, d’éiligh Conradh na Gaeilge “sos cogaidh buan láithreach sa Phalaistín”.

Ritheadh chomh maith rúin ag moladh go ndéanfadh an Rialtas gníomh i leith cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, rúin maidir le cás na Gaeilge sa chóras oideachais ó dheas agus ó thuaidh agus rún ag éileamh cearta teanga ó thuaidh.

Atoghadh ag an Ard-Fheis Paula Melvin ina hUachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus toghadh Coiste Gnó nua a a bheidh i mbun oibre go dtí Feabhra 2025.

Dúirt Paula Melvin go raibh “lúcháir” uirthi tréimhse eile a fháil mar uachtarán.

“Táim ag súil go mór le leanúint lenár gcuid oibre ach go háirithe chun córas na ndíolúintí a athrú ó dheas, le Plean Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta a bhaint amach don Ghaeltacht faoi dheireadh agus na cearta a baineadh amach ó thuaidh le blianta beaga anuas a cur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille.”

Le linn na hArd-Fheise, bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir le RTÉ RnaG agus TG4 agus colúnaí le Tuairisc, agus bronnadh Gradam Oibrí Deonach Náisiúnta ar Bhreandán Ó Cathasaigh ón eagraíocht Ógras.

Insealbhaíodh chomh maith ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge an file Pádraig Mac Fhearghusa.

Fág freagra ar 'Ag ‘teip’ ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr maoinithe le ‘fiche bliain anuas’ – Conradh na Gaeilge'

  • Billy an Ghoirt

    Hmmm….seans go bhfuil ceart acu. Ach tá foras/eagras teanga leagtha síos mar chuid de chomhaontú Aoine an Chéasta. Bheadh sé deacair do rialtas na hÉireann idirbheartaíocht mar sin a dhéanamh leis an DUP agus Westminster chun múnla nua w bhaint amach – fiú da mbeadh rialtas na hÉireann sásta a leithéid iarrachtaí a dhéanamh…

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Fiche Bliain ag Meath

  • An tEisreachtach

    Cé is moite de bheith ina dháileoir airgead stáit ar liosta beag eagraíochtaí Gaeilge, céard go díreach eile atá déanta ag Foras na Gaeilge (FnaG) ó bunaíodh é breis is 25 bliain ó shin?
    Ná luaigh an Gúm ná an Foclóir nua Béarla-Gaeilge – is amhlaidh a cuireadh isteach in FnaG iad sin le cuma na hoibre a chur ar FnaG.
    Bunaíonn rialtais ar fud an domhain a leithéid d’fhorais tuí le brúghrúpaí a choinneáil ‘sásta’ agus ina dtost, ach ní bhíonn aon fheidhm leis na forais ach sin.