Foraois Bháistí beartaithe do Chonamara

Tá an ghéarchéim aeráide tar éis daoine aonair, rialtais agus eagraíochtaí dúlra a spreagadh le speicis a athbhunú sa bhfiántas

Foraois Bháistí beartaithe do Chonamara

Is minic a chloisimid caint ar an tábhacht atá le foraoisí báistí na hAmasóine mar stór carbóin ach bhí foraoisí báistí againn anseo in Éirinn sa gcrios measartha cé nach bhfuil ach an beagán díobh a tháinig slán ón bhfeilméaracht agus ó shaothrú na talún.

Tá an ghéarchéim aeráide tar éis daoine aonair, rialtais agus eagraíochtaí dúlra a spreagadh le speicis a athbhunú sa bhfiántas, an ‘rewilding’ mar a thugtar air. Tuigtear anois gur tábhachtaí an phlásóg fhiáin agus na neantóga don nádúr ná an gairdín mín glas.

Is é is aidhm don eagraíocht Hometree an bhithéagsúlacht agus foraoisí báistí na tíre seo a chaomhnú agus ligean do chinn nua athghiniúint agus forbairt sna háiteanna ina mbídís tráth. Creideann Hometree go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbíonn ceangal láidir idir aon obair chaomhnaithe agus an pobal atá ina gcónaí agus ag obair san gceantar chomh maith leis na daoine a thugann cuairt ar an láthair. Maíonn siad gurb é sin dúshlán mór an lae inniu agus an ghéarchéim aeráide ag bagairt ar an gcomhshaol agus ar an duine.

An sprioc atá ag Hometree le Tionscadal Fhoraois Bháistí an Atlantaigh Fhiáin go bhféadfaí cuid de na foraoisí báistí cois cósta a shlánú, cinn nua a chruthú agus go mbeadh na foraoisí dúchais, na bratphortaigh agus talamh saibhir féaraigh agus é lán le speicis éagsúla le fáil taobh le taobh le pobal bríomhar daoine.

An Cnocán Bán i Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta [SAC] Shléibhte Mhám Toirc atá roghnaithe ag an eagraíocht charthanachta Hometree chun an chéad fheilm bháistí ar chósta an Atlantaigh a athbhunú.

Tá a lán saineolaithe, eolaithe agus comhshaolaithe gníomhach san eagraíocht seo agus tá beirt a bhfuil aithne mhór orthu ar bhord na heagraíochta – an craoltóir agus an t-údar, Manchán Magan agus an t-eolaí agus an surfálaí, an Dr Easkey Britton.

Gnáthóg luachmhar bithéagsúlachta í an fhoraois mheasartha bháistí don flora is fauna is dúchas don chrios measartha aeráide ina bhfuil an tír seo lonnaithe – crainnte, tomacha nó toir, raithneacha, caonaigh agus léicin. Nuair a tugadh an tír chun míntíreachais scriosadh cuid mhaith den ghnáthóg dhúchais sin ach tá cuid di le fáil go fóill i gclaiseanna, ar aillte agus ar oileáin iargúlta nach raibh teacht orthu go héasca. Mar atá cruthaithe ag Eoghan Daltun ar a fheilm 37 acra i mBéarra nuair a thugtar an deis don nádúr athgineann an dúchas é féin de réir a chéile ach éisteacht leis agus cosaint a thabhairt dó. Tá leabhar spéisiúil foilsithe ag Daltun faoina chuid oibre ar a fheilm féin An Irish Atlantic Rainforest, leabhar a bhfuil an-tóir air.

Tá sé i gceist ag Hometree an athghiniúint nádúrtha chéanna a úsáid i gConamara ach nuair is cuí sin, cuirfear fásra dúchais chomh maith.

Ar ndóigh ní gan am, airgead agus allas a fhíorófar an fhís sin agus bíonn fáilte ag Hometree roimh aon chúnamh, bíodh sin ó dhaoine aonair, páirtnéirí corparáideacha nó eagrais phoiblí is phríobháideacha. Is féidir le duine nó dream acra amháin den fhoraois bháistí a ‘uchtú’ ar 5,000, nó ballraíocht bliana a fháil ar 300. Gheobhaidh tú teastas, plaic agus tuairisc mhíosúil faoin obair a bheidh ar siúl ar an bhforaois bháistí dúchais i Sléibhte Mhám Toirc. Tá deis agat aon síntiús is mian leat a thabhairt agus féadfaidh tú sin a dhéanamh i gcuimhne ar dhuine éigin más maith leat.

Má tá do phócaí folamh ach fonn oibre ort, beidh cúnamh á iarraidh an bhliain seo chugainn chun obair dheonach a dhéanamh ar láthair na foraoise báistí ar an gCnocán Bán i gConamara. Is maith ann an dea-scéal agus an beart mar fhál ar an éadóchas.

Fág freagra ar 'Foraois Bháistí beartaithe do Chonamara'

  • Tash

    An-scéal go deo, ach thar-am.
    Tá súil agam go mbeidh an Rialtais, Coillte ‘is araile ag tacú les an scéim seo?

  • Epghan Ó Néill

    Chuir siad bounty ar an fhaolchú
    a chumhdaigh na buinneáin
    is ba scéirdiúil iad na sléibhte
    i ndiaidh glanadh na gcrann

    Is d’iompaigh an iargiúltacht
    go raibh gréasán de pháirceanna ann
    Brat féir ar gach dúiche ann
    i ndiaidh glanadh na gcrann

    Agus féarach thar cuimse
    do bhólacht is caoire ann
    idir fálta sceach
    i ndiaidh glanadh na gcrann

    etc. etc.

  • Liam

    Is dócha gurb é baile fearainn na gCnocán Bán (https://www.logainm.ie/ga/20754) atá i gceist, seachas An Cnocán Bán in oirthear na Gaillimhe?