Fóram Ombudsman ar cuairt ar Ghaeltacht Chonamara dá gcéad chruinniú riamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Bhí cruinniú ag Fóram Ombudsman na hÉireann in Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal inniu

Fóram Ombudsman ar cuairt ar Ghaeltacht Chonamara dá gcéad chruinniú riamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Ó chlé: Orla de Búrca, Oifig an Choimisinéara Teanga, Peter Feeney, Ombudsman an Phreasa, Mark Toland, Ombudsman Choimisiún an Gharda Síochána, Peter Tyndall, an tOmbudsman, Brian O’Neill, Oifig Ombudsman na bhForsaí Cosanta, Tony McCourt, Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann, Ger Deering, an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí a gcéad chruinniú riamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath inniu ag Fóram Ombudsman na hÉireann nuair a chas siad lena chéile ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

In Oifig an Choimisinéara Teanga a bhí an cruinniú ar siúl agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a bhí ina chathaoirleach, an chéad uair aige an cúram sin a dhéanamh.

I measc na n-ábhar a pléadh ag an gcruinniú bhí ceannteidil an Bhille a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Pléitear ag cruinnithe d’Fóram Ombudsman na hÉireann ceisteanna atá ábhartha d’oifigí na nOmbudsman éagsúla, ina measc ceisteanna buiséid agus ceisteanna faoi neamhspleáchas, cumhachtaí agus feidhmeanna an Ombudsman. Bíonn deis ag na baill léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun ina n-oifigí féin.

Ar bhaill an Fhóraim tá An tOmbudsman, An Coimisinéir Teanga, Ombudsman na Leanaí, An tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais, Ombudsman na bhFórsaí Cosanta, Coimisiúin Ombudsman um Gharda Síochána agus Ombudsman an Phreasa.

Fág freagra ar 'Fóram Ombudsman ar cuairt ar Ghaeltacht Chonamara dá gcéad chruinniú riamh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath'