Fondúireacht Bhéaloideas Éireann seolta i mBaile Átha Cliath

Deir an tOllamh Declan Kiberd go bhfuil sé ‘riachtanach’ tacú leis an bhFondúireacht nua ar mhaithe ‘leis na glúinte atá le teacht’

N15022
Cathal Goan, Cathaoireach Fhondúireach Bhéaloideas Éireann, Kelly Fitzgerald, ball de Bhord na Fondúireachta agus Léachtóir le Béaloideas, agus Ríonach Uí Ógáin, Iar-Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus ball de Bhord na Fondúireachta

Tá Fondúireacht Bhéaloideas Éireann seolta go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath.

Is ar mhaithe le caomhnú Chnuasach Bhéaloideas Éireann a bunaíodh an Fhondúireacht, a sheol An tOllamh Declan Kiberd i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Tá ábhar ó 100,000 rannpháirtí i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach na Fondúireachta, go rabhthas go mór faoi chomaoin ag Ríonach Uí Ógáin, a d’éirigh as a cúram mar Stiúrthóir an Chnuasaigh an mhí seo caite, toisc an obair mhór atá déanta aici le dhá scór bliain anuas ar mhaithe le caomhnú agus cur chun cinn an bhéaloidis.

“Braithfear a himeacht go mór,” a dúirt Cathal Goan.

Is ag ócáid sa Constitution Room, Óstán an Shelbourne, Baile Átha Cliath a seoladh an Fhondúireacht, a cuireadh ar bun chun a chinntiú “go leanfaidh obair an Chnuasaigh ar aghaidh agus go mbeidh sé ar fáil ag an saol mór”.

I ráiteas a eisíodh thar ceann na Fondúireachta dúradh go bhfuil cuid mhaith den ábhar béaloidis leochaileach agus nach mór láimhseáil, stóráil agus caomhnú ceart a dhéanamh air.

Sa Chnuasach tá scéalta, tuairiscí, íomhánna agus fuaimeanna ‘ó na mná, na fir agus na páistí, sna cathracha agus faoin tuath, a chuir cruth ar, agus a mhúnlaigh, an saol ina bhfuil muid inniu’.

New Abbey Theatre Board Members Declan Kiberd at the announcement of the board, Abbey Theatre, Dublin. 1/2/2006 Photo/RollingNews.ie
Declan Kiberd Pictiúr: RollingNews.ie

Dúirt an tOllamh Declan Kiberd, a sheol an Fhondúireacht go hoifigiúil inniu, go bhfuil sé riachtanach tacú leis an bhFondúireacht nua.

Is onóir mhór a bheith anseo inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar an seoladh seo. Tá sé  riachtanach go bhfuil tacaíocht ag Fondúireacht Bhéaloideas Éireann mar eagraíocht a chinnteoidh slánú Bhéaloideas Éireann.

“Seo í an deis tacaíocht a thabhairt do chaomhnú na seoda seo le haghaidh na nglúinte atá le teacht agus údar ríméid agam a bheith anseo inniu chun ceiliúradh a dhéanamh air. ”

Faoi láthair tá digitiú á dhéanamh ar Bhailiúchán na Scol  (1937 – 1938), ina bhfuil corpas mór cóipleabhar ó scoileanna na tíre. Is é an chéad chéim eile ná digitiú na scoileanna i gCorcaigh faoi dheireadh 2016.

Tá uaslódáil déanta cheana ar ar www.duchas.ie ar ábhar ó dheich gcontae.

Fág freagra ar 'Fondúireacht Bhéaloideas Éireann seolta i mBaile Átha Cliath'