Foláireamh ná hÓl Chois Fharraige – is údar imní do phobal ar bith an chontúirt nach bhfuil le feiceáil

Bhí go leor scéalta is an iliomad tuairimí ann faoi chóras uisce an Spidéil le breis is seachtain  -  ní nach ionadh, mar bhí an t-eolas ó Uisce Éireann gann go maith

Foláireamh ná hÓl Chois Fharraige – is údar imní do phobal ar bith an chontúirt nach bhfuil le feiceáil

Gnáthlá eile a bhí ann sa Spidéal, i nGaeltacht Chonamara, an Aoine seo caite. Cé go raibh goimh san aer ar maidin, dhéanfadh sé lá breá grianmhar níos deireanaí. Lá leathach an fhómhair a bhí ann, bheadh na huaireanta dorchadais níos faide ná uaireanta an tsolais as sin amach.

Go gairid i ndiaidh 8.30 an mhaidin sin, chúlaigh  leoraí go dtí a ghnátháit pháirceála gar do bhanc na mbuidéal ag Seanchéibh an Spidéil. Bhí aistear fada déanta ag an leoraí as Tiobraid Árann. Bhí taithí ag muintir an bhaile air faoin tráth úd agus an tancaer mór ar a chúl agus H2O scríofa air, ar eagla go mbeadh aon dul amú ar éinne. Ní hé nach raibh daoine buíoch an leoraí a fheiceáil. Bhí an soláthar uisce don bhaile is don cheantar máguaird tagtha lá amháin eile.

Bhí seachtain caite ó d’eisigh Uisce Éireann an Foláireamh Ná hÓl do cheantar Chois Fharraige, ó na Forbacha siar chomh fada le Droichead Chasla agus Ros an Mhíl, toisc go raibh leibhéal ard den mhiotal mangainéis sa soláthar uisce.

Ní raibh aon réiteach faighte ar an bhfadhb fós, go bhfios don phobal é pé scéal é. Ach bhí go leor scéalta is an iliomad tuairimí ann, ní nach ionadh, le seachtain mar bhí an t-eolas a bhí curtha ar fáil ag Uisce Éireann gann go maith maidir leis an méid mangainéise go díreach a frítheadh san uisce, cén uair go díreach a rinneadh tástáil ar an uisce agus cén uair a bheadh cúrsaí ina gceart arís. Bhí go leor den phobal ag brath ar an méid eolais a bhí le fáil ar na meáin agus go háirithe, ar Raidió na Gaeltachta.

Ba bheag eile a bhí mar ábhar comhrá sa Spidéal  ón uair a scaip an scéala faoin uisce.

‘Seo é an Covid nua,’ a dúirt bean amháin.

Má bhí áibhéil sa méid sin, bhí cuid den fhírinne ann freisin mar is údar imní do phobal ar bith í an chontúirt nach bhfuil le feiceáil is atá gan mhíniú.

Cuireadh isteach ar ghnóthaí éagsúla sa mbaile, in earnáil an fháilteachais go háirithe. Bhí cúraimí sa mbreis i gceist dóibh siúd a bhí ag réiteach bia is dí. Ní raibh gnó amháin in ann caife a chur ar fáil toisc nach bhféadfaí an meaisín a úsáid in aon chor. B’éigean d’úinéir gnó eile fios a chur ar dhuine le cothabháil a dhéanamh ar an meaisín tar éis uisce as buidéil a úsáid ann ar feadh roinnt laethanta. Bhí ar áit eile dúnadh lá amháin mar go raibh obair chothabhála le déanamh ar an meaisín caife.

Bhí fir oibre i lár an Spidéil i rith na seachtaine agus iad ag scaoileadh uisce as an gcóras. Bhí sé á rá go raibh tástálacha á ndéanamh ar an uisce ag ionaid éagsúla sa mbaile agus, ag brath ar thorthaí na dtástálacha úd, bhí dóchas ann go mbeadh deireadh leis an bhFoláireamh Ná hÓl sara i bhfad.

Ag am lóin an Déardaoin seo caite, sé lá ó eisíodh an Foláireamh Na hÓl, léadh ráiteas réamhthaifeadta ó Uisce Éireann ar Nuacht an Iarthair ar Raidió na Gaeltachta. Ba iad Raidió na Gaeltachta a d’iarr an ráiteas ar Uisce Éireann, a dúradh. Chomh fada agus is eol dúinn, níor chuir Uisce Éireann aon urlabhraí ar fáil le ceisteanna a fhreagairt ar an aer.

Sa ráiteas dúradh go dtuigeann Uisce Éireann go bhfuil an foláireamh “ag cur isteach go mór ar shaol laethúil mhuintir an cheantair.”  Tá Uisce Éireann “ag obair go crua chun deireadh a chur leis an bhfoláireamh chomh luath agus is féidir linn,” a dúradh.

Dúradh sa ráiteas go “léiríonn na hoibreacha feabhsúcháin atá déanta go bhfuil cáilíocht an uisce ag feabhsú” agus go bhfuil Uisce Éireann “ag leanacht ag sruthlú an uisce chun an mhangainéis a bhaint as.”

Dúradh freisin gurb í an tsláinte phoiblí “an cloch is mó ar phaidrín Uisce Éireann” agus gur “cuireadh an foláireamh i bhfeidhm láithreach bonn nuair a tháinig ná torthaí chun solais”.

Mar chríoch ar an ráiteas tugadh uimhir ar a bhféadfaí glaoch dá mbeadh imní ar dhuine agus dúradh go bhfuil tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh water.ie.

Trí umar d’uisce a bhí fágtha ag Seanchéibh an Spidéil le seachtain agus fógraí orthu i nGaeilge is i mBéarla ag tabhairt le fios gur gá an t-uisce sin a fhiuchadh roimh a ól. Bhí sé de dhualgas ar thiománaí an leoraí na humair sin a choinneáil lán le huisce agus iad a fholmhú gach dara lá sa chaoi is go mbeadh an t-uisce iontu úr. Bhí an-cheannach ar bhuidéil uisce sna siopaí áitiúla.

Ní raibh ach uair go leith caite ó léadh ráiteas Uisce Éireann ar Raidió na Gaeltachta Déardaoin seo caite nuair a tháinig máthair agus a mac óg, a bhí díreach scaoilte amach ón scoil, chomh fada leis na humair uisce ag Seanchéibh an Spidéil agus dhá bhuidéal fholmha cúig lítear acu. Líonadar na buidéil le huisce agus ansin rinneadar a mbealach soir ar an gcosán cois cladaigh agus buidéal an duine á iompar acu. Ní fios an raibh ráiteas Uisce Éireann cloiste ag an mháthair, ach is dóigh gurb é sláinte a mic óig agus a teaghlaigh an chloch is mó ar a paidrín.

Fág freagra ar 'Foláireamh ná hÓl Chois Fharraige – is údar imní do phobal ar bith an chontúirt nach bhfuil le feiceáil'