Foirgneamh do Ghaelscoil Reachrann, tithíocht sa Ghaeltacht, agus tacaíocht do ghnó na Gaeltachta – mianta na dTeachtaí Dála nua

Sa tsraith seo, labhraíonn Tuairisc le cuid de na Teachtaí Dála nua faoina mianta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Foirgneamh do Ghaelscoil Reachrann, tithíocht sa Ghaeltacht, agus tacaíocht do ghnó na Gaeltachta – mianta na dTeachtaí Dála nua

Gaeilgeoirí iad triúr déag de na Teachtaí nua a toghadh chun na Dála in Olltoghchán 2024. Labhair Tuairisc le cuid acu faoina mianta i dtaobh na teanga.

Sa gcéad alt seo, tá Teachtaí againn ó Fhianna Fáil, Fhine Gael agus Teachta Neamhspleách amháin.

John Connolly, Fianna Fáil, Gaillimh Thiar

Is gá na ceantracha Gaeltachta a neartú ó thaobh daoine de. Ní féidir le muintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin, agus caithfidh muid rud a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann fanacht ann, teach a thógáil, agus post a fháil sa Ghaeltacht nó in aice leis an nGaeltacht. Caithfidh muid ciste infreastruchtúir ar leith a chruthú don Ghaeilge le go mbeadh bóithre cearta, seirbhísí, agus áiseanna ann. 

An rud is fearr atá ag tarlú le cúpla bliain anuas taobh amuigh den Ghaeltacht ná na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí. Cloisim m’iníonacha féin ag labhairt Gaeilge mar gheall gur fhreastail siad ar scoil lán-Ghaeilge. Caithfidh muid tacaíocht a thabhairt do pháistí atá faoi mhíbhuntáiste dul go dtí an Ghaeltacht. Ceapaim gur smaoineamh maith é deontas nó scéim scoláireachtaí a bhunú a chabhródh le daoine freastal ar na coláistí samhraidh.”

“Tá sé i gceist agam mo chuid Gaeilge a úsáid i nDáil Éireann chomh minic agus is féidir liom. Ní cainteoir dúchais mé, chuaigh mé ar scoil sula raibh mórán Gaelscoileanna ann agus fuair mé bunchloch láidir ann, chuir mé feabhas ar mo chuid Gaeilge nuair a d’fhreastail mé ar Choláiste Mhuire gan Smál, agus déanfaidh mé chuile iarracht an méid atá agam anois a fheabhsú agus a úsáid i dTeach Laighean.”

Barry Ward, Fine GaelDún Laoghaire 

Bhí mé mar bhall den choiste Gaeilge sa Seanad. An rud is tábhachtaí ná an Gaeloideachas, níl ach dhá Ghaelscoil sa Dáilcheantar anseo, tá cinn eile sa Dáilcheantar in aice linn [Baile Átha Cliath Ráth an Dúin], agus bhí Gaelscoil Laighean anseo againn ach fuair mé suíomh dóibh i nDáilcheantar eile agus bhog siad ann. Tá Gaelscoil againn sa Bhaile Breac agus ar ndóigh tá Scoil Lorcáin ann ach tá níos mó Gaelscoileanna ag teastáil sa Dáilcheantar féin. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil i nDún Laoghaire ná mar atá in aon Dáilcheantar eile taobh amuigh den Ghaeltacht, agus tá an-bhrú ar Scoil Lorcáin.

Tá níos mó Gaelcholáistí ag teastáil freisin. Tá Coláistí Eoin agus Íosagáin ann. Tá coláiste nua le bunú i gCoill na Silíní, ach an tslí ina bhféachann an Roinn Oideachais ar an bpátrúnachas le coláiste nua a bhunú ná go ndéantar suirbhé ar mhuintir na háite. Nuair atá Gaeilgeoirí i gceist bíonn siad scaipthe níos forleithne ná na daoine a bhíonn ag labhairt Béarla. Mar sin má dhéantar suirbhé i gCoill na Silíní amháin ní bhfaighidh tú freagra ceart ar an éileamh atá ar Ghaelcholáiste sa mhórcheantar. Tá an-bhrú ann Gaelcholáiste a chur san áit sin go háirithe agus bheadh daoine i mBré agus in áiteanna eile sásta dul go Coill na Silíní ach ní bheidh siad san áireamh sa suirbhé.”

Caithfimid tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta leanacht ar aghaidh ina gcónaí sa Ghaeltacht. Is as Gaillimh do mo mhuintir agus tá an-aithne agam ar Ghaillimh agus ar an nGaeltacht ansin. Ba cheart deontas a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta má bhíonn siad ag labhairt Gaeilge i bhfírinne. Bhí mé in Oileáin Árann an bhliain seo caite, agus bhí beirt as Inis Mór ag obair sa bhialann agus iad ag labhairt Béarla le chéile agus bhí an-díomá orm faoi sin. Má tá muintir na Gaeltachta ag labhairt Gaeilge agus ina gcónaí sa Ghaeltacht, caithfidh muid tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Bhí mé ag labhairt le duine a bhfuil start-up aige sna Forbacha, agus ba cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do dhaoine mar sin. Má tá daoine chun eagraíocht ghnó a chur ar siúl i gceantar Gaeltachta, caithfimid tacaíocht a thabhairt dóibh – go háirithe má tá siad ag labhairt Gaeilge sa ghnó sin.”

Labhraím Gaeilge sa bhaile, tá roinnt Gaeilge ag mo bhean chéile, agus labhraím Gaeilge amháin le m’iníon. Úsáidim an Ghaeilge go minic sa Seanad agus úsáidfidh mé go minic sa Dáil í.”

Barry Heneghan, Neamhspleách, Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

An rud is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh faoi láthair ná Gaelscoil Reachrann i nDomhnach Míde. Níl foirgneamh ann le ceithre bliana is fiche anuas agus tá na daltaí tar éis a bheith sna foirgnimh réamhdhéanta, foirgnimh atá fuar agus a bhfuil braon anuas iontu. Sin é an rud is mó faoi láthair, ach bhí mé ag caint le go leor cainteoirí Gaeilge i mo Dháilcheantar agus tá go leor comhairle tugtha acu dom faoi rudaí is gá a dhéanamh leis an teanga a neartú sa cheantar. Ba mhaith liom go mbeadh Gaelscoil nua ar fad sa cheantar ach sin ceist eile – an rud is tábhachtaí i láthair na huaire ná foirgneamh ceart do Ghaelscoil Reachrann.

Níl aon cheantar Gaeltachta i mo Dháilcheantar féin ach bím ag smaoineamh faoi gach duine sa Ghaeltacht. Tá go leor Gaeilgeoirí sa Dáil anois agus beidh muid ag troid ar son na ndaoine sa Ghaeltacht. Níl aon pholasaí agam i leith na Gaeltachta faoi láthair mar ní as an nGaeltacht mé, ach beidh mé ag éisteacht le muintir na Gaeltachta. Caithfidh tú a bheith ag éisteacht leis na daoine atá ina gcónaí ann agus breathnú ar na rudaí atá tábhachtach dóibhsean.

Fág freagra ar 'Foirgneamh do Ghaelscoil Reachrann, tithíocht sa Ghaeltacht, agus tacaíocht do ghnó na Gaeltachta – mianta na dTeachtaí Dála nua'

  • Fergus na Foghraíochta

    Labhairigí i nGaeilge nó go dátheangach faoi gach ábhair ar urlár na Dála.

    Ná leanaigi an nós sprionlaithe seanbhunaithe i dTeach Laighean agus an Ghaeilge a thógaint amach uair amháin sa bhliain le linn Seachtain na Gaeilge as an seanchófra sin thíos sa siléar ar a dtugtar “Ceremonial Heritage Symbols”.

  • Billy An Ghoirt

    Ceart ag Fergus.
    Comhionannas don Ghaeilge i ngach réimse den saol.
    Ar urlár na Dála san áireamh.

    Agus más féidir le daoine i bPairlimint na hEuropa cluasáin a chur orthu chun aistriúcháin a chloisteáil, is féidir leis na TDanna in Éirinn é sin a dhéanamh freisin.

    Tá sé drochbhéasach GAN é a dhéanamh dáiríre, mar cuireann sé brú ar chainteoirí Gaeilge Béarla a labhairt. Ní bhíonn náire ar bith orthu.