Foireann na hÉireann ar thóir díoltais i gcoinne na Seapáine

Ábhar ceiliúrtha é an Staid Aviva a bheith ar oscailt do lucht leanúna arís den chéad uair le bliain go leith anuas

Foireann na hÉireann ar thóir díoltais i gcoinne na Seapáine

Caelan Doris. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tráthnóna inniu cuirfidh foireann shinsearach rugbaí na tíre seo fáilte roimh fhoireann na Seapáine chuig Staid Aviva. Cluiche dúshláin é seo a imreofar os comhair 3,000 duine. Ábhar ceiliúrtha é an staid a bheith ar oscailt do lucht leanúna arís den chéad uair le bliain go leith anuas agus, seachas cúpla duine fánach, is ag tacú le foireann na hÉireann a bheas a bhformhór. Fágann sin gur díoltas a bheas ar a n-intinn agus iad ag machnamh ar imeachtaí Mheán Fómhar 2019 nuair a chas na foirne seo ar a chéile go deireanach, tráth a bhfuair an tSeapáin, foireann an bhaile an lá sin, an lámh in uachtar (19 – 12) orainn sa gCorn Domhanda. Chinntigh an toradh sin gur i gcoinne na nAll Blacks a d’imir Éire sna babhtaí ceathrú ceannais, cluiche a chuir deireadh lenár gcuid iarrachtaí sa gcomórtas sin. Ní iontas ar bith dá bhrí sin go mbeidh muid ar thóir díoltais inniu agus ní bheidh sé éasca é sin a bhaint amach.

D’imir an tSeapáin i gcoinne na Leon an Satharn seo caite, cluiche a chaill siad 28 in aghaidh 10 ach léirigh siad scil mhaith agus thug taispeántas breá uathu ar imirt chrua.  Is cinnte go ndearna Andy Farrell neart anailíse ar fhíseán an chluiche sin agus é ag réiteach le foireann atá réasúnta nua a chur chun páirce.

Fágann sin toradh an chluiche seo i mbaol ach ní dóigh gur aon ábhar imní é sin mar den chéad uair ó fuair Farrell cúram an bhainisteora tá sé ag úsáid cluichí dúshláin ar bhealach ceart. Tá sé ag tapú na deise seans a thabhairt d’ógánaigh atá gan aon taithí nó ar bheagán taithí imirt ag an leibhéal idirnáisiúnta. Idir imreoirí atá ag tosú nó ar an mbinse, tá deichniúr imreoirí a bhfuil níos lú ná dhá chaipín déag idirnáisiúnta acu roghnaithe ag Farrell. Ní hamháin sin ach an t-aon chaipín amháin atá ag beirt, Craig Casey agus Shane Daly, agus seo an chéad deis riamh ag Gavin Coombes imirt ag an leibhéal seo.

Fós féin, níl aon easpa imreoirí a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu ag dul chun páirce, imreoirí a thabharfaidh treoir agus misneach don dream óg. Beidh brú damanta ar imreoirí sinsearacha ar nós Peter O’Mahony, Josh van der Flier agus captaen na foirne, James Ryan.  Sin ráite, ní foireann lag atá ag dul chun páirce ar son na hÉireann agus tá Joey Carbery ag filleadh freisin.  Is cinnte gur ábhar dóchais é seo go háirithe agus seachtar ar iarraidh de bharr iad a bheith leis na Leoin agus cúpla imreoir chéad rogha ar iarraidh de bharr gortuithe.

Tá mise ag súil le cluiche oscailte ar ardluas agus go mbeidh bua ag an bhfoireann baile. Má chailleann siad, ní bheidh mórán díomá orm, chomh fada agus go dtabharfaidh siad taispeántas dearfach a bheidh ina údar misnigh againn don todhchaí.

Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ar thóir díoltais i gcoinne na Seapáine'