Foireann ar an tairseach

Agus Jim McGuinness éirithe as, gach seans gur réabhlóid seachas éabhlóid eile atá ag teastáil ó Dhún na nGall

Rory Gallagher agus Jim McGuinness ©INPHO/Cathal Noonan
Rory Gallagher agus Jim McGuinness ©INPHO/Cathal Noonan

Cé go rabhadar i ngiorracht ionga den gcomhscór i gcluiche ceannais na hÉireann roinnt seachtainí ó shin, tá na comharthaí sóirt ann go mb’fhéidir go bhfuil an braon deireanach sniogtha ag Jim McGuinness as an mbuíon imreoirí seo a bhfuil oiread tugtha acu dá gcontae le ceithre bliana anuas.

Dob é McGuinness féin a dúirt dhá bhliain ó shin gurb iad an fhoireann leis an gcóras is fearr a bhuann cluichí móra ach i gcás dhá fhoireann nach bhfuil aon ní eatarthu agus a fhanann dílis dá gcórais, beidh rith an ráis leis an bhfoireann a bhfuil níos mó imreoirí maithe acu.

Ba dhóigh leat gur theoiric an-neafaiseach í sin chun scéala cluiche ceannais na hÉireann a insint ach b’fhéidir go bhfuil mórán le foghlaim ón gcinneadh a dhein Jim McGuinness ag tús na míosa gan leanúint ar aghaidh mar bhainisteoir.

B’fhéidir go bhfacthas dó sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne Ard Mhacha go raibh foirne eile ag teacht i dtír ar an múnla a bhí chomh rúndiamhrach sin dhá bhliain ó shin.

Le barr dánaíochta agus mór is fiú, níor taibhsíodh d’Áth Cliath sa chluiche leathcheannais gurbh fhiú an iomarca machnaimh a dhéanamh ar stíl Dhún na nGall.

Ach arís ins an chluiche ceannais, b’fhéidir go raibh sé soiléir d’éinne a bhí toilteanach léamh ceart a dhéanamh ar an gcluiche seachas bheith ag caitheamh anuas ar chaighdeán na himeartha féin, go raibh Eamonn Mac Muiris agus a fhoireann tar éis dul amach ar stíl agus ar mheoin na gConallach.

Bhí léite orthu agus nuair ab ionann an dá chur chuige, bheadh an bua ag na himreoirí ba lú a dhéanfadh botúin.

Pé léamh atá anois againn ar an scéal, is léir gur foireann ar an dtairseach iad foireann Dhún na nGall agus is cinnte nach gcabhróidh an tarrac a deineadh oíche Déardaoin seo caite le comharbha Jim McGuinness agus é ag iarraidh an méid a baineadh amach le ceithre bliana a dhaingniú agus forbairt a dhéanamh ar chur chuige nua.

Le Dún na nGall sa taobh céanna le hArd Mhacha, Tír Eoghain, Doire agus an Dún, beidh mórán clathacha le cur díobh ag Dún na nGall i 2015 chun craobh Uladh a bhaint amach agus chun bheith ar comhchéim leis an méid a bhain McGuinness amach i dtrí bliana as na ceithre bliana a raibh ceannas aige ar an bhfoireann.

Tá cúis misnigh agus dóchais i ndéine na himeartha i gcraobh Dhún na nGall le coicíos anuas agus is léir go bhfuil an goile fós ag cuid mhaith des na saighdiúirí a chuaigh chun páirce i ngeansaí an chontae i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ach tá, mar a dúrt i dtosach, éachtaintí eile ann a déarfadh go bhfuil sniogadh déanta ar chuid eile.

Tá Gaoth Dobhair cloíte, Cill Chartha buailte agus an chuma ar an scéal go mb’fhéidir go bhfuil, ar a laghad, beirt imreoirí eile (Colm McFadden agus Rory Kavanagh) ag fanacht le deireadh na craoibhe contae sara gcífear cá mbeidh a dtriall an bhliain seo chughainn.

Deineadh cinneadh mór, cróga, misniúil agus fadradharcach nuair a ceapadh McGuinness i ndeireadh na bliana 2010.

Bhí dearcadh ag fear na nGleanntach a bhí bun os cionn le gach dar dtáinig roimis agus bhí an misneach aige leanúint ar aghaidh ag iarraidh a fhís a chur i gcrích, beag beann orthu siúd a bhí á leagadh laistigh agus lasmuigh den gcontae.

Ní bheidh a leithéid arís ann agus b’fhéidir nár cheart bheith á chuardach.

Is é bainisteoir Chill Chartha, Rory Gallagher, atá luaite go láidir leis an gcúram le tamall anuas ach tá Gary McDaid ó Ghleann tSúilí san áireamh, chomh maith le leithéidí Damien Diver.

Tá cinneadh mór eile le déanamh ag an mbord a cheapfaidh bainisteoir nua. Dhéanfadh aon duine den dtriúr atá luaite agam an cúram go slachtmhar agus gach seans gur éabhlóid eile a bheadh i ndán don mbuíon imreoirí faoina gcúram.

Tá gach seans leis ann, áfach, gur réabhlóid atá ag teastáil.

An bhfuil an toil ann dó san?