Deir an Rialtas gur luath sa bhliain nua a fhoilseofar treoirlínte nua maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.
Táthar ag súil gur i mí Eanáir a fhoilseofar na treoirlínte, a deir an tAire Stáit Peter Burke, atá freagrach as cúrsaí pleanála agus rialtais áitiúil.
Tá daoine ag fanacht le fada leis na treoirlínte a gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien ar dtús i bhfómhar na bliana seo caite. Tá frustrachas ar pholaiteoirí agus gníomhaithe teanga toisc an sprioc d’fhoilsiú na dtreoirlínte a bheith curtha siar arís agus arís eile ag a Roinn.
Dúirt an tAire O’Brien ar dtús go bhfoilseofaí na treoirlínte roimh dheireadh 2021 ach nuair a sáraíodh an sprioc sin, tugadh le fios gur sa chéad ráithe de 2022 a chuirfí iad faoi bhráid an phobail. Tháinig agus d’imigh an t-earrach gan na treoirlínte a bheith foilsithe. Dúradh san fhómhar gur roimh dheireadh 2022 a d’fhoilseofaí iad ach tá dáta a bhfoilsithe curtha siar anois den tríú huair.
Deir an tAire Stáit Peter Buke go bhfuil na treoirlínte críochnaithe ag oifigigh óna Roinn féin agus ó Roinn na Gaeltachta ach go gcaithfear measúnacht timpeallachta a dhéanamh orthu sular féidir iad a chur os comhair an phobail mar chuid den chomhairliúchán poiblí.
“Is ann do na treoirlínte, tá siad ann go fisiciúil ach caithfear scagadh a dhéanamh orthu le haghaidh measúnacht chuí,” a dúirt an tAire Stáit Burke mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Catherine Connolly.
“Bíonn riachtanais nach beag i gceist le cáipéisí a thabhairt chun cinn do chomhairliúchán poiblí agus caithfear déanamh cinnte go bhfuil na measúnachtaí timpeallacha sin déanta mar, mura bhfuil, tá baol mór ann amach anseo ó thaobh agóidí a dhéanamh.”
Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go raibh pobal na Gaeltachta “ag fanacht le fada an lá” ar fhoilsiú na dtreoirlínte.
“Ardaíonn chuile thoscaireacht a thagann os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an cheist agus aon uair a bhíonn muid ag taisteal ar fud na tíre,” a dúirt Connolly.
Tá na treoirlínte nua le foilsiú faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Faoin alt sin, tá sé de chumhacht ag an Aire treoirlínte a eisiúint do na húdaráis phleanála.
Tá geallta cheana ag an Aire Darragh O’Brien go dtabharfar isteach ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht mar chuid den bheartas nua.
Deirtear go dtabharfar isteach freisin scrúdú líofachta nua do dhaoine a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin. Tá éiginnteacht ann maidir le cé a chaithfeadh an scrúdú sin a dhéanamh, áfach, agus é ráite go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.
Tá cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht ag déanamh imní do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le tamall fada agus é á mhaíomh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta i mbaol toisc a dheacra is a bhíonn sé ag muintir na háite tithíocht a fháil ina gceantar féin agus toisc nach dtugtar cosaint mar ba cheart don teanga sa chóras pleanála.
Risteárd
Cheapfá nach raibh an teanga ar cheann de thosaíochtaí an rialtais.