Fógraíocht in Ultais ceadaithe ag comhairle a vótáil i gcoinne comharthaí Gaeilge

Vótáil Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach dhá mhí ó shin ar son polasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide, ach chuir siad in áit an mhí seo potaí plandaí nua a bhfuil Ultais orthu

Pictiúr: RTÉ

Tá fógraíocht in Ultais ceadaithe ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ar photaí plandaí sa cheantar sin, in ainneoin gur vótáil baill na comhairle dhá mhí ó shin ar son polasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide sa cheantar.

Dhiúltaigh an chomhairle an uair sin d’iarratas ó Chumann Áitritheoirí Abbeyville go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu.

Tá sé i gceist anois ag grúpa Gaeilge sa cheantar, Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, gearán a dhéanamh le Coimisiún Comhionannais an Tuaiscirt.

Ag labhairt di leis an Belfast Telegraph, dúirt Cáit Ní Ruanaidh ó Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach gur léirigh an tacaíocht don Ultais ar na potaí plandaí i mbaile Aontroma “fimíneacht” na comhairle i leith cúrsaí teanga.

“Comhghairdeachas do lucht labhartha na hUltaise in Aontroim. Is iontach an rud é go bhfuil a dteanga á cur chun cinn ag an gComhairle. Mar sin féin, is mór an náire é go bhfuil na cearta céanna á séanadh ar Ghaeilgeoirí an cheantair.

“Fimíneacht ar a laghad atá i gceist agus le fírinne is seicteachas amach is amach atá ann. Labhraíonn daoine as gach cúlra polaitiúil an Ghaeilge, agus is amhlaidh a dhéanann iompar seo Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach polaitiú ar an nGaeilge. Chomh maith leis sin, lagaíonn sé an caidreamh idirphobail trí malairt rialacha a chruthú agus trí dheamhain a dhéanamh de phobal na Gaeilge,” a dúirt Cáit Ní Ruanaidh ó Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach.

Dúirt Ní Ruanaidh nach ar mhaithe le cur i gcoinne na hUltaise a bhí an grúpa ach ag lorg a ceart don Ghaeilge.

“Ní ar an ionsaí atáimid ná ní theastaíonn uainn cinsireacht a dhéanamh ar theanga duine ar bith eile, ach beidh gearán á chur againn faoi bhráid na comhairle agus an Choimisiúin Comhionannais. Creidimid go bhfuil na rialacháin chomhionannais á sárú ag an gComhairle.”

Dúirt urlabhraí thar ceann na Comhairle gur brandáil nua ar an ‘gCeathrú Ultaise’ a bhí i gceist leis na fógraí Ultaise ar na potaí plandaí i mbaile Aontroma agus gur ceadaíodh an togra ag cruinniú den chomhairle i Márta 2017, sula ndearna cinneadh i mí Feabhra na bliana seo go mbeadh polasaí ‘Béarla amháin’ ag an gComhairle.

“Ní raibh aon vóta faoin scéal ag cruinniú an Mhárta 2017 agus níor chuir aon duine ina choinne.

“Ba í Gníomhaireacht na hUltaise a bhí in ainm is an togra a chur i gcrích, ach de bharr roinnt moille níor tharla sé go dtí níos túisce an mhí seo,” a dúirt urlabhraí na Comhairle.

Mar a tuairiscíodh anseo an mhí seo caite, tá aighneacht curtha ag an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ina moltar “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Sa litir, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, deir an CAJ nach ceadmhach de réir conarthaí idirnáisiúnta d’údaráis áitiúla polasaí ‘Béarla amháin’ a bheith acu i dtaobh comharthaíocht sráide agus gur cheart polasaí eile a thabhairt isteach a aithníonn “dualgais dhlíthiúla na Comhairle”. 

Tagraítear sa litir d’Airteagal 7 (2) den Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, a chuireann cosc ar ‘shrianta dochosanta’ a chuirfeadh bac ar fhorbairt mionteangacha. Tagraítear freisin d’Airteagal 7 (4) den Chairt chéanna a deir gur cheart mianta agus riachtanais lucht labhartha mionteangacha a chur san áireamh nuair a bhíonn polasaithe á gceapadh.

Deirtear sa litir go bhfuil sé de dhualgas ar an chomhairle ‘gníomh láidir’ a dhéanamh ar leas na Gaeilge agus na hUltaise, cé go moltar na riachtanais éagsúla a bhíonn acu a chur san áireamh.

Fág freagra ar 'Fógraíocht in Ultais ceadaithe ag comhairle a vótáil i gcoinne comharthaí Gaeilge'