Eagraíocht chearta daonna ag fanacht ar fhreagra faoi pholasaí ‘Béarla amháin’ ag comhairle áitiúil

Mhol an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste do Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide

Eagraíocht chearta daonna ag fanacht ar fhreagra faoi pholasaí ‘Béarla amháin’ ag comhairle áitiúil

Tá aighneacht curtha ag an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ina moltar “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Ag cruinniú a bhí ar siúl ag deireadh na míosa seo caite, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ar son polasaí nua a thabhairt isteach a d’fhágfadh nach mbeadh cead ach comharthaí sráide i mBéarla amháin a chrochadh sa cheantar.

Sa litir, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, deir an CAJ nach ceadmhach de réir conarthaí idirnáisiúnta d’údaráis áitiúla polasaí ‘Béarla amháin’ a bheith acu i dtaobh comharthaíocht sráide agus gur cheart polasaí eile a thabhairt isteach a aithníonn “dualgais dhlíthiúla na Comhairle”.

Tagraítear sa litir d’Airteagal 7 (2) den Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, a chuireann cosc ar ‘shrianta dochosanta’ a chuirfeadh bac ar fhorbairt mionteangacha. Tagraítear freisin d’Airteagal 7 (4) den Chairt chéanna a deir gur cheart mianta agus riachtanais lucht labhartha mionteangacha a chur san áireamh nuair a bhíonn polasaithe á gceapadh.

Deirtear sa litir go bhfuil sé de dhualgas ar an chomhairle ‘gníomh láidir’ a dhéanamh ar leas na Gaeilge agus na hUltaise, cé go moltar na riachtanais éagsúla a bhíonn acu a chur san áireamh.

Moltar chomh maith d’údaráis phoiblí ó thuaidh a bhíonn ag plé le ceist na teanga dul i gcomhairle le Foras na Gaeilge agus le Gníomhaireacht na hUltaise. Cé gur seoladh litir CAJ nach mór coicís ó shin níl aon fhreagra tugtha uirthi fós ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach.

Vótáil an Chomhairle an mhí seo caite i gcoinne iarratas ó Chumann Áitritheoirí Abbeyville go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu.

Le linn an phlé i gComhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach faoin iarratas ar na comharthaí Gaeilge, mhol ceannasaí an DUP sa Chomhairle Phillip Brett go mbeadh polasaí ‘Béarla amháin’ i bhfeidhm maidir le comharthaí sráide agus thacaigh ceannasaí an UUP sa Chomhairle leis an moladh sin. 

Chuir an comhairleoir de chuid an DUP Thomas Hogg fáilte roimh an gcinneadh glacadh le “polasaí Béarla amháin”.

“Bheadh amhras orm faoi chuspóirí na ndaoine a rinne an achainí seo agus creidim gur iarracht a bhí ann geiteo a dhéanamh den cheantar. Tá daoine an-trína chéile mar gheall ar an mbeart seo agus chuir sé isteach go mór ar an dea-chaidreamh a bhí i measc an phobail in Abbeyville le blianta fada.

“Cuirim fáilte roimh chinneadh na Comhairle mar bua atá ann don stuaim agus don mheasarthacht,” a dúirt an Comhairleoir Thomas Hogg.

Dúirt Leas-Stiúrthóir CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie, áfach, gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sé.

“Cuireadh deireadh i 1995 leis an seandlí de chuid Stormont a chuir cosc ar an nGaeilge – níl sé dleathach anois ag Comhairle cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha i ngach cás, beag beann ar dhearcadh na n-áitritheoirí ar an tsráid atá i gceist.

“Bheadh aon pholasaí dá leithéid ag teacht salach ar chonarthaí maidir le cearta daonna a shínigh an Ríocht Aontaithe le Comhairle na hEorpa agus ar na gealltanais a tugadh i dtaobh na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ.

Fág freagra ar 'Eagraíocht chearta daonna ag fanacht ar fhreagra faoi pholasaí ‘Béarla amháin’ ag comhairle áitiúil'

  • file

    ‘eagraíocht ceart daonna’, nach sin an leagan ceart?