Fogha eile tugtha ag McGinley faoin Rialtas maidir le cúrsaí teanga

McGinley míshásta nár comhlíonadh geallúintí faoi reachtaíocht teanga agus é ag ceistiú an Tánaiste sa Dáil inniu

An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland
An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá fogha eile tugtha ag Iar-Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, faoin Rialtas maidir leis an moill a bhaineann le foilsiú na reachtaíochta a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangach Oifigiúila.

Cheistigh an Teachta Dála ó Fhine Gael an Tánaiste Joan Burton faoin scéal sa Dáil inné.

“Mar atá a fhios ag an Tánaiste, tá sé ceithre bliana anois ó foilsíodh clár reachtaíochta an Rialtais. Sa chlár reachtaíochta sin, bhí geallúint tugtha go dtabharfaí isteach Bille le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

“Fuaireamar geallúintí go leor sa Dáil le bliain nó dhó anuas go mbeadh an Bille seo ag teacht isteach. Táimid ag druidim le deireadh téarma eile Dála an tseachtain seo chugainn. An bhféadfadh an Tánaiste a insint dom agus don Teach cén uair gur féidir linn a bheith ag siúl go dtabharfar isteach an Bille seo?” a dúirt McGinley.

Thug an Tánaiste le fios go mbeadh “an Bille os comhair na Dála an seisiún seo”.

Seo an tríú huair le roinnt míonna anuas gur thug Dinny McGinley fogha faoin Rialtas faoina bpolasaí Gaeilge.

Bhí an Taoiseach faoi bhrú aige sa Dáil roimh Nollaig anuraidh faoi theip an Rialtais an reachtaíocht teanga a fhoilsiú mar a bhí geallta.

Thug Enda Kenny le fios an uair sin go bhfeicfí an Bille sa Dáil “go luath i mí Eanáir” na bliana seo.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie i mí Eanáir, dúirt an tIar-Aire Gaeltachta go raibh an Rialtas ag “tarraingt na gcos” maidir leis an gcóras nua a thug sé féin isteach in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge sa státseirbhís.

Tá breis agus trí bliana ann ó cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Fág freagra ar 'Fogha eile tugtha ag McGinley faoin Rialtas maidir le cúrsaí teanga'