Foclóir.ie le seoladh mar aip an mhí seo

Tá leagan aipe den suíomh Foclóir.ie le seoladh an mhí seo agus ábhar An Foclóir Beag le cur leis an suíomh

Foclóir cropped

Beidh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge le fáil mar aip roimh dheireadh na míosa seo, agus é in oiriúint do ghléasanna Apple agus Android. Tá an méid sin deimhnithe ag urlabhraí de chuid an fhoclóra do Tuairisc.ie.

Tá formhór an Fhoclóra nua Béarla-Gaeilge ar líne anois, agus táthar ag súil go mbeidh an 20% d’ábhar atá fós le críochnú curtha leis an suíomh faoi dheireadh na bliana.

Dúradh freisin go mbeidh ábhar An Foclóir Beag, foclóir póca Gaeilge-Gaeilge, á chur leis na hacmhainní atá ar líne cheana féin agus go ndéanfar sin le linn mhí Dheireadh Fómhair.

Chuir Ollscoil Luimnigh leagan digiteach den Fhoclóir Beag ar fáil sa bhliain 2003 ach leanfaidh an leagan seo an múnla atá in úsáid ag tionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge cheana féin d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe.

Cruthaíodh suíomh nua, teanglann.ie, do na leaganacha digiteacha sin i mí Feabhra na bliana seo.

Tá táirge nua curtha ar fáil saor in aisce ar teanglann.ie le cúpla lá anuas freisin. Is féidir anois na comhaid ghramadaí go léir atá ar an suíomh a íoslódáil mar aon le bogearra darb ainm Gramadán.

Is ar lucht ríomhaireachta agus ar bhainisteoirí gréasáin den chuid is mó atá an bunachar seo dírithe agus beidh siadsan in ann na comhaid ghramadaí Gaeilge a chur le táirgí ríomhaireachta dá gcuid féin. Tá eolas gramadaí sa bhunachar d’os cionn 15,000 focal Gaeilge agus táthar ag cur leis an méid sin go rialta.

Beidh an aip nua den fhoclóir ar fáil ar an Appstore agus Play Store roimh mhí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Foclóir.ie le seoladh mar aip an mhí seo'

  • Shane

    Bhí mé idir dhá chomhairle faoinn Collins-Foclóir GA acheannach le tamaill beag anuas anois – mar gheall an an bpraghas.
    €11.99 san Appstore (gearmáineach).

    Cen praghas a bheas ar an hceann nua?