‘Fix’ nua faisin ar fáil ó Amazon…

Bróga agus málaí amháin atá i gceist san iarracht nua seo ón suíomh gréasáin cáiliúil

‘Fix’ nua faisin ar fáil ó Amazon…

Ba mar dhíoltóir leabhar a thosaigh an comhlacht Amazon ar dtús báire ach níl teorainn ar bith leis an gcineál ábhair gur féidir a cheannach ar an suíomh gréasáin cáiliúil anois. D’fhógair siad le gairid go bhfuil forbairt bhreise á déanamh acu ar an rogha earraí faisin atá ar díol acu.

Baineann na hearraí seo le branda pearsanta dá gcuid féin atá seolta acu ar a dtugtar ‘The Fix’. Is bróga agus málaí faiseanta amháin atá i gceist ag an bpointe seo. An modh oibre atá ag Amazon sa chás seo ná go roghnaíonn siad táirgí ó dhearthóirí cáiliúla agus faigheann siad cóipeanna déanta ar phraghsanna i bhfad níos saoire. Ciallaíonn sin go bhfuil na stíleanna is nua agus is faiseanta acu agus iad ag súil go mbeidh éileamh ag an bpobal orthu mar gheall ar na praghsanna a bheith chomh saor sin. Idir €50 agus €150 a bheidh formhór na dtáirgí faoi bhranda nua seo Amazon.

Fuair an rogha earraí atá curtha le chéile acu faoi bhranda ‘The Fix’ cuid mhaith moladh ó nuachtáin agus irisí faisin. Dúirt an New York Post mar shampla amháin gur ‘chic steals’ a bhí sna bróga agus sna málaí ag Amazon.

Tá difríocht shuntasach amháin sa chur chuige atá ag Amazon i gcomparáid leis na dearthóirí cáiliúla. Ní ar bhonn séasúrach a bheidh táirgí nua á gcur le branda ach ar bhun míosúil; baineann sin leis an gcoincheap ar a dtugtar ‘fast fashion’.

Ag an tráth seo caithfidh tú a bheith i do bhall de Amazon Prime le bheith in ann teacht ar na hearraí seo. Cosnaíonn ballraíocht sa gclub sin £7.99 sa mhí nó £79 sa bhliain.

Tá buntáistí le ballraíocht in Amazon Prime i Meiriceá, sa Bhreatain agus in áiteanna eile mar go ndéantar earraí a sheachadadh níos sciobtha, laistigh de 24 uair an chloig i gcónaí. Níl an tseirbhís chéanna sin le fáil sa tír seo, áfach, ach is gá ballraíocht in Amazon Prime le gur féidir earraí faisin ón mbranda ‘The Fix’ a ordú anseo. Tiocfaidh siad chugat sa bpost ach ní bheidh an luas céanna faoin tseirbhís agus a bhíonn in áiteanna eile.

Is deacair a rá ag an tráth seo an ndéanfaidh an fhorbairt nua seo ag Amazon athrú mór ar nósanna siopadóireachta lucht faisin ach is cinnte gur rogha bhreise é.

Seo dhá phéire bróg agus dhá mhála a thaitin liom féin ón rogha nua ag Amazon.

Cuaráin ar a dtugtar Brystal ar chostas $69

 

Miúil ar a dtugtar Belle ar chostas $75

 

Mála ciorclach ar a dtugtar Hampton ar chostas $99

 

 

Mála svaeid ar a dtugtar Joni ar chostas $119

Fág freagra ar '‘Fix’ nua faisin ar fáil ó Amazon…'